Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

'Tú Féin ar Scáileán' - Comórtas do dhaoine óga a gclár teilifíse féin a chruthú

Seolann BFI an comórtas ‘Tú Féin ar an Scáileán’ agus iarrtar ar dhaoine óga 4-18 bliana d'aois clár gairid teilifíse dá gcuid féin a chruthú agus iad coinnithe sa bhaile

14.05.20


 
www.bfi.org.uk/seeyourselfonscreen
 

Tá an comórtas Tú Féin ar an Scáileán á sheoladh inniu ag BFI (British Film Institute)  agus cuireadh á thabhairt do dhaoine óga idir 4-18 bliana d’aois sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn smaoineamh dá gcuid féin a chruthú do chlár gairid teilifíse is féidir leo a dhéanamh ag baile agus iad cuibhrithe.  Tá an Dr Ranj, dochtúir agus pearsa teilifíse, ina Ambasadóir ag an gComórtas ‘Tú Féin ar an Scáileán’.  Cuirfidh saineolaithe oiliúint ar na buaiteoirí sula dtaispeántar a gcuid cláracha gairide teilifíse ar stáisiúin náisiúnta teilifíse na gCraoltóirí Seirbhíse Poiblí.

 

Is tionscnamh an comórtas ‘Tú Féin ar an Scáileán’ a théann ar fud lucht an tionscail ar fad.  BFI atá i mbun na ceannródaíochta, trí Chiste an Ábhair Féachana do Dhaoine Óga (YACF) a gcuirtear airgead poiblí ar fáil lena aghaidh, agus tá comhar páirtnéirí de chuid an tionscail ag cuidiú leis an mbeart; Milkshake! ar Channel 5, CITV, E4, S4C agus TG4 na páirtnéirí craolacháin a chraolfaidh roinnt de na cláracha gairide teilifíse de réir mar a oireann na haoisghrúpaí thíos dóibh, agus tá Animation UK, BAFTA Kids, The Children’s Media Conference, Into Film, FYI News, Pact agus Scáileán Thuaisceart Éireann ag cuidiú leis an gcomórtas chomh maith.

 

Déanfaidh painéal de shaineolaithe ó na heagraíochtaí páirtnéireachta moltóireacht ar na hiarratais 30 soicind a chuirtear isteach ar an gcomórtas agus cuirfear iarratais ar ghearrliosta maidir le gach ceann de na trí aoisghrúpa; 4-7 bliana d’aois; 8-13 bliana d’aois; agus, 14-18 bliana d’aois.  Roghnóidh moltóirí de chuid na gcraoltóirí ansin na trí iarracht as gach aoisghrúpa is fearr a oireann don sprioclucht féachana atá acu agus tairgfear máistir-ranganna digiteacha do na hiarrthóirí sin le pearsa lánoilte i dtionscal na teilifíse a chuideoidh le gach iarrthóir acu clár dhá nóiméad a chruthú bunaithe ar an smaoineamh a bhí acu. Craolfar an clár gairid teilifíse dhá nóiméad a chruthaítear ar an gcaoi sin ar cheann de na Stáisiúin Seirbhíse Poiblí níos deireanaí i mbliana.

 

Dúirt an Dr Ranj: “Is eol dúinn gur féidir le ham os comhair scáileáin, ach a úsáid go stuama agus le teann cruthaitheachta, cuidiú go mór le leanaí agus le daoine óga an saol mórthimpeall orthu a scrúdú agus eolas a chur air.  Ní hamháin gur féidir acmhainn oideachais rífhiúntach a bheith i gceist, is féidir freisin deis a thabhairt do dhaoine óga iad féin a chur in iúl ar bhealaí nua agus cuidiú lena chéile.  Tá an-tábhacht leis sin faoi láthair agus cuid mhór de na meáin chumarsáide dírithe ar ábhar scanrúil agus ar ghnéithe den saol nach bhfuil smacht ag daoine óga orthu.  Trí leas a bhaint as na meáin chumarsáide iad féin, agus a mheabhrú dóibh gur mór an leas is féidir a dhéanamh leo, is féidir cuid mhór tairbhe a dhéanamh do mheon na ndaoine óga freisin.  Is breá liom an comórtas seo a chur i láthair agus tá mé ag tnúth go mór leis na smaointe a chuirtear isteach a fheiceáil.”

 

Dúirt Jackie Edwards, Ceannasaí Chiste an Ábhair Féachana do Dhaoine Óga: “Tá léirithe go glé ag ré seo na paindéime an tábhacht atá le Craoltóireacht Seirbhíse Poiblí i saol an uile dhuine.  Is fíor sin go háirithe ag leanaí agus ag daoine óga ar ábhar muiníne agus misnigh acu daoine dá leithéid féin a fheiceáil ar an scáileán chomh maith le cláracha faoi chultúr a bhaineann leo féin, rud nach mbíonn ar fáil go héasca i gcónaí.  Tá cuireadh á thabhairt againn do dhaoine óga sa lucht féachana ar fud na Ríochta Aontaithe agus in Éirinn smaoineamh ar ábhar cláracha dá gcuid féin i saol seo an chuibhrigh, ní amháin mar dheis cruthaitheachta maidir le hábhar siamsa ach mar dheis tuairisc agus cuntas a thabhairt ar an ré neamhghnách seo. Is breá linn oiread páirtnéirí a bheith ag teacht i gcomhar linn, lucht cruthaitheachta, lucht cistíochta agus lucht craoltóireachta, maidir le hábhar teilifíse den chéad scoth do dhaoine óga.  Is iontach an rud gach duine a bheith ag tarraingt le chéile  – an tráth a bhfuiltear á gcoinneáil óna chéile – ar mhaithe le Tú Féin ar an Scáileán!”

 

Dúirt John Whittingdale, an tAire Meán Cumarsáide agus Sonraí sa Bhreatain: “Is deis iontach í seo ag daoine óga an t-am breise atá á chaitheamh sa bhaile acu a úsáid i mbun cruthaitheachta agus toradh a gcuid smaointe a fheiceáil ar stáisiún náisiúnta teilifíse.

 

“Trí Chiste an Ábhair Féachana do Dhaoine Óga, a gcuirtear airgead poiblí ar fáil lena aghaidh, táthar ag féachaint leis an gcéad ghlúin eile de láithreoirí agus de léiritheoirí teilifíse a spreagadh agus a chothú agus lena chinntiú go léirítear an taithí saoil atá ag réimse iléagsúil de dhaoine óga ar fud na tíre ar an scáileán.”

 

Ag teacht le haidhmeanna an Chiste, féachann an comórtas Tú Féin ar an Scáileán le leanaí agus daoine óga a spreagadh chun dul i mbun cláracha teilifíse agus deis á thabhairt dóibh a gcuid smaointe agus a dtaithí féin ar an saol i rith phaindéim Covid-19 a chur in iúl.  A bhuíochas de mhaoiniú an Rialtais, cuidíonn an Ciste le hábhar teilifíse ar ardchaighdeán a chur ar fáil atá ina léiriú ar shaol leanaí agus dhaoine óga sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn agus a chraoladh ar chainéil craoltóireachta seirbhíse poiblí saor ó tháille.

 

Mar gheall ar phaindéim Covid-19, b’éigean scoileanna, gnólachtaí agus réimsí eile den tsochaí a dhúnadh.  Dá réir sin, tá na milliúin leanaí agus daoine óga ag baile ina n-áras cónaithe féin sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn agus tá ábhar teilifíse is féidir a bhreathnú saor ó tháille, a chuirtear ar fáil faoi chóras rialaithe agus atá sábháilte ar cheann de na modhanna is tábhachtaí atá ar fáil maidir le lón siamsa nó lón eolais – nó an dá rud.

 

Ag an am céanna, is léir ó thoradh taighde le gairid nach dóigh le níos mó ná a leath de na leanaí sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn idir 8-15 bliana d’aois go bhfuil daoine dá leithéid féin le feiceáil ar dóthain cláracha teilifíse, agus ba é ba dhóiche go mbraithfeadh leanaí sna náisiúin ach go háirithe nach raibh dóthain leanaí dá leithéid féin le feiceáil ar an teilifís.  Tá líon níos mó, arís agus arís eile, de na daoine óga ag dul i muinín lón ábhair neamhrialaithe, mar shampla ábhar ó imreoirí tionchair ar líne, ar minic nach mbíonn an aird chéanna ar shábháilteacht an lucht féachana ina leith, ach go dtarlaíonn na réimsí spéise céanna ag na daoine óga le lucht a gcruthaithe agus taithí saoil cosúil lena dtaithí féin.

 

Tá aird le Tú Féin ar an Scáileán sin ar an mbearna sin a líonadh trí dhaoine óga a spreagadh le bunsmaointe cruthaitheachta do chláracha teilifíse sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn a chur isteach sa chaoi agus go gcuirtear ar a gcumas smaointe maidir le cláracha teilifíse a chur i láthair atá ina léiriú dáiríre ar a dtuairimí agus ar a gcuid scéalta féin.  Iarrtar ar na hiarrthóirí físeán 30 soicind a chur isteach ina dtugtar achoimre ar an gclár gairid teilifíse dhá nóiméad a léiríonn a dtaithí pearsanta féin ar an ngéarchéim sláinte idirnáisiúnta agus ar an saol atá acu ‘ag fanacht sa bhaile’ lena linn.

 

Ar chuid de na moltóirí don Chomórtas Tú Féin ar an Scáileán, tá:

 

Aoisghrúpa 4-7:

  • Thar ceann Pact: Billy Macqueen ón gcomhlacht Darrall Macqueen a léiríonn cláracha teilifíse do leanaí de leithéid Waffle the Wonder Dog agus Topsy and Tim
  • Thar ceann The Children’s Media Conference: Debbie MacDonald, Comhairleoir Neamhspleách maidir le Meáin Chumarsáide do Leanaí agus Stiúrthóir na gClár le Nickelodeon tráth
  • Moltóir craoltóireachta: Louise Burgess. Bainisteoir Ceannacháin & Cláir, Milkshake! ar Channel 5

 

Aoisghrúpa 8-13:

  • Thar ceann Animation UK: Sarah Cox, Stiúrthóir Cruthaitheachta Feidhmiúcháin le Aardman atá ina Léiritheoir Feidhmiúcháin ar an tsraith nua ‘Shaun the Sheep: Adventures from Mossy Bottom’ agus Stiúrthóir an scannáin ‘Itch of the Golden Nit’ maidir le Tionscadal Scannánaíochta The Tate
  • Thar ceann Into Film: Ben Woodiwiss, Moltóir Into Film
  • Moltóir craoltóireachta: Matt Bowen, Ceannasaí Sceidil, CITV

 

Aoisghrúpa 14-18:

  • Thar ceann BAFTA: Krishnendu Majumdar, buaiteoir Gradam Emmy, léiritheoir, stiúrthóir agus comhbhunaitheoir Me+You Productions, Leas-Chathaoirleach BAFTA
  • Thar ceann BFI: Jackie Edwards, Ceannasaí Chiste an Ábhair Féachana do Dhaoine Óga
  • Moltóir craoltóireachta: Navi Lamba, Digital Commissioning Exec, E4

 

Moltóirí na dTeangacha Dúchasacha:

  • Moltóir craoltóireachta maidir leis an nGaeilge ar son TG4: Áine Walsh ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann
  • Moltóir craoltóireachta maidir leis an mBreatnais ar son S4C: Sioned Wyn Roberts, Coimisiúnóir Ábhair – Leanaí, Foghlaimeoirí

 

Is ceart gach iarratas ar an gComórtas Tú Féin ar an Scáileán a chur isteach trí  www.bfi.org.uk/seeyourselfonscreen. An tráth deiridh a mbeidh glacadh le hiarratas an 12 meán lae ar an 25 Bealtaine 2020 agus cuirfear in iúl, faoi Dé hAoine an 12 Meitheamh 2020, do na hiarrthóirí a n-éiríonn leo go bhfuil a n-ainm ar n ngearrliosta.

 

CRÍOCH

 


Teagmháil do na Meáin:

Deirdre Ní Choistín
Bainisteoir Cumarsáide TG4
deirdre.ni.choistin@tg4.ie
+861453527

 

Maidir le Ciste an Ábhair Féachana do Dhaoine Óga:

Le Ciste an Ábhair Féachana do Dhaoine Óga (YACF), faoi bhainistíocht BFI, cuidítear le hábhar sainiúil ar ardchaighdeán a chruthú do dhreamanna den lucht féachana faoi bhun 18 bliana d’aois.  Beidh suas le £57 milliún, i rith thréimhse phíolótach trí bliana, á chaitheamh ar ábhar sainiúil ar ardchaighdeán do leanaí agus do dhaoine óga a chraolfar ar chainéil teilifíse saor ó tháille faoi rialú Ofcom agus ar bhealaí ar líne.

 

Rialtas na Ríochta Aontaithe a chuireann airgead ar fáil don chiste mar chuid den Chiste Iomaíochta ag Roinn na Meán Digiteach, an Chultúir, na Meán Cumarsáide agus an Spóirt.  Tá de chuspóir leis an gCiste go gcuirfí modhanna nua ar fáil do chruthaitheoirí ábhair nuacheaptha agus go dtabharfaí daoine nua i lár an aonaigh chomh maith le bonn treise a chur faoi ábhar siamsaíochta agus ábhar eolais atá ina léiriú ar an saol mar atá á chaitheamh ag daoine óga atá ag éirí aníos ar fud na Ríochta Aontaithe sa lá atá inniu ann. www.bfi.org.uk/yacf

 

Is é BFI an eagraíocht is mó sa Ríocht Aontaithe maidir le scannánaíocht, teilifís agus íomhánna beo.  Cumann carthanachta atá ann i réimse an chultúir lena bhfuil na feidhmeanna seo a leanas:

  • Coimeádaíocht ar an gclár poiblí is fairsinge ar domhan de scannáin idirnáisiúnta agus a chur i láthair don lucht féachana i bpictiúrlanna, ag féilte agus ar líne
  • Cúram de Chartlann Náisiúnta BFI – an chartlann scannánaíochta agus teilifíse is suntasaí ar fud an domhain
  • An chéad ghlúin eile de lucht scannánaíochta a aimsiú agus cúnamh taca a thabhairt dóibh
  • Oibriú leis an Rialtas agus le lucht an tionscail chun an Ríocht Aontaithe a bheith ar an áit is spreagúla ó thaobh cruthaitheachta agus is rathúla ar fud an domhain ar fad maidir le scannán a léiriú ann

 

Carthanas cláraithe faoi rialú Cairte Ríoga atá sa BFI a cuireadh ar bun sa bhliain 1933.  Tá Bord Gobharnóirí BFI faoi chathaoirleacht Josh Berger CBE.

 

 

Maidir leis an Dr Ranj:

 

Pearsa teilifíse neamhghnách é an Dr Ranj: dochtúir a bhfuil cáil air i gcóras an NHS a dhíríonn ar shláinte agus ar dhea-bhail dhaoine óga; agus pearsa spleodrach ar an scáileán a bhfuil ann plé le hábhar den uile chineál.

Is díol suntais a bhfuil déanta ar an teilifís cheana féin ag Ranj agus is cinnte gur duine é a fheicfear go mion minic san am atá romhainn.  Tá sé ar dhuine de na dochtúirí cónaitheacha ar This Morning, an tsraith is iomráití ar ITV i rith an lae, ina chomhláithreoir ar Save Money: Good Health & Save Money: Lose Weight, sraitheanna buaicthráthanna craolta ar ITV, agus ina láithreoir ar Get Well Soon, sraith CBeebies, a bhfuil gradaim BAFTA gnóthaithe aige, chomh maith le bheith ar dhuine de chruthaitheoirí na sraithe sin.  Taobh amuigh de na seónna suaitheantais sin, bíonn Ranj le feiceáil go rialta freisin ar réimse leathan cláracha eile, ina measc: Pointless Celebrities, Inside Out, Celebrity Eggheads agus Watchdog ar an BBC; Good Morning Britain agus Tonight ar ITV; Big Brother’s Bit On The Side agus 5 News ar Channel 5.

Sa bhliain 2018, tharraing Ranj éide seacainí air féin in áit éide ospidéil agus é ina iomaitheoir ar Strictly Come Dancing in éineacht le Janette Manrara. Bhí an bheirt acu páirteach freisin i gcamchuairt an Strictly Live Tour freisin i rith na bliana 2019.

Sa bhliain 2020, chuir Ranj sraith nua i láthair ar ITV – Dr Ranj: On Call – irischlár seachtainiúil dírithe in athuair ar ghairm an leighis a bhfuil de chuspóir leis muintir na Breataine a spreagadh le cúram a dhéanamh den tsláinte colainne agus meabhrach.

Taobh amuigh de chúrsaí craoltóireachta, bíonn saothar dá chuid le feiceáil i gcuid mhór irisí agus ar láithreáin gréasáin, tuairimí agus comhairle saineolais á gcur i láthair aige faoi réimse leathan ceisteanna maidir le sláinte colainne agus sláinte meabhrach.  Bíonn colúin rialta ag Ranj ar na hirisí Attitude, Now agus Family Traveller, chomh maith lena bheith ina chomhfhreagraí sláinte ar líne ag NetDoctor. Tá dhá leabhar scoile do leanaí foilsithe aige le Oxford University Press, a bhfuil dáileadh á dhéanamh go hidirnáisiúnta orthu, agus níos mó ar na bacáin.  Is ambasadóir croíúil é maidir le cúrsaí carthanachta agus tóir air maidir le hócáidí beo a chur i láthair nó páirt a ghlacadh i bplé painéil.  Is mór an mhaith glór chomh báúil ó dhuine chomh dúthrachtach le cloisteáil sa réimse sin.

Fágann a chuid oiliúna agus a chuid taithí oibre go bhfuil Ranj dea-cháilithe maidir le réimse forleathan ceisteanna leighis agus ceannlínte faoi chúrsaí eolaíochta a phlé.  Anuas air sin ar fad, ó tharla gurb é an t-aon dochtúir ar an teilifís é a phléann go háirithe le leanaí, daoine óga agus teaghlaigh, tá Ranj chun tosaigh sa réimse seo.

Is é an t-urlabhraí is fearr é ar chúrsaí leighis mar gheall ar a chuid saineolais agus fágann gnéithe eile caitheamh aimsire ina shaol féin go mbíonn léargas sainiúil faoi leith aige ar réimse leathan.  Tá clú agus iomrá ag leanaí agus daoine fásta ar Ranj mar gheall ar a theacht i láthair agus a chuid stíle agus is léiriú an méid daoine a thugann aird a mbíonn le rá aige ar na meáin shóisialta ar a mhéid a théann sé i gcion ar an bpobal i gcoitinne.
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: