Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cork Folk Festival ar TG4

4 Deireadh Fómhair ag 9.30pm ar TG4
2 & 3 Deireadh Fómhair sruthú beo ar ardáin shóisialta TG4

28.09.20

YouTube https://youtu.be/Jt0eASul0bM
 

 
Tugann an Cork Folk Festival an nua agus an sean le chéile i meascán breá ceoil ag tosú Dé Domhnaigh an 4 Deireadh Fómhair ag 9.30pm ar TG4.

Déanfar ceolchoirmeacha a shruthú beo ar an 2 & 3 Deireadh Fómhair ar ardáin shóisialta TG4.

Féasta físiúil agus instinniúil a bheidh ann do lucht spéise an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil tíre nuair a chuirfear an chuid is fearr d’fhéile bhliantúil an Cork Folk Festival ar fáil ar ár scáileáin i sraith nua sé chlár a taifeadadh i roinnt de na hionaid is fearr aithne i gCorcaigh le linn Cork Folk Festival 2019.

Is iad Aniar TV a léirigh ‘Cork Folk Festival’, sraith sé chlár a thugann léargas ar dhlúithe agus ar neasacht an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil tíre ina gcuid foirmeacha go léir. Is í Doireann Ní Ghlacáin a chuirfidh an clár i láthair.

Beidh an 41ú Cork Folk Festival ar siúl ón 1 – 4 Deireadh Fómhair 2020. Tá ceann de ghrúpaí ceoil thraidisiúnta is iontaí na hÉireann, The Bonny Men, scríbhneoir amhrán mór le rá Chorcaí, John Spillane, a bheidh ag casadh in éineacht leis an amhránaí as Daingean Uí Chúis Pauline Scanlon, i measc na ndaoine breátha a fuair cuireadh a bheith páirteach sna ceolchoirmeacha fíorúla aon uaire seo — a bheidh ar siúl gan aon lucht féachana — ar an 2 agus 3 Deireadh Fómhair. Déanfar iad a shruthú beo ar leathanach Facebook TG4, ar leathanach Facebook Cork Folk Festival chomh maith le cainéal YouTube TG4 Trad.

Is bunaithe ar an taibhléiriú den chuid is mó atá an tsraith cheoil seo agus tabharfaidh Doireann Ní Ghlacáin – ar fidléir agus amhránaí mór le rá í féin a fáisceadh as traidisiún an cheoil a bhain le dhá theaghlach ceoil mór le rá, muintir Uí Riada agus muintir Uí Ghlacáin – neart eolais dúinn le linn di a bheith ag cur an chláir i láthair agus is deas go bhfuil seantaithí ag daoine uirthi faoin tráth seo.

Déanfar agallaimh dhátheangacha leis na ceoltóirí – i roinnt áiteanna iontacha ar leith – agus nochtar leis an tsraith seo an paisean neamhchoitianta atá de dhíth i ndáil le croílár chultúr na hÉireann.

Roinnfidh lucht an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil tíre chomh maith le ceoltóirí breátha eile atá ag teacht chun cinn an stáitse sa tsraith seo. Beidh meascán breá ceoil, idir cheol comhaimseartha agus cheol traidisiúnta le cloisteáil sa tsraith ó ghabháil fhoinn agus ó cheol as cuimse leithéidí mhóruaisle mar Iarla Ó Lionáird agus Steve Cooney, Dónal Lunny & Zoe Conway go réalta cheol tíre Shasana Eliza Carthy, agus réaltaí Éireannacha mar an draoi ar an ngiotár Shane Hennessy agus Ye Vagabonds.

“Tá ríméad orainn a bheith ag obair leis an Cork Festival chun cuid de cheoltóirí an cheoil tíre agus an cheoil thraidisiúnta is fearr sa tír a chur i láthair chomh maith le ceoltóirí nua atá ag teacht chun cinn,” Niamh Ní Bhaoill, Stiúrthóir Cruthaitheach Aniar TV. “Is mó ardú meanman agus croí atá ag teastáil na laethanta seo uainn ná mar a bhí riamh agus, go deimhin, tá sé sin le brath go tréan sna taibhléirithe ag an Cork Music Festival.”

Beidh ‘Cork Folk Festival’, a stiúir Maurice Linnane agus a léirigh Ciarán Ó Maonaigh, ag tosú ar TG4 an 4 Deireadh Fómhair ag 9.30pm.
 

@TG4TV #CorkFolkFestival

 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: