Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cothromaíocht níos fearr i maoiniú na meán seirbhíse poiblí á lorg ag TG4

16.12.20

 

Chuir Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont fís TG4 i láthair inniu don Chomhchoiste Oireachtais um na Meáin, Turasóireacht, na hEalaíona, Cultúr, Spórt agus an Ghaeltacht ar athshamhlú na meán seirbhíse poiblí in Éirinn.
 
Molann TG4 gur cheart go mbeadh éicachóras ann do na Meáin Sheirbhíse Poiblí agus go mbeadh an tsuim chéanna de mhaoiniú poiblí roinnte idir Fís Éireann, TG4 agus an Ciste BAI Fuaim & Fís agus atá ag RTÉ a thabharfadh éagsúlacht agus iolrachas san earnáil agus cothromaíocht san éiceachóras poiblí closamhairc agus a leagan amach réigiúnach.
 
Tá struchtúr closamhairc na hÉireann mar an gcéanna nach mór leis an am roimh an Acht Craolacháin 2009. Tá sé lonnaithe i mBaile Átha Cliath den chuid is mó. Tá deis mhór ann cur le struchtúr na heacnamaíochta cruthaitheach i réigiúin na hÉireann. Is fórsa Craoltóireachta Poiblí é TG4 atá in ann forbairt, scála agus idirnáisiúnú a spreagadh san earnáil neamhspleách léiriúcháin sna réigiúin.
 
Creideann TG4 gur cheart go bhfanfadh seirbhísí líneacha agus ar éileamh Craolacháin Seirbhíse Poiblí so-aimsithe ar ardáin craoltóireachta in Éirinn. Ba chóir go mbeadh tosaíochtaí feiceálachta ag TG4 HD, TG4+1 agus Seinnteoir TG4 ar gach ardán tábhachtach craoltóireachta agus go mbeadh ‘Cúla4’ ar fáil mar chainéal ann féin.
 
Tá stádas mar chraoltóir seirbhíse poiblí á lorg ag TG4 i dTuaisceart Éireann agus iarratas déanta go mbeadh sé ar fáil ar chainéal a 8 ar Freeview mar go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh TG4 so-aimsithe i dTuaisceart Éireann.
 
Dar le Alan Esslemont, ba cheart go mbeadh an uaillmhian chéanna ag craoltóireacht na Gaeilge agus atá ag craoltóireacht na Breatnaise. Tá maoiniú poiblí de £81.5M ag S4C na Breataine Bige agus tugann an BBC 515 uair de chláracha per annum do S4C, luach £22M. Mar sin tá maoiniú iomlán poiblí de £103.5M á chur ar fáil don teilifís i mBreatnais.
 
Teastaíonn ciste náisiúnta d’ábhar do dhaoine óga faoi 35 agus gur cheart méadú a chur ar Chiste Craoltóireachta na Gaeilge ag NI Screen, mar a bhí molta sa socrú ‘New Decade, New Approach’.
 
Labhair Alan Esslemont faoi thionchar na paindéime Covid-19 ar an earnáil freisin. ‘An bhliain seo de Covid, ba bhliain í de chumha, mearbhall agus brón. Ach bliain de éachtaí daonnachta agus seirbhíse poiblí a bhí ann freisin. Inár dtionscal closamhairc féin, ba mhaith liom ómós a thabhairt d’fhoireann inmheánach TG4 agus do na léiritheoirí neamhspleácha uile a chomhoibríonn linn.’
 
Tá comhoibriú leanúnach idir TG4 agus eagraíochtaí i réimsí na turasóireachta, an chultúir, na n-ealaíon, an spóirt agus na Gaeilge is féidir le TG4 cur go mór leis na cuspóirí poiblí a bhaineann le hobair an choiste. Tá d’uailmhian ag TG4 tógáil ar an seirbhís chuimsitheach, ilghnéitheach Gaeilge atá ar fáil don lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain ar an seinnteoir.

 
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: