Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Seoda na Nollag ó TG4

09.12.20

 

Tá sceideal lán go barra ag TG4 an Nollaig seo ina mbeidh faisnéis nua, ceol na Nollag, faisnéis spóirt, scannáin Ghaeilge agus siamsaíocht don teaghlach ar fad.
 

Faisnéis Nua:

Maureen O’Hara – Banríon Hollywood, Lá Nollag 9pm

Tabharfar spléachadh sa gclár faisnéise seo, ar ceiliúradh é ar chéad bliain ó rugadh Maureen O’Hara, ar an saol iontach a chaith sí agus ar a slí bheatha in Hollywood. I measc na rannpháirtithe ar an gclár beidh teaghlach agus cairde Maureen agus a comh-réaltaí iomráiteacha amhail Hayley Mills, Stefanie Powers agus Patrick Wayne.
 

Moya, 29ú Nollaig 9:20pm
Tabharfar spléachadh sa gclár seo ar shaol agus ar shaothar Moya Brennan. Beidh idir agallaimh agus thaispeántais cheolmhara ó Moya féin, Imelda May, Paul Brady, Damien Dempsey agus neart eile ar an gclár.
 

Rang 2020, 29ú Nollaig 7:15pm
Tabharfar léargas pearsanta ar thréimhse chorrach agus chinniúnach i saol daltaí Rang 2020. Leanfar scéal cheathrar daltaí scoile agus iad ag ullmhú do scrúdú na hArdteistiméireachta agus A leibhéal agus don saol nua a bheidh acu ar an Ollscoil le linn na paindéime. Is beag duine fásta nach dtagann fuarallas leo agus iad ag smaoineamh siar ar gcuid scrúdaithe stáit, idir an strus, brú agus imní. Ach samhlaigh iad a dhéanamh in 2020!
 

Faoi Scáth a Chéile, Oíche Chinn Bliana 7:15pm
Tabharfar spléachadh sa gclár seo ar an gcaoi a ndeachaigh seisear i ngleic leis an saol le linn na paindéime. Sa chlár seo, tá an síciteiripeoir Eileen Ní Shuilleabháin, an tOifigeach Forbartha Iascaigh Cladaigh Máirtín Ó Tuairisg, an craoltóir, agus scannánóir Ola Majekodunmi, an ceoltóir, amhránaí, Eoghan Ó Ceannabháin, an ceoltóir agus amhránai Inni-K agus an craoltóir Conall Ó Máirtín.
 

Bádóirí, Bliain gan Coimhlint, Lá Caille 7:15pm
Bhí samhraidh aisteach ag Bádóirí Chonamara – cuireadh rásaí Chumann Húicéirí na Gaillimhe ar ceal agus d’fhan na báid sa gcuan. Ach má bhí fhéin, bhí báid nua á dtógáil agus tháinig long nua as tír i bhfad i gcéin fiú. Tá athbheochan bádóirí agus bád thiar i gCarna agus bádóirí eile ag réiteach cheana fhéin don bhliain seo chugainn. Ar lár i mbliana tá beirt de mhuintir Báille, Peadar agus Pádraig go ndéana Dia grásta orthu, ag fágáil poll i gcroí an phobail seo.
 

Faisnéis Spóirt:

Laochra Thar Lear, 23ú Nollaig 9:30pm

Déanfar ceiliúradh ar laochra Oilimpeacha na hÉireann sa gclár seo. Clár a chuirfidh cíocras lúthchleasaíochta orainn agus muid ag súil leis na Cluichí Oilimpeacha a bheidh i dTóiceo an samhradh seo chugainn. Caithfear súil siar ar thréimhse ina raibh lúthchleasaithe Éireannacha go mór chun tosaigh i gcuid mhór de na comórtais Oilimpeacha. Tabharfar spléachadh ar scéalta na seaimpíní Éireannacha sa chéad seasca bliain de na cluichí nua-aimseartha Oilimpeacha, ón dá bhonn óir a bhuaigh John Pius Boland san Aithin in 1896 go dtí Ronnie Delaney, a bhris an churiarracht Oilimpeach, in Melbourne in 1956.
 

Laochra na Rásaíochta, 27ú Nollaig 9:55pm

Dawn Run: Tabharfar spléachadh sa gclár seo ar na capaill ba mhó cáil sa rásaíocht seilge náisiúnta ó na 1970idí go dtí an lá atá inniu ann. Caithfear súil siar ar laethanta órga le píosaí scannán ón gcartlann chomh maith le hagallaimh ó na fir agus mná a bhí i mbun na gcapall seo. Scéal Dawn Run a bheidh faoi chaibidil sa chlár seo. Paddy Mullins a thraenáil an láir seo i gCill Chainnigh agus is í an t-aon capall riamh a bhuaigh an Champion Hurdle agus an Corn Óir ag Cheltenham.

Ceol:

 

Tunes from the Church, 20ú Nollaig 9:30pm
Ceolchoirm cheoil thraidisiúnta ó shéipéal Naomh Nioclás i gcathair na Gaillimhe, á cur i láthair ag Cormac Ó Beaglaoich. Beidh Séamus Ó Beaglaoich agus Steve Cooney, beirt ceannródaithe ceoil a bhain clú amach sna 90idí, ar ais le chéile don oíche speisialta seo. In éineacht leo ar stáitse beidh an Canónach Gary Hastings, Kevin Hough, Saileog Ní Cheannabháin agus Clíodhna Ní Bheaglaoich.
 

Anúna: On a Cold Winter’s Night, Oíche Nollag 8:15pm
Faoi sholas coinnle a taifeadadh an cheolchoirm seo i Séipéal Naomh Bartholomew i mBaile Átha Cliath. Cuimsíonn na hamhráin míle bliain de cheol a cruthaíodh do shéasúr an gheimhridh arna léiriú ag an ngrúpa gutha iomráiteach ANÚNA. I measc na n-amhrán clasaiceach a chan siad bhí Away in the Manger, Jingle Bells & Ding Dong Merrily on High chomh maith le Dúlamán, Pie Jesu agus Fionnghuala.
 

Kilfenora Beo, Lá Nollag 8:05pm
Buaicphointí ó cheolchoirm bheo ar líne i dteannta réalta TikTok, Michael agus Matthew Gardiner, Sinéad Neylon agus Edel Vaughan. Bí linn do chlár ar leith!
 

The Dubliners – The Parting Glass, Lá Nollag 9:55pm

Tabharfar ómós sa gclár seo do cheann de bhannaí móra na tíre The Dubliners. Craoladh eisiach ó Ardeaglais Theampall Chríost i mBaile Átha Cliath agus iad ag ceiliúradh 50 bliain dá gcuid ceoil. Is í seo an cheolchoirm a chuir tús leis an gcamchuairt deiridh uilig in 2012 agus ba é an uair dheireanach é ag Barney McKenna ar stáitse i mBaile Átha Cliath. Beidh Oíche mhór craic, scéalta agus ceoil ann.
 

Cherish the Ladies A Christmas Concert, Oíche Nollag 7:15pm
Ceolchoirm Nollag Cherish the Ladies as Rinn na Spáinneach i gCo. an Chláir. Ó tharla srianta dianghlasála Covid-19 a bheidh i bhfeidhm, is in Éirinn a reáchtáil na mná ceolchoirm na bliana seo agus iad faoi stiúir Joanie Madden.
 

Liam O’Flynn – Píobaire, Lá le Stiofáin 7:45pm
Fadscannán faisnéise faoin máistir ar na píb, Liam Óg Ó Floinn, ó bhí sé ina bhall den sárghrúpa ceoil, Planxty go dtí a shaothar ceannródaíoch ceolfhoirne The Brendan Voyage.
 

Christy Moore – Come All You Dreamers, 27ú Nollaig 10:55pm
Christy Moore, Declan Sinnott agus aíonna eile i mbun ceoil ag Ceolchoirm a taifeadadh beo sa Barrowland i nGlaschú. I measc na n-amhrán a chasfaidh siad beidh After the Deluge, Barrowland, City Of Chicago, Ride On, Missing you, Back Home in Derry agus neart eile.
 

Gradam Ceoil TG4 2020, Oíche Chinn Bliana 8:15pm
Gradam Ceoil TG4 2020 as Halla an Waterfront i mBéal Feirste. Tiocfaidh plúr na gceoltóirí ó gach cearn den domhan le chéile don ócáid speisialta seo. Á chur i láthair ag Doireann Ní Ghlacáin agus Dónal O’Connor. Beidh ceoltóirí agus fonnadóirí amhail Laoise Kelly, Seamus Connolly, Josephine Marsh, Sharon Howley, Ned Kelly, Lillis Ó Laoire agus Beoga i measc na rannpháirtithe ar an oíche.
 

Fáilte 2021, Oíche Chinn Bliana 11:30pm
Cuirfidh Dáithí Ó Sé agus Muireann Nic Amhlaoibh tús spleodrach leis an mbliain nua ón Daingean le féasta speisialta ceoil ar Fáilte 2021. Beidh scoth an cheoil, chomh maith le scoth na n-amhránaithe agus na ndamhsóirí againn daoibh ó Chonamara, Dún na nGall, Ráth Chairn, An Rinn agus ó Chorca Dhuibhne! I measc na rannpháirtithe ar an gclár beidh Séamus Begley agus a chlann, Fidil, Cormac Begley, Pauline Scanlon & The Whileaways, Emma Ní Fhioruisce, Megan Nic Ruairí, Johnny Óg Connolly, Máirtín Tom Sheáinín, Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta, The Hot Toddies agus go leor eile.
 

Scannán Cine4

Finky, Lá Caille 9:20pm
2019) An chéad léiriú teilifíse don scannán Gaeilge FINKY a léiríodh mar chuid de Cine4. Is iad Dara Devaney, Ned Dennehy agus Diarmuid de Faoite na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Dhathaí Keane. Ceoltóir agus puipéadóir é Micí Finky atá ag iarraidh éalú ón saol a bhí aige. Goideann sé clúdach airgid agus tugann sé féin agus a chara aghaidh ar Albain. Ach baineann drochthimpiste do Finky an chéad oíche acu i nGlaschú agus fágtar gan mhothú é óna bhásta síos. Téann an saol in aimhréidh air ach tugann obair atá faighte aige le Carnival Chaotica misneach dó.

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: