Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Grá Faoi Ghlas

(Lánúineacha an Choróinvíris)

10.11.20

 
6 x 30 nóiméad

Sraith Siamsaíochta ag tosú an 18 Samhain ag 8:30pm ar TG4
 
Formáid nua cúirtéireachta/grá do dhaoine atá in éindí cheana féin!

Rinneadh an fhormáid nua siamsaíochta (faoi shrianadh) seo a thaifeadadh le linn dhianghlasáil Covid-19. Formáid a ceapadh agus a léiríodh do lánúineacha agus iad thuas seal thíos seal le linn na Dianghlasála agus muid i lár ghéarchéim Covid-19.

Is é Eoghan McDermott ó 2FM a bheidh i mbun tráchtaireachta agus tabharfaidh sé léargas don lucht féachana faoi mar a bhíonn cúrsaí i ndáiríre idir lánúineacha le linn na dianghlasála. Beidh dhá lánúin ar an gclár gach seachtain, lánúineacha ó Dhaingean Uí Chúis go Dún Uabhair agus ó Leitir Ceanainn go Leic Snámha. Tabharfar cuairt ar Chonamara, ar Bhaile Átha Cliath, ar Phort Láirge agus ar Chorcaigh lena linn chomh maith.

Beidh ar lánúineacha atá ag fulaingt le linn na dianghlasála / ag cur suas leis an dianghlasáil / ag baint an-sásamh as an dianghlasáil (braitheann sé ort féin) sraith cruacheisteanna, a bheidh ag éirí níos deacra de réir a chéile, a fhreagairt. Ceisteanna nach mbeadh siad ag iarraidh aghaidh a thabhairt orthu de ghnáth. De réir mar atá na ceisteanna, agus an brú dá mbarr, ag éirí níos géire agus níos géire an mbeidh siad in ann guaim a choinneáil orthu féin agus freagra IONRAIC a thabhairt, nó a bheith chomh hionraic agus a shocraíonn siad féin a bheith.

Céard a beadh le rá ag do leathbhádóir dá gcuirfí na ceisteanna ba phríobháidí orthu faoi bhur gcaidreamh? Nó, níos measa fós, céard a bheadh le rá ag do ghaolta cleamhnais nó ag do dhlúthchairde fút? Is cinnte go bhfuil cuid agaibh nár mhaith libh fiú cuimhneamh air, ach bainfimidne an-spraoi go deo as!

“An cuimhin leat na héadaí a bhí ar do leathbhádóir nuair a chuir sibh tús leis an gcúirtéireacht? Cén t-amhrán is ansa leo? Cén dath atá ar a gcuid bhfo-éadaí inniu? Cé aige a bhfuil an teaghlach is craiceáilte?

Agus céard a dúirt Mama nuair a dúradh léi go raibh an pósadh i ndán daoibh? Is iad sin anois cuid de na ceisteanna a chuirfear agus a fhreagrófar le linn na sraithe.

Beidh cuid de threabh na lánúineacha inár dteannta chomh maith – na gaolta cleamhnais damanta / máithreacha céile, aithreacha céile, dlúthchairde agus na cairde sin atá níos cosúla le naimhde chomh maith le daoine a bhfuil aithne acu orthu.

Stíl cláir é seo a mbainfear an-sult as agus muid ag breathnú ar dhaoine á náiriú. Ní mó ná sásta a bheadh muid féin dá mbeadh orainn freagra ionraic a thabhairt ar threoircheisteanna ár leathbhádóra agus go bhféadfadh muid an freagra is measa a d’fhéadfaí a thabhairt a thabhairt.

Féach ar TG4 Dé Céadaoin ag an 8:30pm ón 18 Samhain nó féach in athuair air am ar bith ar TG4.ie

Arna léiriú ag Abú Media do TG4.
 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: