Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Láithreoir nua ar Pheil na mBan Beo TG4 - iar-imreoir de chuid Pheil na mBan

20.10.20


 

 
Ní bheidh sé i bhfad anois go mbeidh Craobhchomórtas Pheil na mBan TG4, i gcomhar le LGFA, ar ais ar ár scáileáin arís. Cé gur cuireadh moill ar chúrsaí de bharr Covid tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an-chraobhchomórtas amach romhainn agus beidh an obair chrua atá curtha díobh ag na foirne ar fad le tabhairt le fios ón gcéad chluiche ar aghaidh.
 
Beidh TG4 i gceartlár an aicsin, mar a bhíonn i gcónaí, agus 9 gcluiche beo á gcraoladh, lena n-áirítear cluichí ceannais chraobh na sóisear, an chraobh idirmheánach agus craobh na sinsear.
 
Is í iar-imreoir de chuid fhoireann na Gaillimhe agus anailísí TG4 Máire Ní Bhraonáin a bheidh ag cur Peil na mBan Beo TG4 i láthair.
 
Láithreoir, tráchtaire, anailísí agus múinteoir meánscoile í Máire Ní Bhraonáin a rugadh agus a tógadh i mBaile an Mhuilinn i gContae na Gaillimhe. Thosaigh sí ag imirt peile do Bhaile an Mhuilinn nuair a bhí sí naoi mbliana d’aois. D’imir sí a céad chluiche do Ghaillimh i gCraobhchomórtas na Sinsear in aghaidh Átha Cliath in 2011. I measc a cuid éachtaí tá 3 Chraobh Chonnacht, 1 Chraobh na hÉireann sna Mionúir, 1 Chraobh na hÉireann Faoi 16 agus 2 Chraobh na hÉireann sna Club 7’s.
 
Bhain sí céim sa Nua-Ghaeilge agus sa Staidéar ar an Drámaíocht amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath in 2010 agus críochnaigh sí a PDE in Ollscoil na hÉireann Gaillimh in 2013. Tá an-tóir aici féin agus ag a muintir ar an gceol agus seinneann sí an fhidil, pianó agus an fheadóg stáin. Chomh maith le bheith ag obair ina leas-Príomhoide i gConamara i rith an tSamhraidh tá a haghaidh tugtha aici ar an Saimbia trí huaire chun tithe a thógáil do na daoine áitiúla sa tír.
 
Tugadh an deis di tús a chur lena cuid oibre le Spórt TG4 agus le Nemeton in 2011. Bíonn Máire páirteach go rialta ar chláir raidió ar RTÉ, RnaG, BBC Gaeilge agus Newstalk agus chuir sí C.L.U.B i láthair in éindí le Diarmuid Lyng in 2018.
 
Dúirt Máire, maidir le bheith ag cur Peil na mBan na Beo i láthair, “Tá ról lárnach ag an spórt inár saol. Tá an-chuid déanta ag TG4 le 20 bliain anuas chun Peil na mBan a chur chun cinn agus a fhorbairt. Táim ag obair i m’anailísí ar Pheil na mBan Beo ó 2011, mar sin, tá ríméad orm gur mé a bheidh ag cur Craobhchomórtas Pheil na mBan Beo 2020 i láthair.”
 
Beidh anailísithe iontacha in éindí léi ar an gclár. Tá an chraobh buaite 11 uair ag an laoch lena linn féin Rena Buckley. Bhí an-bhaint ag Sorcha Furlong Átha Cliath leis an mbua iontach a bhain Áth Cliath amach sa chraobh in 2010 agus tá Michelle Ryan Phort Láirge ar dhuine de na himreoirí is mó a bhfuil taithí aici sa chluiche, thosaigh sí ag imirt dá contae in 2001 agus d’imir sí go dtí 2019.
 
Cuirfear tús leis an gclúdach sa Chabhán an deireadh seachtaine seo agus an cluiche idir Ard Mhacha agus Tír Eoghain á chraoladh beo Dé hAoine an 30 Deireadh Fómhair, agus go gairid ina dhiaidh sin beidh an cluiche idir na curaidh Áth Cliath agus Dún na nGall ar an Satharn an 31 Deireadh Fómhair. Nemeton TV a léiríonn Peil na mBan Beo.
 

 
 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: