Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

7 Ainmniúchán do Fhéile na Meán Ceilteach

13.03.20

Tá an-áthas ar TG4 7 ainmniúchán a fháil do Ghradaim Torc Fhéile na Meán Ceilteach na bliana seo.

Ainmníodh TG4 do sheacht ngradam i nGradaim bhliantúla Barr Feabhais Torc a bhíonn ar siúl le linn Fhéile na Meán Ceilteach gach bliain. I measc na gcatagóirí tá Sraith Drámaíochta, Sraith Fhíorasach, na hEalaíona, Spórt, Cúrsaí Reatha, Gearrfhíseáin agus Stáisiún Raidió na Bliana. Is é is aidhm le Féile na Meán Ceilteach teangacha agus cultúir na dtíortha Ceilteacha a chur chun cinn ar an scáileán agus sa chraoltóireacht. Cuireann eagraíochtaí craolacháin, scannánaíochta, cultúir agus forbartha eacnamaíochta ar fud na dtíortha Ceilteacha tacaíocht ar fáil d’Féile na Meán Ceilteach. Féile trí lá í Féile na Meán Ceilteach a bhíonn ar siúl gach bliain, féile a dhéanann lucht craolacháin agus scannán den scoth agus a bhfuil cumas breá iontu as Albain, as Éirinn, an Bhreatain Bheag, Manainn, Corn na Breataine, an Bhriotáin agus an Ghailís a cheiliúradh. In Quimper na Briotáine, ón 2 go dtí an 4 Meitheamh, a bheidh Féile na Meán Ceilteach 2020 ar siúl.
 
 

Is iad na hainmniúcháin a fuair TG4:
 

Siamsaíocht Fhíorasach:

Hector Ó Siberia go Saigon (Good Company Productions)
Hector Siberia - Sleigh Ride
Tá an taistealaí mór le rá Hector Ó hEochagáin imithe leis arís chun tabhairt faoin turas is iontaí agus is faide atá déanta go dtí seo aige, turas 8000km thar sléibhte, gaineamhlaigh, aibhneacha agus trí naoi dtír ar leith agus é ar a bhealach ó fhuacht na Sibéire sa Rúis go dtí Saigon i Vítneam. Nuair a chuimhníonn tú ar thíortha mar an Rúis, an Mhongóil, Neipeal, Burma, an Bhanglaidéis, an Téalainn, an Chambóid agus Vítneam, cinnte is ar shneachta, ar ghaineamh te, ar mhíshuaimhneas, súnámaithe, mullaí sléibhte, zóin chogaidh, tránna áille agus daoine gealgháireacha – Caith taistealaí magúil mór le rá as Éirinn ina measc anois.
 

Sraith Fhíorasach:

Finné (Tua Films)

Tá an tsraith faisnéise ‘Finné’, atá faoi anáil cláracha faisnéise atá le feiceáil ar Netflix le blianta beaga anuas, ar ais arís ar TG4 don dara huair. Arna léiriú ag Tua Films agus á cur i láthair ag comhfhreagraí RTÉ Orla O’ Donnell, fiosróidh ‘Finné’ scéalta as Éirinn a rachaidh i gcion go mór ar dhaoine, scéalta faoi fhulaingt, faoi theacht aniar agus láidreacht. Cinnteoidh insint ionraic na bhfinnéithe ar a gcuid scéalta féin go dtabharfar na cásanna sin chun solais arís agus inseofar na scéalta sin sa stíl phearsanta chéanna; mar a chonacthas dóibh féin é chun léargas ar leith a thabhairt don lucht féachana ar an méid a bhain dóibh.
 

Clár Faisnéise Spóirt:

Finné Paddy Merrigan (Tua Films)

Bhí tráth ann, nuair nach raibh sé ach 17 mbliana d’aois, go raibh Paddy Merrigan ar dhuine de na marcaigh is fearr i ndomhan na rásaíochta capall. Tógadh an marcach óg seo in eastát comhairle i mBaile Átha Luain, leaid uaillmhianach agus dírithe, rud a chuidigh go mór leis barr a réime a bhaint amach, ach is iad na tréithe sin a chuir ar bhealach a bhasctha é freisin. Thit saol Paddy as a chéile nuair a chaill sé an chomhpháirtíocht a bhí aige leis an gcapall a bhfuil cáil mhór uirthi, Souffleur. Anois, tá sé réidh le dul ar ais sa diallait arís agus a bheith i mbarr a réime arís.
 

Jump Girls (Touchline Media)

Níl ach aon mhór-spórt gairmiúil amháin ann ina dtéann fir agus mná in iomaíocht lena chéile don duais chéanna…rásaíocht chapall. Sraith faisnéise bhreathnaitheach dhá chlár é ‘JUMP GIRLS’ faoi na mná atá ag thabhairt dhúshlán an status quo i spórt ar fir is mó atá ann. Tabharfar léargas ar na mná atá i mbarr a réime sa rásaíocht seilge náisiúnta agus atá ag déanamh maireachtáil as – an traenálaí Jessica Harrington agus a cuid iníonacha Kate agus Emma, agus na marcaithe Rachael Blackmore, Katie Walsh, Lisa O’Neill, agus Katie O’Farrell.”
 

Stair:

Michael Davitt Radacach (Dearcán Media)

Scéal Michael Davitt, Fíníneach agus gníomhaí talún a chuir athrú ar Éirinn agus a spreag réabhlóid chultúrtha pholaitíochta.
 

Dráma Aonair:

Finky – Arna léiriú ag Abú Media do CINE4

Fad-dráma ó Cine4. Ceoltóir agus puipéadóir é Micí Finky, atá ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar an am atá caite. Goideann sé clúdach litreach lán le hairgead agus téann ar a theitheadh go hAlbain in éineacht le cara a bhfuil aithne air ó bhí siad ina ngasúir, Tom, agus súil acu saol nua a bheith acu ansin. Ar an gcéad oíche dóibh i nGlaschú, baineann timpiste uafásach do Finky agus fágtar gan lúth na ngéag óna bhásta síos é. Bíonn sé i ndroch-chaoi nó go dtagann Carnival Chaotica, compántas sorcais avant-garde foréigneach, a thugann seans dó ar an saol arís. Tugann Finky faoi thuras aisteach go dtí áit nach bhfuil eolas ar bith aige air, ach de réir mar a fhaigheann a aistear níos uafásaí agus níos fíoraistí, tuigeann Finky nach mór dó aghaidh a thabhairt ar an am atá caite.
 

Clár Faisnéise Aonair:

Scéal na Beatha arna léiriú ag Below the Radar

Clár faisnéise spreagúil é Scéal na Beatha a bhfuil scéal neamhchoitianta agus ar leith ag baint leis a mbeidh gach duine ábalta a thuiscint ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Tá níos mó i gceist leis seachas an bás agus nósanna. Scéal é seo faoi fhear a raibh a shaol ar a chonláin féin aige agus a thuig ar deireadh an cion a bhí ag daoine eile air nuair a fuarthas amach go raibh sé tinn, mar a tharlaíonn go minic. Bhí lucht na scannánaíochta in éineacht le Seosamh Ó Conchúir agus é san oispís sna laethanta deireanacha agus bhí siad in éineacht lena mhuintir ansin agus iad ag caitheamh ina dhiaidh go mór sna seachtainí i ndiaidh a bháis.
 
 

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4: “Tá ríméad ar TG4 seacht gcinn d’ainmniúcháin a fháil inniu ó Fhéile na Meán Ceilteach. Léirítear leis na hainmniúcháin seo an réimse d’ábhar ar ardchaighdeán a chuireann craoltóir seirbhíse poiblí ar fáil, ó shiamsaíocht go dtí cláir faisnéise fhíorasacha, cláir faisnéise a mbíonn tionchar mór acu ar shochaí na hÉireann. Táimid ag súil le bheith i dteannta ár gcomhghleacaithe as Albain, as an mBreatain Bheag, as Sasana agus as Éirinn in Quimpir i mí an Mheithimh chun an chuid is fearr de na meáin Cheilteacha a cheiliúradh”.
 

I measc na n-ainmnithe eile tá: Gareth Thomas, Marian Keyes, Line of Duty an BBC agus Kaye Adams ó Loose Women do Ghradaim Barr Feabhais Torc ag 41ú Féile na Meán Ceilteach
 

Tá clár faisnéise tochtmhar Gareth Thomas ar a shaol agus HIV air i measc na n-ainmniúchán don 41ú Féile na Meán Ceilteach, a bheidh ar siúl i Quimper, sa Bhriotáin, sa Mheitheamh.
 

Gareth Thomas: Tá ainmniúchán faighte ag HIV and Me sa chatagóir don Chlár Faisnéise Aonair is Fearr, catagóir a bhfuil iomaíocht mhór inti; i measc an líon is mó ainmniúchán go dtí seo tá Laura Brenann RTÉ: This is Me agus Scéal na Beatha TG4. Tá Gareth sa chatagóir chéanna le sraith an BBC a bhfuil moladh mór faighte aici ó léirmheastóirí, Line of Duty, a bhfuil an séú sraith á taifeadadh faoi láthair, sa chatagóir don tSraith Drámaíochta is Fearr.
 

Tá an t-athrú i dtreo chúrsaí digiteacha le feiceáil chomh maith i réimse na catagóire do Ghearrfhíseáin, ina bhfuil naoi n-ainmniúchán, as an mBreatain Bheag, Manainn, Albain, an Ghailís agus áiteanna eile. Tá an chatagóir do Chláir Faisnéise Raidió i measc na gcatagóirí is mó chomh maith i mbliana ina bhfuil ainmniúcháin as Albain, Corn na Breataine, an Ghailís agus as an mBreatain Bheag. Tá a chéad ainmniúchán ag Féile na Meán Ceilteach faighte ag an láithreán gréasáin Éireannach Journal.ie a bhfuil tóir ollmhór air sa chatagóir seo do Chláir Faisnéise Raidió, catagóir a mbíonn an-spéis inti.
 

Is féidir liosta iomlán na n-ainmniúchán a fheiceáil anseo: http://www.celticmediafestival.co.uk/nominees
 

Teagmháil do na Meáin:
Celtic Media Festival
Jenn Nimmo-Smith, Celtic Media Festival | press@celticmediafestival.co.uk

TG4
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: