Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sí an Nollaig í - 16 Scannáin ar TG4 an Nollaig seo

03.12.19


 
An cuimhin leat iad seo? 
Around the World in 80 Days – 23ú Nollaig 1pm
(1956, Scannán Eachtraíochta, Grinn) David Niven, Cantiflas agus Shirley MacLaine na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Michael Anderson. Nuair a chuir Phileas Fogg geall go mbeadh sé in ann dul timpeall an domhain uile in 80 lá sa bhliain 1872, thug sé faoin aistear ba mhó dá shaol. Turas a bhí lán d’eachtraí, grá, dúshláin agus radharcanna áille. Bunaithe ar shár-scéal Jules Verne.

Into the West – Lá Nollag 6:55pm 
(1992, Scannán Eachtraíochta, Fantaisíocht) Gabriel Byrne, Ellen Barkin agus Ciarán Fitzgearld na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Mike Newell. Tugann seanathair capall dá gharpháistí a choinníonn siad sa mbloc árasán ina bhfuil siad ina gcónaí i mBaile Átha Cliath. Nuair a goidtear an capall, téann na buachaillí óga ar thuras chun é a aimsiú.

Rear Window – 28ú Nollaig 1:20pm
(1954, Mistéir, Scéinséir) James Stewart, Grace Kelly agus Wendell Corey na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Alfred Hitchcock. Scannán faoi fhear i gcathaoir rothaí a bhíonn ag faire ar a chuid comharsan óna fhuinneog. Tá sé cinnte go ndearna duine acu marú.

Flight of the Doves – 29ú Nollaig 1:10pm
(1971, Dráma) Ron Moody, Jack Wild agus Dorothy McGuire na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Ralph Nelson. Bunaithe ar úrscéal le Walter Macken. Scéal faoi bheirt leanaí, ar dílleachtaí iad, atá ar a dteitheadh óna n-uncail gránna. 
 
Do na Mná:

Dirty Dancing – Oíche Nollag 11pm
(1987, Scannán Grá, Ceol) Patrick Swayze, Jennifer Grey agus Jerry Orbach na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Emile Ardolino. Samhradh na bliana 1963, tá Baby, cailín óg seacht mbliana déag, ar saoire lena teaghlach. Faigheann a cuid fiosrachta an ceann is fearr uirthi nuair a chloiseann sí ceol ag teacht ó lóistín lucht oibre an ionad saoire. Is ansin a chastar Johnny uirthi, agus titeann siad go mór i ngrá lena chéile.

As Good as it Gets – Lá le Stiofáin 10:40pm
(1997, Scannán Grinn, Grá) Jack Nicholson, Helen Hunt agus Greg Kinnear na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir James L. Brooks. Scannán faoi chairdeas a tharlaíonn gan choinne idir triúr atá an-éagsúil óna chéile nuair a dhéantar ionsaí ar dhuine acu.

Juno – 4ú Eanáir 9:45pm 
(2007, Scannán Grinn, Dráma) Ellen Page, Michael Cera agus Jennifer Garner na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Jason Reitman. Déanann bean óg atá ag súil le páiste gan choinne cinneadh neamhghnách. 

A Star is Born – 3ú Eanáir 1pm
(1937, Dráma) Is iad Janet Gaynor, Fredric March agus Adolphe Menjou na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir William A. Wellman. Tagann bean óg go Hollywood chun clú agus cáil a bhaint amach san aisteoireacht. Éiríonn léi a haisling a thabhairt chun fíre a bhuíochas d’fhear atá tugtha don ól agus a bhfuil na blianta is fearr dá shaol caite.

 

 

Do na Fir: 

Angels & Demons – 23ú Nollaig 9:30pm
(2009, Scannán Scéinséir, Mistéir) Tom Hanks, Ewan McGregor, Ayelet Zurer na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Ron Howard. Oibríonn saineolaí siombal as Ollscoil Harvard le fisiceoir núicléach chun cás dúnmharaithe a réiteach agus le cosc a chur ar ionsaí sceimhlitheoireachta ar an Vatacáin.

Fargo – 28ú Nollaig 10:20pm
(1996, Coir, Dráma, Scéinséir) William H. Macy, Frances McDormand agus Steve Buscemi na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Joel Coen. Fostaíonn fear beirt choirpeach chun a bhean chéile a fhuadach ionas go mbeidh sé in ann airgead a fháil óna athair céile uirthi. Téann cúrsaí in aimhréidh, áfach, mar gheall ar na fuadaitheoirí a bheith míchúramach agus ar an bhfiosrúchán atá ar bun ag an mbleachtaire Marge Gunderson.

Apollo 13 – 30ú Nollaig 9:30pm
(1995, Scannán Eachtraíochta, Staire) Tom Hanks, Bill Paxton agus Kevin Bacon príomhaisteoirí an scannán seo atá faoi stiúir Ron Howard. Bunaithe ar scéal fíor faoi thuras mí-ámharach Apollo 13 chun na gealaí sna 1970í. Nuair a sceitheann breosla as an spáslong tagann brú orthusan ar talamh tubaiste a sheachaint.

Catch-22 – Lá Caille 10:30pm 
(1970, Scannán grinn, Dráma) Alan Arkin, Martin Balsam agus Richard Benjamin na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Mike Nichols. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, ligeann fear air féin go bhfuil sé as a mheabhair ionas go ligfear abhaile as an gcogadh é.

 

Scannáin don Teaghlach: 

Shrek – Lá Nollag 5:20pm 
(2001, Beochan) Leagan Gaeilge den scannán Shrek: Is gruagach é Shrek a chónaíonn leis féin sa choill agus a bhfuil faitíos ag muintir Duloc ar fad roimhe. Bíonn suaimhneas breá aige go dtí go ndíbríonn an Tiarna Farquaad gach a bhfuil sna scéalta sí isteach sa choill. Ní bhíonn aon rogha aige ach rud éigin a dhéanamh faoi!

Dr Seuss The Lorax – Oíche Nollag 5:20pm
(2012, Scannán Grinn, Eachtraíochta) Zac Efron, Taylor Swift agus Danny DeVito na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Chris Renaud agus Kyle Balda. Féachann buachaill óg leis an gcailín is ansa leis a mhealladh. Chun sin a dhéanamh caithfidh sé scéal an Lorax a fhiosrú – neach stuacach ach deas é an Lorax a fhéachann an domhan mórthimpeall air a chosaint.

Happy Feet Two – 23ú Nollaig 5:20pm 
Leagan Gaeilge den scannán Happy Feet Two: Tá mac ag Mumble agus ag Gloria anois darb ainm Erik. Tá Erik in amhras faoi na buanna atá aige féin. Ach tá nithe eile go leor ag bagairt ar na piongain anois agus caithfidh gach uile dhuine oibriú (agus damhsa) le chéile chun an choilíneacht a thabhairt slán. Leagan Gaeilge arna léiriú ag Abú Media.

Mr. Bean’s Holidays – 30ú Nollaig 5:20pm
(2007, Scannán Grinn) Rowan Atkinson, Willem Dafoe agus Steve Pemberton na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Steve Bendelack. Téann Mr. Bean go deisceart na Fraince ar saoire – ach mar is gnáth ní gnáthshaoire ar bith a bheidh inti.

 
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086-1453527

Cuir aithne orainn: