Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cúig Seachtaine de Champaí Samhraidh le Craoladh sa tSraith Nua 'Campaí Cúla4'

Campaí Cúla4
Ag tosú 29ú Meitheamh ag a 10am

12.06.20


 
Nuair a chríochnóidh ‘Cúla4 ar Scoil’ ag deireadh na míosa seo agus saoire an tSamhraidh ag tosú go hoifigiúil, beidh cúig seachtaine de Campaí Cúla4 á chraoladh ar TG4 chun páistí a choinneáil gnóthach agus sásta fad is atá an tír fós ag dul i ngleic leis na srianta atá orainn de bharr Covid-19.  Go hiondúil gach Samhradh, bíonn rogha campaí samhraidh ar fáil do pháistí agus iad saor ón scoil. Agus é idir dhá cheann na meá an mbeifear in ann dul ar aghaidh le campaí samhraidh ar chor ar bith i mí Iúil ná ina dhiaidh sin de bharr COVID-19,  cabhróidh  ‘Campaí Cúla4’  chun an bhearna sin a mhaolú do pháistí le Gaeilge ar fud na tíre.

Is é an comhlacht léirithe ‘Meangadh Fíbín’ a bheidh i mbun an léirithe, agus is iad a léirigh ‘Cúla4 ar Scoil’, sraith a bhfuil an-tóir air ó cuireadh tús leis tar éis saoire na Cásca. Tá ‘Cúla4 ar Scoil’ dírithe ar pháistí Gaeltachta agus gaelscoile a bhí ag foghlaim sa bhaile de bharr scoileanna a bheith dúnta ó mhí Márta. Tá cáil ar Fíbín freisin dá gcuid léiriúcháin eile, ‘Is Eolaí Mé’, ‘Is Mise’ agus ‘Saol faoi Shráid’. 

Beidh cúig champa le téamaí éagsúla á reachtáil ag Campaí Cúla4, a thabharfaidh deis do pháistí réimse leathan suimeanna a chur i gcleachtadh. Beidh láithreoir difriúil ar gach campa freisin, láithreoirí iad a bhfuil saineolas acu ar ábhair an champa.
 
Campa a hAon – Na hEalaíona Traidisiúnta.  Beidh Orla Ní Fhinneadha, láitheoir aimsire le TG4 agus múinteoir bunscoile i mbun an chéad champa a bheidh dírithe ar na hEalaíona traidisiúnta.  Is múinteoir bunscoile as Conamara í Orla Ní Fhinneadha le B.Oid, M.Oid agus DGCS. Tá duaiseanna amhránaíochta buaite aici ag an Oireachtas agus ag an bhFleadh Cheoil. Oibríonn sí go crua chun na healaíona traidisiúnta a chur chun cinn i measc glúin óg i gConamara. 

Beidh gach gné de na hEalaíona Traidisiúnta á chur i láthair ag Orla sa champa, ó amhráin ar an sean-nós, stíleanna éagsúla damhsa, fillíocht, luibíní agus rap fiú. Beidh aíonna ar nós Cillian ó Donnchadha ag cur comhairle faoi dhrámaíocht agus scileanna aisteoireachta, Seóna a bheidh ag múineadh poirt ar an bhfeadóg i gcúig cheacht i gcaitheamh na seachtaine. Seachtain spraíúil, cheolmhar a bheidh ann agus spreagfaidh sí gach duine againn le dul i mbun cumadóireachta.
 
Campa a Dó – Bia, Folláine & An Nádúr – Tá Diarmuid Ó Mathúna ar ais!! An Corcaíocht a mheall gach duine lena chuid oideas gach seachtain ar Cúla4 ar Scoil.  Is aoibheann leis a bheith ag ithe. Is mar sin a chaitheann sé a chuid ama ar fad, istigh sa chistin ag réiteach agus ag ithe bia. Nuair nach mbíonn sé ag ithe nó ag réiteach bia bíonn sé ag smaoineamh faoi, ag caint faoi nó ag scríobh faoi bhia.  Beidh Diarmuid ag cur miasanna blasta eile os ár gcomhair agus cuirfidh sé bia eile ó áiteanna éagsúla ar fud an domhain os ár gcomhair chomh maith. Feicfimid mar shampla an turas a dhéanann bia ó fheirm i Meiriceá thas go pláta in Inis Oírr! Beidh cúpla aoi speisialta eile aige ag cur síos ar bhia agus ar an dúlra thart timpeall na hÉireann agus beimid ag foghlaim faoi champáil amuigh faoin aer.
 
Campa a Trí – An Teicneolaíocht & an Chruthaitheacht (STEAM) –  Beidh Jules Ní Chonchubhair ó Techspace i mbun an champa teicneolaíochta agus cruthaitheachta.  Tá cúlra ag Jules le hinnealtóireacht fuaime agus le ríomhairí. Is breá léi bealaí nua cruthaitheacha a aimsiú chun oiliúint STEAM a thabhairt do chách. Tá spéis ar leith aici timpeallacht chuimsitheach a chruthú d’oideachas STEAM.   I gcomhthéacs an domhain a bhfuil cónaí orainn sa lá atá inniu ann,  áit a bhfuil gach duine ag brath ar an teicneolaíocht le nasc a choimeád lena chéile, cuirfidh Jules seachtain siamsúil a fhreagróidh an “cén fáth, cén chaoi agus cén uair” trí fhiosrúchán agus spraoi. Ó theicneolaíocht go innealtóireacht, beidh muid ag foghlaim faoin domhan thart orainn.
 
Campa a Ceathair – Spórt & Aclaíocht – Cuirfidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill an campa spóirt agus aclaiochta i láthair.   Is í Máire Treasa aghaidh aitheanta “Rugbaí Beo” ar TG4.  Beidh fonn ar pháistí éirí ó na suíocháin agus páirt a ghlacadh san aclaíocht le Máire Treasa. Foghlaimeoimid conas fanacht sláintiúil agus folláin sa bhaile agus feicfimid na spóirt ar fad is féidir linn a imirt. Beidh aíonna éagsúla in a teannta ag cur síos ar gach réimse spóirt ó pheil, júdó go seoltóireacht. Seachtain spraíúil spóirtiúíl í seo agus lán d’fhuinneamh.
 
Seachtain a Cúig – Na Meáin Chumarsáide (teilifís, raidio, podchraoltaí, vlogáil, scríbhneoireacht) – tá deis anseo nascadh isteach le RnaG, Tuairisc, Iriseoirí Gaeilge &rl. Ní raibh tábhacht riamh leis na meáin mar atá anois. Agus muid ag fanacht sa bhaile, tá muid ag brath ar na meáin ar bhealach amháin nó ar bhealach eile chun nuacht a fháil, le fanacht i dteagmháil lena chéile agus chun siamsaíocht a chur ar fáil. Beidh meabhrúcháin rialta maidir leis an tslí ba chóir fanacht sábháilte ar líne agus conas nithe a roinnt go sábháilte. Foghlaimeoimid conas clár raidió a chur le chéile, conas nuachtán a chur in eagar.  Beidh Caitlín Nic Aoidh ag láithriú seachtain shuimiúil agus na gnéithe éagsúla a bhaineann leis na meáin á chur i láthair aici. Is as Cloich Cheannfhaola i nGaeltacht Thír Chonaill do Chaitlín. Chaith sí cúpla bliain ag múinteoireacht sula ndeachaigh sí i dtreo na meáin. Tá sí ag obair le TG4 ó bhí 2015 ann mar láithreoir aimsire agus leanúnachais agus tá réimse cláir déanta ó cláir beo go cláir réamhthaifeadta aici. Tá taithí aici ar na meáin shóisialta agus na meáin dhigiteach chomh maith le bheith os comhair an cheamara.  

Tá an t-sraith cláir campaí á léiriú le tacaíocht maoinithe ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge agus ar leas fheidhmiú an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge.

 

Dúirt an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, an Seanadóir Seán Kyne: “Is údar áthais dom go bhfuil an mo Roinn in ann tacú leis an tionscnamh spreagúil seo.  Beart praicticiúil is ea an tsraith seo Campaí Cúla4. Beidh sé  mar thaca breise do pháistí fud fad na tíre ag an tráth seo agus ar ndóigh do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Luíann sé isteach chomh maith leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus leis an obair fhónta atá ar bun ag leithéidí Ealaín na Gaeltachta, TechSpace, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus eagraíochtaí Gaeilge eile a bhíonn ag plé leis an nGaeilge i measc an aosa óig mar chuid den Straitéis. Níl aon amhras orm ach go mbainfidh páistí an-sult as an tsraith.”

 

Dúirt Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Daoine Óga TG4: “Tá súil againn go mbainfidh páistí taitneamh agus spraoi as na Campaí Samhraidh a bheidh á chraoladh ar feadh 5 seachtaine ar TG4.  Treiseoidh na campaí leis an méid a bhí ar bun ar Cúla4 ar Scoil le 2 mhí anuas agus tabharfaidh siad blaise de réimsí ar leith gach seachtain, idir Ealaíon, Cócaireacht, Aclaíocht, Cumarsáid agus STEAM.”

 

 

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: