Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

SAOL FAOI GHLAS : an chéad dianghlasáil

Clár Nua Faisnéise le Midas Productions ar TG4
@ 9.30i.n., Dé Céadaoin an 18 Samhain 2020, ar TG4

10.11.20

 

Is clár faisnéise uair an chloig é Saol Faoi Ghlas – an chéad dianghlasáil, a bhreathnaíonn ar shaol mhuintir na hÉireann, ag am nuair is neamhghnách atá cúrsaí, mar a mhair muid le linn dhianghlasáil Covid-19 na hÉireann ó Aibreán go Meán Fómhair 2020.

I mí Márta 2020 cuireadh an saol trína chéile orainn nuair a b’éigean dúinn dul i ngleic leis na himpleachtaí a bhain le maireachtáil faoi néal phaindéim dhomhanda. Breathnaíonn Saol Faoi Ghlas ar scéalta agus carachtair faoi leith agus léirítear ann ré i stair na hÉireann nach bhfacthas a leithéid riamh cheana leis an iniúchadh a dhéantar ar na dúshláin bhreise a bhí ar dhaoine agus iad ag maireachtáil faoi dhianghlasáil.

Tugann an clár faisnéise seo léargas dúinn ar am ina rabhamar ar fad, mar dhaoine, ag streachailt leis na héilimh nua a cuireadh orainn le meascán de phíosaí féin-taifeadta agus píosaí scannánaíochta as cláir faisnéise ina bhfuil carachtair ó gach cúige in Éirinn. In ainneoin an chruatain phearsanta a d’fhulaing na daoine a ghlac páirt sa chlár faisnéise seo, is scéal é ar deireadh faoi dhóchas agus cuireann sé i gcuimhne dúinn go bhfuil teacht aniar agus láidreacht ionainn mar dhaoine aonair agus mar phobail.

I nDomhnach Mór, i gCorcaigh castar Trish O’Neill orainn agus í ag obair ón mbaile ag roinnt oifige i seomra leapa lena fear agus ag an am céanna ag tabhairt aire do thriúr gasúr, duine acu, Conor, a bhfuil uathachas air. Le himeacht na míonna feicimid an bhail a chuireann an dianghlasáil ar an teaghlach, go mór mór an tionchar a bhíonn aici ar Conor nuair nach bhfuil gnáthamh ná tacaíochtaí oideachais ar fáil dó.

Tá Aoife Rafter ag clutharú ina teach baile sa Nás i gcontae Chill Dara. Tá fiobróis chisteach uirthi ó rugadh í agus tuigeann sí go rímhaith an bhail mhillteanach a d’fhéadfadh tinneas riospráide a chur uirthi. Chríochnaigh Aoife cóir leighis i gcomhair ailse cheirbheacs díreach roimh an dianghlasáil agus níl clinicí, ná scrúduithe sláinte, ná tacaíocht leighis ar fáil di anois agus í sáinnithe i gcúpla seomra.

I Sligeach tá an gruagaire, Marian Dineen, ag glacadh leis an tionchar atá ag an dúnadh éigeantach ar a salón. B’éigean do Marian scaoileadh lena foireann agus lena gairm bheatha cé go bhfuil breis is 40 bliain caite aici ag obair i dtionscal na gruaigeadóireachta. Cuireann Marian bréagfhoilt ar fáil do dhaoine a bhfuil ailse san iarthuaisceart agus tá an-imní uirthi faoina cuid custaiméirí agus í ag smaoineamh an mbeidh sí in ann a gnó a thabhairt ar ais.

Sa Tulach Mór tá dalta Ardteistiméireachta Aisling Gallagher ag staidéar ar líne agus í ag ceistiú an mbeidh na scrúduithe ar siúl ar chor ar bith. Ba mhaith léi dul chuig Coláiste na Tríonóide ach tá an bhrionglóid sin i mbaol de réir mar a shroicheann sí a cuid spriocanna meánscoile.

Tá Sarah agus Adrian McVann, ó Chathair na Mart ag súil lena gcéad pháiste i lár pandéime agus tá an chosúlacht ar an scéal, ar nós go leor lánúineacha eile, go mbeidh Sarah ag dul isteach sa bharda máithreachais léi féin.

Tá Billy O’Toole, arbh as Co. Mhaigh Eo ó dhúchas dó, ag clutharú i nGaillimh. Tholg Billy, a bhfuil fiobróis chisteach air, fliú na muc agus bhí sé i gcóma ar feadh scaithimh tar éis dó trasphlandú scamhóige dúbailte a fháil in 2011. D’éirigh Billy as an obair le dul ag clutharú agus fiú má tá deacrachtaí aige agus gan é in ann dul ag obair, tá a fhios aige má fhaigheann sé an Coróinvíreas go bhféadfadh sé deireadh a chur leis.

Dúradh le Margaret Fanklin clutharú mar gheall go bhfuil sí os cionn 70 bliain d’aois. Cé nach bhfuil sí in ann cuairt a thabhairt ar a muintir ná a cuid cairde, coinníonn a bheith ag cleachtadh cór ar líne, cúrsaí ar líne agus ranganna aclaíochta ag imeacht ar feadh na seachtaine í. Cé go bhfuil Margaret tiomanta fanacht gníomhach, airíonn sí tréigthe mar gheall ar an gcomhairle faoi chlutharú agus an easpa saoirse a bhaineann leis na srianta.

Is dochtúir é Lorcán atá ag cur tús le socrúchán oibre in ospidéal Chill Chainnigh. D’éirigh leis a cháilíocht a bhaint amach le déanaí nuair a tugadh a chuid scrúduithe chun tosaigh agus bronnadh a chéim air ar líne. Tá imní air agus é ag tosú amach ina ghairm bheatha sa lá atá inniu ann ach tá imní freisin air mar go bhfuil Covid-19 ar a sheanmháthair agus nach mbeidh sí in ann í a fheiceáil sna míonna atá amach romhainn.

Is grúpa deonach pobail é Tacú le Gaoth Dobhair a chuireann tacaíocht bhreise, atá ag teastáil go géar, ar fáil do sheandaoine an cheantair trí chuairt a thabhairt orthu agus béilí ar rothaí a thabhairt chomh fada leo. I mBaile Átha Cliath tá an Capuchin Day Centre ag streachailt leis an méadú atá ar líon na ndaoine atá ag teacht chucu ag lorg bia agus éadaí, méadú atá ag tarlú de réir mar atá an phaindéim ag dul in olcas dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu cheana féin i sochaí na hÉireann.
 
 
* Tá na hagallaimh leis na rannpháirtithe ar fáil ach iad a iarraidh *

Saol Faoi Ghlas

Dé Céadaoin an 18 Samhain, TG4, ag 9.30i.n.
 

 

 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: