Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Toraigh: Creag Bheag i Lár na Farraige

Dé Céadaoin 20ú Samhain 21:30 ar TG4

19.11.19

Ní hé an fharraige amháin a scarann saol an oileáin ón tír mór.
Troideann pobal Thoraí, atá ar imeall na hÉireann agus na hEorpa, lena saol uathúil a chaomhnú.

Is pobal Gaeltachta í Oileán Thoraí de chúpla céad duine ar an oileán is iargúlta in Éirinn. Tá traidisiún ann ina thoghtar rí, agus tá an dualgas sin ag Patsy Dan Rodgers le beagnach 25 bliain anois. Rinneadh diagnóis ar Patsy go raibh ailse aige nuair a thosaigh an scannánaíocht, agus déanann sé machnamh ar iarrachtaí na n-oileánach chun a slí maireachtála a shábháil. Is iad Liam agus Lauren cúpla de na príomh-charachtair sa scannán. Bhí ar muintir Liam an t-oileán a fhagáil sna 70í, ach ba mhaith leis féin pilleadh, agus bheith ina chónaí ar Thoraigh le Lauren. Tá sise ag iarraidh bheith ina cónaí agus ag obair ar an oileán fosta, i ndiaidh traenáil a chríochnú mar mhúinteoir. Ach tá saol an oileáin neamhchinnte.

Is carachtar eile í Marjorie – a bhainistíonn an comharchumann. Oibríonn sí go crua, ar lorg acmhainní agus áiseanna nua le saol an oileáin a dhéanamh níos éasca. Ar bharr seo tá an conradh do bád farantóireachta Thoraí le hathnuachan – is é an ceangal laethúil atá acu chuig an tír mór, thar 9 míle den Atlantach, an dlúthcheangal idir an t-oileán agus cósta Tír Chonaill. Tá tréimhsí gheimhridh ann nuair nach féidir an bád farantóireachta trasnú ar feadh seachtainí. Nuair a fhógraítear an conradh nua, is bád i bhfad níos sine ná an bád atá ann faoi lathair atá i geist, agus tá na hoileánaigh an-bhrónach faoi agus tá siad buartha fosta go bhfuil a sábháilteacht i mbaol.

Tá roinnt oileánach ag iarraidh an fhód a sheasamh agus an bád a bhlocáil teacht isteach. Tá roinnt eile ag iarraidh comhréitigh, agus éirionn na cruinnithe pobail teasaí. Tagann scoilteanna ón am atá thart ar ais chun tosaigh, agus tríd an iomlán, tchímid meath ag teacht ar sláinte Patsy. Cailltear Patsy go measartha tobann agus é ar an tír mór le haghaidh cóir leighis. Tá a shocraid iontach mór, agus dírítear aird náisiúnta ar an oileán arís – ach fanann an scoilt ar an oileán faoi cheilt, agus amharcann Toraigh chuig todhchaí neamhchinnte. Cén dóigh ar féidir leis an phobal seo, atá ar imeall na hÉireann agus na hEorpa, saol uathúil s’acu a chaomhnú, bíodh sé le rí nua nó gan rí ar bith.

Léiriú de chuid Dhearcáin Media, TITA productions & Lugh Films do BBC Gaeilge & TG4 le tacaíocht ón Ciste Craoltóireachta Gaeilge

Seoladh an clár seo ag Oireachtas na Gaeilge ar an 1ú Samhain.
 

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086-1453527

Cuir aithne orainn: