Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

'Saol Ella' - Sraith drámaíochta do Dhaoine Óga roghnaithe ag TG4 ón Scéim Forbartha Drámaíochta

15.05.20

Tá an tsraith drámaíochta do dhaoine óga, ‘Saol Ella’ le Danú Media, a scríobh Gemma Breathnach agus Ailbhe Nic Giolla Bhríghde, roghnaithe ag TG4 le cur ar aghaidh faoin gcéad bhabhta eile de chiste Fís agus Fuaim Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI).
 
D’fhógair TG4 an Scéim Forbartha Drámaíochta do Dhaoine Óga in 2019, chun sraith a fhorbairt ina mbeadh drámaíocht agus scéalaíocht láidir, samhlaíocht fhísiúil agus luachanna arda léirithe ann.  Tá an Scéim Forbartha Drámaíochta do Dhaoine Óga maoinithe ag TG4, an ciste WRAP, Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus Fís Éirinn chun forbairt a dhéanamh ar shraith drámaíochta i nGaeilge atá dírithe ar dhaoine óga agus ar theaghlaigh.  Beidh buiséad suas le €1.2 milliún ag an tsraith má léirítear í.
 
Sa tsraith atá roghnaithe, insítear scéal Ella, cailín óg as an nGaeltacht a gcuirtear an saol trína chéile nuair a shocraíonn a hathair Gaeilgeoirí a choinneáil.  Áit a raibh ord roimhe seo, tá anord anois.   Ní hamháin go bhfuil ar Ella dul i ngleic leis an gcíor thuathail atá anois sa teach, ach tá a namhaid, Saorla, i ndiaidh post a fháil béal dorais ag cuidiú le Máirín, bean an tí extraordinaire.  Is cailín trí bliana déag í Ella arb é mian a croí don samhradh seo buachaill a aimsiú agus a céad phóg a fháil. Dúshlán nach mbeidh deacair a shárú más fíor dá cuid cairde é, Treasa agus Naoise, mar go bhfuil teach lán le buachaillí béal dorais ag Máirín, a bhuíochas don Choláiste Samhraidh i Maigh Rua.
 
Deir Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Daoine Óga TG4: “Is é seo an chéad togra drámaíochta do ghasúir bunscoile agus déagóirí ó léiríodh ‘Aifric’. Táimid ag súil go gcuirfear drámaíocht snasta, tharraingteach ar fáil don lucht féachana an bhliain seo chugainn”.
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: