Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Seo scéal a phléann le deasghnátha an bháis ach in aineoinn an bhróin thabharfadh an clár faisnéise seo ardú meanma don lucht féachana. Fuarthas an rochtain ar leith le bheith i gcuideachta Sheosaimh Uí Conchúir, iarbhainisteoir Chonradh na Gaeilge, ar a laethanta deireanacha sa saol seo agus le turas a theaghlaigh a leanúint.

Turas pearsanta atá sa gclár seo faoi Sheosamh Ó Conchúir ar a chuid laethanta deireanacha ar an saol

08.04.19

Déanann Stiúrthóir an chláir, Mairéad Ní Thréinir, scannánú le Seosamh in Ospís Naomh Muire áit ar chaith sé na laethanta deireanacha dá shaol. Meabhraíonn Seosamh siar ar a shaol le gliondar ina shúile, ag éisteacht le cuid den cheol a b’ansa leis i gcuideachta a chairde is a ghaolta.

Beidh chuile dhuine in ann ionannú leis na téamaí sa chlár faisnéise seo ar leibhéal inteacht. Baineann sé le níos mó ná bás agus deasghnátha an bháis. Is faoi fhear a chaith saol iomlán comhlíonta lán é, nár thuig a luach go dtí go raibh teagmháil chrua aige lena bhásmhaireacht féin, rud a mbíonn coitianta go leor. Is faoi oidhreacht Sheosaimh atá an scannán seo.

Tugadh diagnóisiú ailse ar Sheosamh i Meitheamh 2018. Bhí sé ar an dé deiridh nuair a bhfuarthas amach agus thosaigh sé ar cóir leighis Chemo díreach ina dhiaidh. Ó shin i leith chaith sé bunús a laethanta san otharlann. I Meán Fómhair, thóg Seosamh cinneadh an-chrua le comhairle a dhoctúra agus tacaíocht a theaghlaigh gan leanúint leis an chemo. Bhog sé go hOspís Naomh Muire i gCrois Araild agus is anseo a chinn sé bheith rannpháirteach sa chlár faisnéise. Ina ghnáthbhealach féin, an t-aon cheist a bhí aige ná: “Cén fáth ar mhaith le duine scannán a dhéanamh fúmsa?”. Cuireann an cheist seo Mairéad ag gáirí de thairbhe gur léir an grá agus meas a bhí daoine fána choinne sna laethanta a tháinig ina dhiaidh sin.

Fuair Mairéad glaoch ghutháin dhá lá ina dhiaidh di tosnú ag scannánú le Seosamh óna dheartháir Philip le rá gur stop a chuid cainte agus go raibh an deireadh gar dó.  Thug sé cuireadh di dul ar ais le scannánú leis an teaghlach. Faraor gear, d’imigh Seosamh ar shlí na firinne an oíche sin. Iontach go leor, d’fhan sé go dtí go raibh a chuid deartháireacha agus deirfiúracha ar ais ina chuideachta, cuid acu a thaisteal ó thíortha i gcéin.

Leanann an scannán seo Seosamh go dtí go gcuirtear i gcré na cille é, ag meabhrú lena theaghlach agus lena chairde ag am an fhaire agus am na sochráide a bhí mothúlach agus traidisiúnta. Labhrann a theaghlach is a chairde go macánta agus go hoscailte faoina bhás agus faoina bealaí gur chuidigh na deasghnátha leo fáil trí gach lá.

Dúirt an stiúrthóir Mairéad Ní Thréinir: “An príomhaidhm a bhí agamsa ó thús na scannáníochta le Seosamh agus lena theaghlach ná a bheith mothálach agus measúil faoina mothúcháin. Baineadh stangadh asam ar chomh hoscailte agus macánta is a bhí Seosamh agus a theaghlach le linn na scannáníochta. Bhí sé iontach deacair an clár faisnéise seo a dhéanamh ar go leor leibheálacha, bheadh sé eascaí a bheith goillte, ach níor mhothaigh sé go raibh mé ag cur isteach orthu nó nach raibh fáilte romham ariamh; rud a thugann teastas ar thréithe na ndaoine seo. Seo é scéal Sheosaimh, agus is scéal é faoin bhás agus faoina deasghnátha a bhaineann le bás agus na traidisiúin in Éirinn.”

Bhí an scannán seo léirithe ag Máire Bhreathnach agus Mairéad Ní Thréinir agus is é Michael Fanning an léiritheoir feidhmiúcháin. Rinne Declan McGrath eagarthóireacht air.

Léirigh Below The Radar an scannán le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scailéain Thuaisceart Éireann.

 

Gíota ón Scéal na Beatha: https://grabyo.com/g/v/aG7x3DQnH8o


Seosamh ag canadh The City of Mullingar https://grabyo.com/g/v/yIgy8n4sYCi

Tuilleadh Eolais:
Linda Ní Ghríofa, (087)9172864 linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: