Ann Mulqueen (8-5) | Seinnteoir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Sé Mo Laoch

Domh
9.30pm
Céa
7.30pm
     

Antóin Mac Gabhann, fidléir agus múinteoir fidle
a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo.

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith nua. Ann Mulqueen, ceoltóir bailéad, is ábhar don chlár seo. Tá seinnte ag Ann le leithéidí 'The Dubliners', 'The Clancy Brothers' agus Nicolas Tóibín. Bhog sí go dtí an Rinn, Gaeltacht i gCo. Phort Láirge, áit ar thóg sí teaghlach cheolmhar. Tá clú agus cáil ar a clann anois mar amhránaithe ar an sean-nós. I measc na n-aíonna ar an gclár beidh iníonacha Ann, Sorcha agus Odí Ní Chéilleachair, Séamus Mac Craith, Ciarán Ó Gealbháin agus Sadie Breathnach.

Chéad Taispeántas: 26 Mar

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Sraith nua ag tosú go luath. I measc na ceoltóirí páirteach ann beidh:

Seán Keane

Fidléir agus laoch i measc saol an cheoil traidisiúnta a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Tá an domhan siúlta ag Sean leis na Chieftains agus sé Grammy buaite aige. Caithfimid súil ar céard atá speisialta faoi cheoil Seán agus cén fáth go dtugann daoine Heaney an cheoil traidisiúnta ar. I measc na n-aíonna ar an gclár beidh Paddy Glackin, Liam O’Connor, Seán Óg Potts agus Seán McKeon.

 

Mary Bergin

Seinnteoir feadóg stáin & laoch i measc saol an cheoil traidisiúnta atá faoi chaibideal sa chlár seo. Is í banríon na feadóga stáin í Mary agus chuir a chéad ceirnín Feadóga Stáin an uirlís sin go mór chun cinn.

 

Jackie Daly

Seinnteoir an cairdín & laoch i measc saol an cheoil traidisiúnta atá faoi chaibideal sa chlár seo. Tá Jackie Daly ag seinm ceoil go proifisiúnta ó bhí na 1970’í ann. Tá seinnte aige le bannaí ceoil móra, ina measc De Dannan, Delores Keane, Buttons & Bows, Kevin Burke & Patrick Street. Le Conal Ó Gráda, Matt Cranitch, Colm Murphy, Joe Burke & Edel Fox.

 

Kevin Henry

Fear atá 87 bliain d’aois agus seinnteoir ar an fliúit atá faoi chaibideal sa chlár seo. Tá Kevin Henry i SAM ó bhí na 1940’í ann. Tá seinnte aige le cuid de na ceoltóirí móra a mhair thall ina measc Paddy Killoran, Lad O’Beirne & Joe Cooley & is é a chuir ceoltóirí cosúil le Michael Flatley & Liz Carroll ar stáitse agus iad ag cuir tús lena saol ceoil. Le Michael Flatley, Liz Carroll, Sean Gavin, Néillidh Mulligan & Tony McMahon.

 

Ann Mulqueen

Bean a bhí ina réalt mhór bailéidí bhéarla ins na 1960’í. Cheol sí leis na Dubliners, Na Clancy Brothers, Nicolas Tóibín agus daoine nach iad. Tá sí ina conaí sa Rinn ó bhí 1970 ann agus chomh maith le clann iomráiteach amhránaíochta sean-nóis a thógáil, d’fhoghlaim sí féin na h-amhráin gaeilge agus tá sí a múiniú don t-aos óg ann go fóill. Le Ciarán Ó Gealbháin, Sadie Breathnach, Séamus Mac Craith, Sorcha & Odí Ní Cheilleachar.

 

Antóin Mac Gabhann

Fidileoir & muinteoir ceoil atá ina chonaí i gCill Dhéagláin i Co. na Mí ach gur as Mullahoran i gCo. an Chabháin do ó dhúchas. Tá tionchar ollmhór ag Antóin ar an ceol traidisiúnta i gCo. na Mí agus é ag múineadh ceoil ansin le 45 bliain anuas. Feicfidh muid an obair atá déanta ag Antóin leis an ceol i gCo. na Mí agus gheobhaigh muid deis aithne a chuir ar an fear agus a chuid ceoil féin. Le Caitlín Nic Gabhann, Clann Mhic Gabhann & Macdara & Mícheál Ó Raghallaigh.

Físeáin ar Fáil