Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tabharfar léargas ar shaol an imreora iomráitigh rugbaí, Anthony 'Axel' Foley, i clár TG4

10.08.20


 
Axel – Munster’s Heineken Cup Journey

TG4 Dé hAoine an 14 Lúnasa 10:15pm


 

Tá ríméad ar TG4 a fhógairt go dtaispeánfar ‘Axel – Munster’s Heineken Cup Journey’ den chéad uair ar an teilifís Dé hAoine an 14 Lúnasa ag 10:15pm. Rinneadh an clár seo a léiriú ar dtús nuair a d’éirigh Anthony as an imirt in 2008. Déanfar cur síos sa chlár seo ar mar a chuidigh Axel le foireann na Mumhan tionchar ollmhór a bheith aici ar an rugbaí ar fud an domhain agus fanacht dílis do na croíluachanna a bhí aige – dílseacht, naimhdeas agus mórtas – ag an am céanna.
 
Bhí clú agus cáil ar mhuintir Anthony ‘Axel’ Foley roimhe mar gheall ar an rugbaí. Léirigh a athair Brendan gach rud a bhí dian agus ionraic faoin mbranda speisialta rugbaí sin a bhain go díreach lena chathair dúchais Luimneach. Bhí an t-ádh ar Axel gur éirigh leis an tuiscint ghrinn sin a bhí ag a athair ar chúrsaí rugbaí a thabhairt leis. Bhí ardmheas ag glúin de lucht tacaíochta agus imreoirí Rugbaí na Mumhan ar Axel a raibh tréithe aige a theastaigh uathu a bheith acu féin. Ní raibh a leithéid de ghairm imeartha ag aon imreoir eile agus is mar gheall ar na tréithe sin a bhí aige – ionracas, croí agus diongbháilteacht – é sin.
 
Sa chlár seo ‘Axel’ caithfidh Anthony súil siar ar an ngairm cheannródaíoch a bhí aige le foireann na Mumhan agus ar na laethanta ba mhó a bhí ag an bhfoireann sin i bPáirc Thuamhan agus thar lear. I measc na ndaoine a thabharfaidh ómós do Axel agus a dhéanfaidh cur síos chomh maith ar na laethanta maithe agus go deimhin ar na drochlaethanta a bhí aige le linn a ghairme spóirt beidh:

Declan Kidney Alan Gaffney
Paul O’Connell Ronan O’Gara
Mick Galwey Peter Clohessey
John Kelly Alan Quinlan
Marcus Horan Jerry Flannery
Barry Murphy Ian Dowling
Dutchy Holland John O’Neill
Pat Murray Keith Wood

 
Is éard a bhí le rá ag Kieran Hartigan (Stiúrthóir) [The Brave & The Faithful (2006) / The West’s Awake(2012)] faoin gclár a bheith á thaispeáint den chéad uair ar an teilifís “Deirtear nár cheart duit casadh le do chuid laochra. Ach níorbh fhíor sin ar chor ar bith faoi Anthony Foley, fear a raibh saol róghearr aige. Tá mé mórtasach gur léiriú é an clár faisnéise seo ar an saol imeartha eisceachtúil a bhí ag Anthony agus ar chomh tábhachtach is a bhí a chlann dó”.
 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: