Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

'Samhlú' - Branda nua ealaíne idir TG4 agus Clár Éire Ildánach chun tacú le healaíontóirí

30.11.20


 

Cuireann TG4 agus Clár Éire Ildánach

Ealaín na Samhlaíochta i láthair

 

 

Ardán cultúir cinniúnach é Samhlú chun gaiscí agus cruthaitheacht ealaíonta atá tagtha chun cinn ar fud na hÉireann a cheiliúradh, cé gur bliain thar a bheith dúshlánach a bhí inti. Bhí tionchar mór ag COVID-19 agus na srianta éagsúla a bhí ar theacht le chéile poiblí ar shaol na n-ealaíon, an chultúir agus na siamsaíochta.
 

Fáiltíonn TG4 agus Clár Éire Ildánach na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán roimh an deis seo le dlúthpháirtíocht agus tacaíocht a thabhairt d’aos dána na hÉireann tríd an ardán nua cultúir seo.
 

Dúirt an tAire Catherine Martin said “Samhlú! Ní fhéadfadh an glao iontach seo lenár saol a athshamhlú teacht ag am níos fearr. Tabharfaidh an clár draíochtúil seo ardú croí dúinn i lár an gheimhridh i ndiaidh bliain thar a bheith deacair. Faoi stiúir roinnt de na daoine is fearr aithne i saol cultúir na hÉireann, is ceiliúradh é Samhlú ar na nithe iontacha go léir a chuireann ár gcuid ealaíontóirí ar fáil dúinn ar an saol seo. Thar ceann mo Roinne, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le TG4 agus leis na healaíontóirí a raibh baint acu le Samhlú a dhéanamh. Is comhartha ómóis é an clár iontach seo ar fhairsing a samhlaíochta agus a mbeartaíocht cruthaitheach.”
 

Is éard a dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe Samhlú 2020 “Treisíonn an ceiliúradh seo ar ‘Samhlú’ bliain de chláracha breátha ealaíon agus cultúir do TG4. Bíonn an pobal agus an chruthaitheacht ag croílár gach a ndéanann TG4 i gcónaí. Ní raibh daoine, an chruthaitheacht agus an fholláine chomh nasctha riamh is a bhí siad le naoi mí. Tá áthas orainn a bheith ag obair i gcomhar le hÉire Ildánach chun go mbeidh teacht ag an bpobal ar ghaiscí agus shamhlaíocht chruthaitheach ar fud na hÉireann, tograí a bhain saol-dheimhniú leo i mbliain ar leith don phobal agus do dhaoine aonair.”
 

Tá dhá ghné ag baint le Samhlú lena n-áirítear clár 90 nóiméad a bheidh le craoladh ar TG4 ar an 15 Nollaig Samhlú 2020, agus Samhlú Croí Cruthaitheach, séasúr de dhá scannán gearrfhoirme déag coimisiúnaithe a chraolfar go tréimhsiúil le linn na bliana 2021.
 

Tá an clár Samhlú 2020 suite sna ceantair áille timpeall ar Chloch na Rón i gConamara, Co. na Gaillimhe. Is é Tommy Tiernan, a mbeidh ról an fhánaí aige, a chuirfidh an seó i láthair. Tabharfaidh sé an lucht féachana ar aistear gliondrach agus draíochtúil de cheol, damhsa agus amharclannaíocht.
 
Feicfear bunsaothar nua Bill Whelan, an cumadóir a bhfuil cáil ar fud an domhain air agus atá ina chónaí i gCloch na Rón, ‘Samhlú’ den chéad uair sa chraolachán seo. Beidh Shane Hennessey, Moxie, Slow Moving Clouds, Julie Feeney, Morgan Bullock, David Geaney, Rónán Ó Snodaigh, Varo agus Tonnta ar an gclár chomh maith.
 

Rogha de scannáin faisnéise gearrfhoirme nua é Samhlú Croí Cruthaitheach a mbeidh ealaíontóirí agus aos dána ó ar fud na hÉireann páirteach ann. Fiosróidh na gearrscannáin stílithe na tionchair a bhí ar an saothar atá déanta ag an aos dána in Éirinn. Tríd na scannáin seo, gheobhaidh an lucht féachana léargas nua agus mionsonraithe ar mar a ullmhaíonn an t-ealaíontóir é féin agus mar a dhéanann sé a chuid saothair a fhorbairt i bhfoirm stílithe dhílis.
 

Craolfar Samhlú 2020 ar TG4 Dé Máirt an 15 Nollaig ag 9:30pm agus beidh daoine ar fud an domhain ábalta féachaint air ar Sheinnteoir TG4 www.tg4.ie
 

Cuirfear tús le craoladh Samhlú Croí Cruthaitheach ón 6 Eanáir 2021.
 

Bígí ag caint linn: #Samhlú
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: