Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 le cúig shraith drámaíochta nua a bheidh dírithe ar dhaoine faoi 35 bhliana a fhorbairt i gcomhar le Fís Éireann / Screen Ireland

07.10.20


 

Tá TG4, i gcomhar le Fís Éireann/Screen Ireland, ag lorg iarratas chun cúig bhunsraith drámaíochta nua, chomhaimseartha, charachtar-bhunaithe a fhorbairt a mbeidh tóir ag lucht féachana níos óige, faoi 35 bhliana ach go háirithe, orthu. Ba chóir na smaointe a chuirfear faoinár mbráid a bheith uaillmhianach, misniúil, cruthaitheach, siamsúil agus gur léiriú iad ar an tsochaí, gur súil eile a bheadh iontu a mheallfaidh glúin eile ilchineálach de lucht spéise drámaíochta TG4.

Mar chuid den Phacáiste Tacaíochta €3 mhilliún le Poist a Spreagadh i mí Iúil, tá maoiniú leithdháilte ag Fís Éireann a dhíreofar ar dheiseanna iléagsúla agus sna réigiúin. Mar thoradh ar an bpacáiste tacaíochta, tá TG4 agus Fís Éireann ag lorg aighneachtaí chun drámaíocht a fhorbairt.

Sraith drámaíochta idir 4 agus 8 gclár, 25 nóiméad ar fhad, atáthar a lorg ach déanfaimid smaointe ar fiú tréimhse níos faide a thabhairt dóibh a mheas freisin. Ba chóir go luífeadh na sraitheanna a chuirfear faoinár mbráid go nádúrtha leis an nGaeilge agus go mbeadh siad taitneamhach do dhaoine a labhraíonn Gaeilge go rialta ach go mbeadh siad tarraingteach freisin do lucht féachana náisiúnta agus idirnáisiúnta níos leithne ó thaobh tuin, grinn, ábharthacht agus cur chuige stíle.

Cuirfear cúig thionscadal ar ghearrliosta agus cuirfear maoiniú forbartha ar fiú suas le €50,000 é ar fáil dóibh chun an tsraith a thabhairt chuig leibhéal léiriúcháin.

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais roimh iarratais lena bhforbairt ó chomhlachtaí léiriúcháin a bhfuil an taithí chuí acu i ndrámaíocht d’ardchaighdeán a léiriú. Is mian linn scríbhneoirí, stiúrthóirí agus aisteoirí nua a bhfuil Gaeilge acu a thabhairt chun cinn mar chuid den phróiseas sin. Ní mór scríbhneoir Gaeilge a bheith mar chuid den iarratas mar an príomhscríbhneoir nó mar chomhscríbhneoir.

Mar chuid den fhorbairt cuirfear meantóir ar fáil duit, arna mholadh ag Fís Éireann.

Ní mór plean forbartha a bheith mar chuid den cháipéis a chuirfear faoinár mbráid ina leagfar béim ar réimsí forbartha i do mhúnla léiriúcháin i.e. scríbhneoirí Gaeilge, Stiúrthóirí, Eagarthóirí Scripte, Cúntóirí Léirithe etc. a fhorbairt, d’fhéadfaí sin a dhéanamh trí phostscáthú, meantóireacht nó trí scéimeanna oiliúna.

Dúirt Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4, Mary Ellen Ní Chualáin, agus an scéim á fógairt “Tá ríméad ar TG4 an maoiniú forbartha seo a fhógairt i gcomhar le Fís Éireann chun drámaíocht a fhorbairt do lucht féachana níos óige. Is tosaíocht ag TG4 go mbeadh an cainéal tarraingteach do lucht féachana níos óige, agus is deis iontach í seo chun an méadú ar an lucht féachana a neartú agus is deis í chomh maith tacú le smaointeoireacht chruthaitheach agus le lucht na cruthaitheachta san earnáil neamhspleách.”

Dúirt Andrew Byrne, Bainisteoir Tionscadal, Fís Éireann “Tá Fís Éireann tiomanta aird a tharraingt ar Éirinn mar lárionad barr feabhais ó thaobh na drámaíochta scripte. Is scéim nua í seo atá mar chuid dár ndícheall ionadaíocht a dhéanamh ar réimse tallainne iléagsúil ó gach cúlra i róil léiriúcháin chruthaitheacha shinsearacha, lena chinntiú go bhfuil paireacht inscne i bhfeidhm ar fud na hearnála chomh maith le foireann oibre chuimsitheach agus a bhíonn ag athrú.”
 

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh in iarratais lena bhforbairt:

  • Achoimre ghearr & Achoimre (260 focal)
  • Réamhleagan (250 focal)
  • Snáithe na Sraithe (600 focal)
  • Bíobla na gCarachtar (3-5 leathanach A4 gan íomhánna san áireamh)
  • Breac-chuntas ar an tuin agus ar stíl fhísiúil an tionscadail, lena n-áirítear clár tobsmaointe. (1 leathanach A4)
  • Sonraí maidir le príomhphearsanra cruthaitheacha agus tallann chruthaitheach léiriúcháin
  • Buiséad forbartha (ní mór teimpléad buiséid TG4 a úsáid)
  • Fianaise maidir le cearta Úinéireachta

 
Ní mór gach moladh a chur ar aghaidh go leictreonach chuig TG4. Ní mór do chomhlachtaí léiriúcháin a chinntiú ar dtús go bhfuil siad cláraithe ar ár gcóras ríomhchoimisiúnaithe http://update.tg4.ie/ecomm/login.php, agus ansin uaslódáil a dhéanamh roimh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais trí ‘Forbairt Drámaíocht F35 2020’ a roghnú ón roghchlár anuas. Cuirfear in iúl duit, go huathoibríoch, nuair atá do thogra curtha ar aghaidh. Is é an 30 Samhain ag 4pm an spriocdháta d’iarratais. Ní ghlacfar le tograí nuair a bheidh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais caite.
 

Tuilleadh Eolais:
Is féidir ceist ar bith maidir le moltaí a chur ar aghaidh go leictreonach a sheoladh chuig Máire Uí Choisdealbha – maire.ui.choisdealbha@tg4.ie

Is féidir ceist ar bith maidir leis an mbabhta seo agus maidir le hoiriúnacht an tionscadail a sheoladh chuig Mary Ellen Ní Chualáin – maryellen.ni.chualain@tg4.ie
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: