Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Vóta 2020 - Pobalbhreith TG4 / Ipsos MRBI Ciarraí

04.02.20

Borradh fós faoi fheachtas toghcháin Shinn Féin i gCiarraí, agus an chosúlacht air go gcoinneoidh Pa Daly Thrá Lí suíochán Martin Ferris

Léirítear i dtorthaí phobalbhreith dáilcheantair nua TG4/Ipsos MRBI don chlár ‘Vóta 2020’ go mbeidh sé ina chomórtas iontach i gCiarraí don chúig shuíochán atá le baint amach ansin. 13 ainm atá ar an mballóid agus beidh iomaíocht fhíochmhar i gceist. Is cosúil go sáróidh Pa Daly Shinn Féin an cuóta le 20% de na vótaí céadrogha agus coinneoidh sé suíochán Martin Ferris dílis atá ag éirí as an bpáirtí agus a bhfuil an suíochán sin aige ó 2002, agus é ag baint leas as an rabharta tacaíochta atá ag Sinn Féin ar fud na tíre faoi láthair. Tá 20% de na vótaí céadrogha ag Michael Healy Rae chomh maith agus tá sé féin agus Daly sa chéad áit faoi láthair. Ach, ní féidir a bheith cinnte go gcoinneoidh a dheartháir Danny a shuíochán, áfach, agus gan de thacaíocht aige ach 4% de réir na pobalbhreithe seo. Tá an cuóta atá de dhíth bainte amach ag an Aire Stáit sa Roinn Iompair Turasóireachta agus Spóirt, Brendan Griffin Fhine Gael le 17% de na vótaí céadrogha agus de réir na pobalbhreithe seo is iomaitheoir láidir é chun ceann den chúig shuíochán atá ann a thabhairt leis.

Cad mar gheall ar an dá shuíochán eile? Tá bearna mhór idir Brendan Griffin atá ar 17% agus an té atá sa cheathrú háit, Norma Foley Fhianna Fáil atá ar 10%; beidh suas le 5 de na hiarrthóirí eile ag meas go bhfuil siad féin fós san iomaíocht don dhá shuíochán atá fanta.

 

 

Tacaíocht na bPáirtithe i gCiarraí (Vóta Uimhir 1)

Páirtí PB ’20 Oll ’16
Micheal HEALY RAE IND 20% 26%
Pa DALY SF 20%
Brendan GRIFFIN FG 17% 12%
Norma FOLEY FF 10%
Cleo MURPHY G 9%
John BRASSIL FF 9% 10%
Mike KENNELLY FG 6%
Norma MORIARITY FF 4% 5%
Danny HEALY RAE IND 4% 13%
Sonny FORAN AON 5%
Ted CRONIN IND 1%
John BOWLER IFP 0%
Sean O’LEARY IND 0%

 
Rinne Ipsos MRBI an suirbhé seo ar shampla 538 duine fásta a bhí 18 mbliana nó níos sine i ndáilcheantar Chiarraí thar ceann TG4. Tionóladh na hagallaimh Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 1 agus 2 Feabhra. +/- 4% an lamháil earráide atá i gceist.
 
 

Tacaíocht na bPáirtithe i nDáilcheantar Chiarraí (Vóta Uimhir 1)

PB ’20 Oll ’16
Healy Rae 23% 38%
Fianna Fáil 23% 16%
Fine Gael 23% 21%
Sinn Féin 20% 12%
Green Party 9% 1%
Labour n/a 6%
Aontú 2% n/a
Independent / Other 1% 5%

 

 

Bhíodh Ciarraí briste suas ina dhá dháilcheantar riamh, Ciarraí Thuaidh agus Ciarraí Theas, agus bhí ionadaíocht 6 shuíochán i nDáil Éireann i gceist ón dá dháilcheantar sin in éindí. Tháinig athrú mór air sin le linn Olltoghchán 2016; laghdaíodh an ionadaíocht go dtí 5 shuíochán agus rinneadh dáilcheantar mór amháin den chontae ar fad. Mar is iondúil, beidh na vótaí aistrithe ríthábhachtach, maidir le páirtithe agus ceantair.

Léiríonn tacaíocht na bpáirtithe toradh fíorspéisiúil ar fad, tá an tacaíocht atá ag Fine Gael, ag Fianna Fáil agus ag muintir Healy Rae ar fad ar 23%; ach ábhar áthais a bheidh ann don dá phríomhpháirtí le hais mhuintir Healy Rae agus na torthaí sin á gcur i gcomparáid le torthaí Olltoghchán 2016 (FF ardaithe ó 16%, FG ardaithe ó 21%, agus muintir Healy Rae tite ó 38%). Is cosúil go mbeidh méadú go dtí 20% ar an tacaíocht atá ag Sinn Féin, agus an páirtí ag sárú an chuóta ag an am céanna, agus is cosúil gur suntasach an t-ardú atá bainte amach ag Comhaontas Glas le hais Olltoghchán ’16 agus an páirtí anois in iomaíocht don suíochán deiridh.

Toghadh Michael Healy Rae agus Danny Healy Rae araon in 2016, chomh maith le Martin Ferris Shinn Féin, Brendan Griffin Fhine Gael agus John Brassil Fhianna Fáil. Tá socraithe ag Martin Ferris gan páirt a ghlacadh san olltoghchán seo, mar aon le páirtí an Lucht

Oibre i gCiarraí; is é seo an chéad uair nach raibh aon iarrthóir ag páirtí an Lucht Oibre i gCiarraí ó na 1930idí.

Sáraíonn Fianna Fáil an cuóta nuair a chuirtear tacaíocht iomlán na n-iarrthóirí le chéile, agus éireoidh leis an bpáirtí suíochán amháin ar a laghad a bhaint amach de réir na pobalbhreithe, ach cé a gheobhaidh é? Bhí suíochán ag John Brassil sa Rialtas deiridh ach níl ach téarma amháin curtha isteach aige agus d’fhéadfadh seisean a bheith i mbaol dá réir. Iarrthóir an-láidir í Norma Foley a bhí ina Méara ar Chiarraí tráth agus is iníon í leis an Teachta Dála Denis Foley, nach maireann, agus tá sise chun cinn de bheagán ar John Brassil le 10% de na vótaí céadrogha faighte aici i gcomparáid le 9% Brassil. D’fhéadfadh treo shuíochán Fhianna Fáil i gCiarraí a bheith ag brath ar na haistrithe ó thríú iarrthóir FF, Norma Moriarty, atá ar 4% faoi láthair.

Cad mar gheall ar an suíochán deireanach? Is mar seo a leanas atá an comórtas don suíochán deiridh de réir na pobalbhreithe; cibé a chaillfidh an cath idir Foley/Brassil, iarrthóir Chomhaontas Glas Cleo Murphy (ar 9%), dara iarrthóir Fhine Gael Mike Kennelly (ar 6%) agus Danny Healy Rae chomh maith, cé go measfaí go bhfuil seisean as an áireamh ar 4%, d’fhéadfadh sé go bhfuil seans i gcónaí aige mar gur seisean is mó a bhainfidh buntáiste as aistrithe breise a dhearthár Michael.

Is iarrthóirí nua iad Cleo Murphy agus Mike Kennelly araon; iar-iriseoir le Radio Kerry í Murphy agus is comhairleoir atá lonnaithe i Lios Tuathail é Kennelly a bhfuil aithne mhór air mar gheall ar an mbaint mhór atá ag a theaghlach le cúrsaí CLG sa chontae.

De bharr go bhfuil an ceathrar iarrthóirí atá ag íochtar na pobalbhreithe (Sonny Foran ó Aontú, na neamhspleáigh Ted Cronin agus Sean O’Neill chomh maith le John Bowler ó Éire Amach: Cumann na Saoirse) ar 2% nó níos lú, beidh an toradh maidir leis an suíochán deireanach ag brath ar an treo a rachaidh aon aistrithe breise ó na hiarrthóirí a thoghtar ar dtús chomh maith leis an ord ina gcuirtear iarrthóirí eile as an áireamh. De bharr go bhfuil roinnt iarrthóirí nua sa tóir ar an suíochán deiridh, tá sé deacair a rá cé a gheobhaidh é, ach d’fhéadfadh go mbeadh tionchar mór ag cúrsaí tíreolaíochta sa chás sin, chomh maith leis an tionchar atá ag muintir Healy Rae dar ndóigh.

Beidh muintir Healy Rae ag ceapadh go mbeidh siad ábalta dlús a chur faoina bhfeachtas an tseachtain deiridh roimh lá na vótála. Cé go bhfuil an chosúlacht ar an scéal nach smaoineamh éifeachtach a bhí ann go dtí seo an contae a roinnt eatarthu, is maith a thuigeann na hiarrthóirí eile an tacaíocht atá acu agus d’fhéadfaidís an suíochán a fháil.
 

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

Is í seo an phobalbhreith deiridh i sraith phobalbhreitheanna MRBI mar chuid de chlúdach Olltoghcháin TG4.
4% an lamháil earráide atá i gceist.
 

Modheolaíocht

Rinne Ipsos MRBI an suirbhé seo ar shampla 538 duine fásta a bhí 18 mbliana nó níos sine i ndáilcheantar Chiarraí thar ceann TG4. Tionóladh na hagallaimh Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 1 agus 2 Feabhra. Ar gach slí, chuathas i mbun an tsuirbhé seo laistigh de na treoirlínte atá leagtha amach ag AMIRO agus ESOMAR. Rinneadh na hagallaimh le CATI (agallaimh theileafóin ríomhchuidithe). Rinneadh na freagróirí a roghnú ó bhunachar sonraí d’uimhreacha línte talún agus d’uimhreacha fóin póca a cruthaíodh trí Dhiailiú Uimhreacha Randamacha.

Ag an gcéim anailíse, rinneadh an sampla a ualú chun go mbeadh sé ag teacht le próifíl na vótálaithe sa phobalbhreith seo agus le próifíl na vótálaithe arna tabhairt le fios ag an bPobalbhreith díreach tar éis Vótála ar Olltoghchán 2016 a rinne an Irish Times/Ipsos MRBI. Ina theannta sin, iarraidh ar na freagróirí go léir an luach atá lena vóta ar scála 1 go 10 a thabhairt le fios, agus gurbh é a bhí i gceist le 1 “nach ndéanann sé aon difríocht” agus gurbh é a bhí i gceist le 10 “déanann sé go leor difríochta”. Caitheadh leis an dream a thug 1 mar fhreagra ar an gceist seo mar dhaoine nach gcaitheann vóta agus cuireadh as an áireamh iad ónar áireamh maidir le rogha iarrthóirí, chomh maith leo sin nach bhfuil a fhios acu cé dhó a chaithfidh siad vóta nó a dúirt nach mbeidh siad ag vótáil.

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: