Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Is Olc an Ghaoth

An bás in Aimsir an Covid

22.10.20


 
TG4 an 1 Samhain 10.30pm

 

 

Nuair a thug an léiritheoir Niamh Fagan an stiúrthóir Tom Sullivan, a bhfuil gradam IFTA buaite aige, agus an scríbhneoir Kevin Toolis, a bhfuil gradam BAFTA buaite aige, le chéile chun an saol agus an bás in aimsir Covid a scrúdú Is Olc an Ghaoth a tháinig as.

 

Triptic Ghotach suite ar Acaill is ea Is Olc an Ghaoth – trí ghearrscannán brónacha ach barrúla atá fite fuaite ina chéile, suite ar oileán lena mbaineann beagán aistíl agus Covid ar an mbealach.

 

Is é Kevin Toolis, a bhfuil aithne air de bharr a chuid leabhar sárdhíola ‘My Father’s Wake – How the Irish Teach Us to Live, Love and Die’, a scríobh an trí script scannáin agus is é an stiúrthóir, a bhfuil go leor gradam buaite aige, Tom Sullivan (Arracht, Fir Bolg,) a thug chun fíre iad.

 

“Tá truamhéala ag baint le stíl chiúin, bhreathnaitheach scríbhneoireachta Kevin chomh maith le greann séimh, dorcha agus is dhá bharr sin a thaitin na scripteanna chomh mór sin liom, é sin agus an áit ina bhfuil siad suite. Tá rud éigin osnádúrtha ag baint le hIarthar na tíre, go háirithe in áiteanna ar nós Acla, agus is é sin a bheartaíomar a chur ar scáileán” a dúirt Tom Sullivan. Dúirt sé chomh maith, “Bhí an-spéis i gcónaí agam sa stóchas seasmhach a bhaineann le muintir thuaithe na hÉireann – iad sin nach bhfuair an deis ar an oideachais galánta, nár éirigh ‘go maith’ leo i Cleveland ná i Chicago. Is faoi dhaoine a choinnigh orthu, cé gur deacair a bhí sé sin a dhéanamh in amanna, an scéal.”

 

Tá cuid de na haisteoirí is breátha sa tír in Is Olc an Ghaoth, Stiofán Seoighe (Murdair Mhám Trasna, Na Cloigne, Ros na Rún), John Finn (Cold Case, The Waking Dead, The Crown, An Bronntanas), Carrie Crowley (Fair City, Rásaí na Gaillimhe) agus Peadar Cox (Song of Granite, Fir Bolg, Ros na Rún).

 

Cibé faoin Saol agus Bás in Am Covid, bhí an-dúshlán ag baint le cúrsaí scannánaíochta le linn Covid. Dúirt an léiritheoir Niamh Fagan (Shooting the Mafia, Rásaí na Gaillimhe) “Bíonn an-dúshlán ag baint le bheith ag scannánaíocht ar an láthair de ghnáth ach mura raibh dúshlán ag baint leis faoi Rialacha Covid ní lá go maidin é. Thug TG4 an-tacaíocht ina leith sin. Bhí muinín acu asainn go mbeadh muid dáiríre maidir leis an bhfadhb a bhaineann le Covid agus leanúint den jab a bhí againn.  Bhí foireann den scoth againn a thug faoin obair i gcomhair chun na srianta agus na rialacha breise a chomhlíonadh. Rinneamar fíorobair – bhíomar ar an láthair, bhí an scannánaíocht curtha dínn agus an baile sroichte againn sula dtabharfaí faoi deara go rabhamar ann ar chor ar bith”.

 
 

Dé Domhanigh an 1 Samhain, Lá na Marbh, ag 10.30pm a bheidh Is Olc an Ghaoth ar TG4

 

Scannán #1

Ceithre Chéad Meáchain (400cwt /400 weight)

Nuair a thugtar corp a ndearthár Máirtín abhaile as Meiriceá i gcónra mhór mhillteach chré-umha le linn phaindéim COVID ní bhíonn Pádraig ná Éamonn, beirt nach bhfuil ag caint lena chéile, cinnte faoin gcineál tórraimh a cheart a bheith air.

 
 

Scannán #2

I bhFlaithis Dé (God’s Own Pocket)

Tá Pádraig faoi bhrat dobróin i ndiaidh a dhearthár agus dúil sa diabhal aige i bpionta ach nach bhfuil an pub dúnta de bharr Covid. Baineann bean an phub, Síle, agus a mian nár éirigh léi a bhaint amach i Dallas, siar as é.

 
 

Scannán #3

Sioscadh na Marbh (The Grateful Dead)

É scoite ón saol agus é ar Acaill castar Yank  i gcarr aisteach ar Phádraig agus rúndiamhracht ag baint leis. Is cosúil go bhfuil an-chur amach ag an bhfear ar an saol, ar an mbás agus, go deimhin, ar Phádraig féin.

 
 

Na príomhaisteoirí:

 

Stiofán Seoighe i bpáirt Phádraig,

Peadar Cox i bpáirt Éamoinn,

Carrie Crowley i bpáirt Shíle

agus John Finn i bpáirt Mháirtín.

 

Stiúrthóir: Tom Sullivan (Arracht, Fir Bolg)

Scríbhneoir: Kevin Toolis (My Father’s Wake, Complicit)

Léiritheoir: Niamh Fagan (Shooting the Mafia)

 

Ceamara & eagarthóireacht: Dan Keane agus Kilian Waters – Arcade Films

Dearadh Léiriúcháin: Padraig O’Neill (Arracht)

 

Cuideachta Léiriúcháin: Lunar Pictures

 
 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: