Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Creative Company - Sraith Nua ar TG4

Tá Pablo Picasso san Oifig

06.01.20


 
Cé aige a mbeidh an gradam ‘Creative Company’?


 

Saothar mór ealaíne poiblí a chruthú an dúshlán a thabharfar do dheich gcomhlacht in Éirinn. Tá TG4, i gcomhar le Business to Arts, sa tóir ar an gComhlacht is Ildánaí in Éirinn.

Sraith úrnua siamsaíochta a bhaineann le healaíon atá i Creative Company a bheidh á craoladh ar TG4 ón 9 Eanáir agus a rachaidh i bhfeidhm go mór ar shamhlaíocht mhuintir na tíre agus ina rachfar sa tóir ar an ionad oibre is cruthaithí in Éirinn.

An mbeidh gnáthoibrithe ábalta tarraingt le chéile agus píosa ealaíne a chruthú?  An bhféadfadh go bhfuil lucht glantacháin an chomhlachta níos cruthaithí ná an Príomhfheidhmeannach? An éireoidh le hionad oibre sa dúshlán ealaíne agus píosa ealaíne poiblí ar scála mór a chruthú i gcomhar? 

Spreagfar oibrithe i ngach leibhéal de na heagraíochtaí tarraingt le chéile mar fhoireann agus píosa ealaíne a dhéanamh ar láthair a gcuid oibre féin ón gcoincheap go dtína críochnú. An féidir comharghrúpa ealaíne a dhéanamh d’amaitéaraigh? An éireoidh linn an chéad David Hockney nó an chéad David Brent eile a aimsiú?

Cuirfear ealaíontóir cumasach as Éirinn ag obair leis an deich gcomhlacht agus eagraíocht a roghnófar. Ag obair in éineacht leis na comhlachtaí feadh an phróisis beidh Bríd Higgins Ní Chinnéide, péintéir atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, agus Liam de Frinse, ealaíontóir ildisciplíneach as Béal Feirste a bhfuil gradaim bronnta air. 

Is grúpa léirmheastóirí a bhfuil saineolas acu ar chúrsaí ealaíne a thabharfaidh breithiúnas ar an tionscadal – Evelyn O’Rourke, craoltóir le RTÉ; Caomhán Mac Con Iomaire, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann; agus Helen Carroll, Business to Arts. Cúig ionad oibre a bhainfidh an babhta ceannais amach. Bainfear leas as vóta poiblí chun an t-ionad oibre a chruthóidh an píosa ealaíne is fearr a roghnú agus ar cheart an gradam ‘Creative Company’ a bhronnadh orthu.

Is iad na comhlachtaí a bheidh ag glacadh páirte ná Circle K, Energia, Óstán an Gleneagle, Big O Taxi’s, ETB Dhún na nGall, Mol Dhaingean Uí Chúis, tigh Standún, Donegal Yarns, Raidió na Life agus Maurice Ward Transport.

Ní hamháin go mbeidh an comhlacht aitheanta mar an comhlacht is cruthaithí in Éirinn ach cuirfear an obair ealaíne ar taispeáint go poiblí ar feadh trí mhí i CHQ Bhaile Átha Cliath i gcroílár cheantar gnó Bhaile Átha Cliath.

 

Cé aige a mbeidh an gradam ‘Creative Company’?

Bí linn gach oíche Déardaoin ag 9:30 ar TG4 go bhfeicfidh tú.

 

EZ Films a léireoidh Creative Company do TG4 i gcomhpháirt le hÚdarás Craolacháin na hÉireann.

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527
Linda Ní Ghríofa, Eagraí Cumarsáide TG4 | Linda.ni.ghriofa@tg4.ie | 087 9172864

Cuir aithne orainn: