Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

All Ireland Gold i Mí Meitheamh

25.05.20

#AllIrelandGold
 

Dé Domhnaigh an 7 Meitheamh

All Ireland Gold

Deis eile Ciarraí V Uíbh Fhailí a fheiceáil i gCluiche Leathcheannais Chraobh Peile na hÉireann 1980. An 24 Lúnasa 1980 a imríodh an cluiche seo ar Pháirc an Chrócaigh agus cuireadh taispeántas dáiríre peile ar fáil don lucht leanúna.  Ba é Mick O’Dwyer an ceann feadhna ar Chiarraí agus i measc réaltaí móra na Ríochta bhí Pat Spillane, Mikey Sheehy, Eoin Liston, John Egan, Ger Power, Ogie Moran agus Imreoir na Bliana 1980 Jack O’Shea. Eugene McGee a bhí ina shaoiste ar pheileadóirí Uíbh Fhailí agus ar an bhfoireann sin bhí Gerry Carroll, Richie Connor agus Matt Connor a bhí ar dhuine de fir spóirt is fearr a tháinig as an gcontae sin riamh. Ba é Matt Connor ba mhó a raibh scóranna faighte aige sa tsraith i 1980 agus bhí Gradam All-Star Peile CLG buaite ag an bhliain sin, an t-aon cheann a chuaigh go hUíbh Fhailí.  Bhí misneach maith ag Uíbh Fhailí ag dul isteach sa chluiche leathcheannais.   Ba iad Seaimpíní Peile Laighean iad ar ndóigh agus Áth Cliath buailte acu – bhí Áth Cliath ag dréim leis an seachtú Craobh Laighean as a chéile.

 

GAA Gold

Deis eile Luimneach V Gaillimh a fheiceáil i gCluiche Ceannais Chraobh Sinsear Iomána na hÉireann 2018 ar Pháirc an Chrócaigh. Bhí 82,300 i láthair i gceanncheathrú CLG chun an 131ú Craobh na hÉireann san Iomáint a fheiceáil.  Ba iad Gaillimh a bhuaigh an Chraobh an bhliain roimhe sin agus bhí súil acu Craobh na hÉireann a bhuachan den séú huair.  Ba é John Kiely bainisteoir fhoireann Luimnigh, foireann a bhí sa gcluiche ceannais den chéad uair ó 2007 agus a raibh súil acu an Chraobh a bhuachan an t-ochtú babhta – ba i 1973 a bhuaigh siad go deiridh é.  Faoi dhó cheana a thug dá chontae aghaidh ar  chéile sa gcluiche ceannais: i 1923 agus i 1980 – bhuaigh Gaillimh an dá bhabhta acu.  Tráchtaireacht le Garry Mac Donncha.

 

 

 

Dé Domhnaigh an 14 Meitheamh

All Ireland Gold

Deis eile Aontroim V Uíbh Fhailí a fheiceáil i gCluiche Leathcheannais Chraobh Sinsear Iomána na hÉireann 1989 ar Pháirc an Chrócaigh. Bhí an cluiche seo ar cheann de na cluichí ba mhó san iománaíocht sna hochtóidí.

Bhí Cill Chainnigh buailte ag Uíbh Fhailí i gCraobh Laighean agus thug aghaidh ansin ar Aontroim, a raibh Craobh Uladh sciobtha acu ó Chontae an Dúin. Bhí súil ag Jim Nelson, bainisteoir Aontroma, agus a fhoireann Cluiche Ceannais Chraobh na hÉireann a bhaint amach den chéad uair le 46 bliain le himreoirí mar Terence McNaughton, Olcan McFetridge, Aidan McCarry, Danny McNaughton agus an captaen Ciaran Barr. An 6 Lúnasa 1989 ab ea an dáta agus chruinnigh 64,127 duine i bPáirc an Chrócaigh chun iad a fheiceáil.

 

GAA Gold

An t-aicsean ar fad idir Áth Cliath v Maigh Eo  i gCluiche Ceannais Chraobh Sinsear Peile na hÉireann 2017 ar Pháirc an Chrócaigh. Ba é seo an ceathrú babhta ar casadh an dá chontae seo ar a chéile sa chluiche ceannais – d’imir siad a chéile cheana i 1921, 2013 agus in 2016. Bhí foireann Átha Cliath faoi stiúir Jim Gavin ag súil Craobh na hÉireann a thabhairt leo den tríú huair as a chéile fad is a bhí Maigh Eo, faoi bhainistíocht Stephen Rochford ag dréim Craobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair ó 1951.  82,243 duine a thug aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh an 17 Meán Fómhair chun an cluiche a fheiceáil.

 

 

 

Dé Domhnaigh an 21 Meitheamh

All Ireland Gold

Deis eile Dún na nGall V Áth Cliath a fheiceáil i gCluiche Ceannais Chraobh Sinsear Peile na hÉireann i 1992 ar Pháirc an Chrócaigh. Ba é Brian McEniff an fear a bhí i gceannas ar fhoireann na gConallach ar a raibh Martin and James McHugh, Brian Murray, Declan Bonner, Matt Gallagher, Manus Boyle agus Anthony Molloy ina chaptaen orthu. Bhí barúil mhór d’Áth Cliath, gur leo a bheadh an lá a d’fhágfadh Craobh na hÉireann acu den 22 uair – an chéad uair ó 1983. Bhí súil ag Dún na nGall Craobh na hÉireann a thabhairt leo den chéad uair. An 20 Meán Fómhair 1992 a imríodh an 105ú Craobh Peile na hÉireann.

 

GAA Gold

An t-aicsean ar fad idir Gaillimh v Cill Chainnigh i gCluiche Ceannais Chraobh Sinsear Camógaíochta na hÉireann 2019 ar Pháirc an Chrócaigh. Bhí rún ag Gaillimh Craobh na hÉireann sa Chamógaíocht a thabhairt siar den tríú huair – í buaite roimhe sin acu i 1996 agus in 2013. Bhí Cill Chainnigh ar thriail na Craoibhe den cheathrú babhta  déag ach den chéad uair ó 2016. Níor casadh na foirne ar a chéile ach aon uair amháin roimhe sin – in 2013 nuair a bhí an lá le Gaillimh. Bhí Tiobraid Árann buailte ag Cill Chainnigh i gcluiche leathcheannais a raibh lear mór scórála ann.   Corcaigh a bhí cloíte ag Gaillimh sa chluiche leathcheannais eile. An 8 Meán Fómhair 2019 a imríodh an 88ú Craobh na hÉireann sa Chamógaíocht.

 

 

 

Dé Domhnaigh an 28 Meitheamh

All Ireland Gold

Deis eile Corcaigh V Loch Garman a fheiceáil i gCluiche Ceannais Chraobh Sinsear Iomána na hÉireann i 1976 ar Pháirc an Chrócaigh.  Bhí súil ag Loch Garman Craobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair ó 1968 agus ba i 1970 a bhuaigh Corcaigh é.

An tAthair Bertie Troy a bhí i gceannas ar fhoireann Chorcaí agus i measc na n-imreoirí bhí Jimmy Barry Murphy, Seanie O’Leary, Charlie McCarthy agus an captaen Ray Cummins a bhí ag imirt sna lántosaithe agus bhí ar an gcéad imreoir riamh gradam All Star a bhuachan san iomáint agus sa pheil. Tom Neville ab ea bainisteoir Loch Garman agus i measc a chuid fear bhí Willie Murphy, John agus Martin Quigley, Mick Jacob, Colm Doran, John Nolan, Mick Butler agus Imreoir na Bliana Texaco Tony Doran.   An 5 Meán Fómhair 1976 a imríodh an 90ú Craobh Iomána na hÉireann.

 

 

GAA Gold

Athimirt ar Chraobh Peile na hÉireann 2019

Deis eile Áth Cliath V Ciarraí a fheiceáil san athimirt ar Chluiche Ceannais Chraobh Peile na hÉireann ar Pháirc an Chrócaigh in 2019. Bhí an dá fhoireann ar ais i gCeanncheathrú CLG de bharr iad a bheith ar chomhscór, 1-16 an taobh, coicís roimhe sin i gcluiche den chéad scoth.  Chruinnigh 82,300 dá lucht leanúna i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Sathairn chun an cluiche stairiúil seo a fheiceáil a imríodh faoi shoilse. Bhí súil ag Áth Cliath an chraobh a thabhairt leo cúig bliana as a chéile, rud nach raibh déanta ag aon fhoireann. 13 uair ar fad a chas Ciarraí agus Áth Cliath ar a chéile i gCraobh na hÉireann roimhe sin, an lá le Ciarraí 8 mbabhta díobh agus an Chraobh ag dul abhaile ag Áth Cliath cúig bhabhta.

 


 

Teagmháil do na Meáin:
Rónán Ó Coisdealbha, Spórt TG4 | ronan.o.coisdealbha@tg4.ie | 087 2472841

Cuir aithne orainn: