Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Réabhlóid GAA - scéal na hiománaíochta sna nóchaidí

TG4 Dé Céadaoin 16/12 9.30pm

26.11.20


 

 

Is clár faisnéise úr-nua é Réabhlóid GAA, a inseoidh scéal na hiománaíochta sna nóchaidí, tréimhse inar athraíodh an spórt agus inar ceapadh é i ndáiríre mar cluiche náisiúnta na tíre.

Is iad an trí chontae Corcaigh, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann is mó a bhfuil an duais mhór bainte amach acu le breis is céad bliain. Ní raibh an chuma ar an scéal go mbainfí na huaisle dá gcoróin ag tús na nóchaidí. Ach, níor thóg sé ach cúig nóiméad ar iománaithe Uíbh Fhailí tús a chur leis an réabhlóid i 1994. Tháinig imreoirí ina ndiaidh chun deireadh a chur leis an seanchóras, daoine iad seo a bheadh ar na pearsa is mó le rá sa tír as sin amach.

Is é seo scéal na ndaoine sin le linn na tréimhse ba thábhachtaí i stair na hiománaíochta. Cartadh cartlanna shár-chláracha CLG – Breaking Ball, Road to Croker, Committee Room, Championship Matters, Thank GAA It’s Friday – ar mhaithe le Réabhlóid GAA a léiriú agus deineadh nasc idir agallaimh ón gcartlann leis an aicsean ar leith ó na gcluichí ab fhearr riamh. Cloisfear ó na himreoirí nuair a bhí siad i mbarr a réime, Davy Fitzgerald, Ger Loughnane, Brian Whelahan, Johnny Dooley, Johnny Pilkington, Liam Griffin, Martin Storey agus go leor eile ina measc, is é seo scéal na mbuaiteoirí de réir mar a tharla sé.

Is é Réabhlóid GAA an clár is déanaí ó Loosehorse, mórléirtheoirí atá chun tosaigh maidir le cláracha CLG agus an spóirt, a bhfuil The Boys in Green, Micko, Giles agus go leor eile léirithe acu roimhe seo. Is é Ronan O’Donoghue (Sunday Best, Jayo, All Ireland Day) stiúrthóir an chláir agus is dílis an scéalaí é Diarmuid Lyng, a tugadh misteach dó de bharr an méid a thit le linn a thréimhse féin sna nóchaidí nuair a bhí sé ina laoch iománaíochta i Loch Garman.

Scéal éachtach ar ré ar leith é seo – an gaisce dochreidte a bhain Uíbh Fhailí amach chun an ceann is fearr a fháil, nuair a díbríodh Biddy Early i gContae an Chláir, Fir Loch Garman ag máirseáil thar teorann, agus an triológ chonspóideach i ’98- Tharla sé seo ar fad agus athrú faoi dhlús ag tarlú sa tír, athruithe ar shochaí chomh maith le cúrsaí cultúir na tíre.

Inseofar an chaoi a tháinig athrú ó bhonn ar an spórt agus ar an tír sna deich mbliana sin i Réabhlóid GAA.

Léiriú de chuid Loosehorse Ltd.

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Linda Ní Ghríofa, Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: