Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 le Craobhchomórtas Náisiúnta Dornálaíochta Scothaicme IABA na hÉireann a chraoladh Dé Sathairn (23 Feabhra)
Déanfar an 18 dtroid a chraoladh Beo ar YouTube chomh maith le hiad a chraoladh beo ar phríomhchainéal TG4 ón 8:45pm go 11:05pm

TG4 le Craobhchomórtas Náisiúnta Scothaicme Dornálaíochta chraoladh Dé Sathairn

20.02.19

Déanfar an 18 dtroid a chraoladh Beo ar YouTube chomh maith le hiad a chraoladh beo ar phríomhchainéal TG4 ón 8:45pm go 11:05pm

Déanfaidh TG4 Craobhchomórtais Náisiúnta Dornálaíochta Scothaicme IABA na Éireann a chraoladh as an Staid Náisiúnta i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn. Déanfar an ocht dtroid déag a chraoladh ar shuíomh YouTube TG4 chuig lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain. Taispeánfar na Craobhchomórtais freisin ar phríomhchainéal líneach TG4 ón 8:45 ar aghaidh.  Is é Micheál Ó Domhnaill a chuirfidh an craoladh beo ar Chraobhchomórtais Náisiúnta Dornálaíochta Scothaicme Sinsear IABA na hÉireann i láthair.  Beidh Andy Lee, Kenneth Egan, Darren O’Neill agus Seán Bán Breathnach i measc na dtráchtairí.  Is é Cárthach Bán Breathnach a bheidh i mbun tráchtaireachta ar chainéal YouTube TG4. Nemeton TV atá lonnaithe i bPort Láirge a léireoidh an craoladh beo.

Rachaidh plúr na ndornálaithe in Éirinn in aghaidh a chéile Dé Sathairn i gcomórtais na bliana seo, bliain a bhfuiltear ag ceiliúradh 80 bliain ó osclaíodh an Staid Náisiúnta go hoifigiúil in 1939.  Troidfidh seaimpín Scothaicme AIBA an Domhain Kellie Harrington, a bhuaigh bonn óir ag Craobhchomórtais Dhomhanda Dhornálaíocht na mBan 2018 freisin san oíche Dé Sathairn.   Is í Jelena Jelic as an tSualainn a céile comhraic sa mbabhta idirnáisiúnta.

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha:  “Tá ríméad ar TG4 Craobhchomórtais Náisiúnta Sinsear IABA na Dornálaíochta Scothaicme a chraoladh as an Staid Náisiúnta. Tá sé tábhachtach deis a thabhairt do lucht féachana na teilifíse saor go haer féachaint ar chuid de na dornálaithe is fearr in Éirinn. Is mór an phribhléid a bheith ag obair leis an IABA chun clúdach beo a dhéanamh ar an imeacht a bhfuil tábhacht mhór spóirt ag baint leis don tír.

Craoladh TG4 – Dé Sathairn an 23 Feabhra

  • Beo ar YouTube ón 5:45pm   –  craolfar an 18 dtroid beo ar shuíomh YouTube Spórt TG4   –  youtube.com/sporttg4
  • Beo ar phríomhchainéal TG4 ón 8:45pm go 11:05pm
    (Tá TG4 ar fáil ar gach ardán – Saorview, Sky, Virgin Media, Eircom TV)

TG4 le fáil freisin ar fud an domhain ar www.tg4.ie agus via Seinnteoir TG4 ar Aip iOS don iPhone agus iPad agus ar Aip Smart TV.

CRAOBHCHOMÓRTAIS NÁISIUNTA SCOTHAICME SINSEAR NA mBAN AGUS na bhFEAR LIFFEY CRANE 2019   –  AN STAID NÁISIÚNTA, BAILE ÁTHA CLIATH –  DÉ SATHAIRN AN 23ú FEABHRA

  • 5.45pm  Paráid Fáinne & Amhrán na bhFiann
  • 48kg – Cuilmheáchan éadrom – Chloe Fleck (Canal) V Donna Barr (Illies Golden Gloves)
  • 49kg – Cuilmheáchan éadrom – Regan Buckley (St Teresa’s) V Sean Mari (Baile an Mhanaigh, Baile Átha Cliath)
  • 75kgMeánmheáchan – Aoife O’Rourke (An Caisleán Riabhach) V Cheyanne O’Neill (Baile Átha Luain)
  • 57kg – Cleitmheáchan – Michaela Walsh (Baile na Manach Aontroma) V Dearbhla Duffy (Cromghlinn)
  • 57kg – Cleitmheáchan – Christian Cekiso (Port Laoise) V Patryk Adamus (Droimeanach)
  • 60kg – Cleitmheáchan – Dominic Bradley (Errigal) V David Oliver Joyce (Baile Munna)
  • 64kg – Marcmheáchan Sóisearach – Moira McElligot (St Michaels Baile Átha Í) V Amy Broadhurst (Dealgan)
  • 52kg – Cuilmheáchan – Evan Metcalf (Hyland BA) V Adam Hession (Muine Mheá)
  • 75kg – Meánmheáchan – Gabriel Dossen (Olympic, Gaillimh) V Emmett Brennan (Glas Naíon)
  • 80kg – Trom-mheáchan éadrom –  Leona Houlihan (Cromghlinn) V Lisa Browne (An Eaglais)
  • 91kg – Trom-mheáchan – Anthony Browne (St Michaels, Baile Átha Cliath) V Kenneth Okungbowa, Baile Átha Luain)
  • 51kg – Cuilmheáchan – Carly McNaul (Holy Family Golden Gloves) V Niamh Early (Ryston)
  • 63kg – Marcmheáchan sóisearach–  James McGivern (St Georges) V George Bates (St Marys, Baile Átha Cliath)
  • 69kg – Marcmheáchan – Christina Desmond (Fr Horgans) V Grainne Walsh (Spartacus)
  • 81kg – Trom-mheáchan éadrom – Thomas O’Toole (Celtic Eagles) V Tommy Hyde (Mayfield)
  • 69kg – Marcmheáchan –  Kieran Molloy (Uachtar Ard) V Patrick Donovan (Our Lady of Lourdes)
  • 60kg – Marcmheáchan – Kelly Harrington (St Mary’s) V Jelena Jelic (An tSualainn)  (Babhta Idirnáisiúnta)
  • 91+kg – Trom-throm-mheáchan – Dean Gardiner (Cluain Meala) V Martin Keenan (Ráth Caola)

Breis Eolas:

Rónán Ó Coisdealbha, Eagraí Spóirt TG4 – sport@tg4.ie, 087 2472841

Cuir aithne orainn: