Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Scannáin na Nollag ar TG4

25.11.20


 
Scannáin Ghaeilge:

Cine 4 : FINKY – Lá Caille 9:20pm
(2019) An chéad léiriú teilifíse don scannán Gaeilge FINKY a léiríodh mar chuid de Cine4. Is iad Dara Devaney, Ned Dennehy agus Diarmuid de Faoite na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Dhathaí Keane. Ceoltóir agus puipéadóir é Micí Finky atá ag iarraidh éalú ón saol a bhí aige. Goideann sé clúdach airgid agus tugann sé féin agus a chara aghaidh ar Albain. Ach baineann drochthimpiste do Finky an chéad oíche acu i nGlaschú agus fágtar gan mhothú é óna bhásta síos. Téann an saol in aimhréidh air ach tugann obair atá faighte aige le Carnival Chaotica misneach dó.
 
Louis & Luca and the Snow Machine – 19ú Nollaig 3:55pm
(2013, Scannán Grinn) Tá Louis an snag breac agus Luca an ghráinneog ag súil go mór le sneachta. Ach tá an Nollaig ag teannadh linn agus gan cuma ar bith sneachta air. Beartaíonn Alfie Clarke, an ceapadóir, meaisín mór a dhéanamh a chlúdóidh an baile le sneachta. Téann rudaí ó smacht go sciobtha, áfach.
 
Curious George – 23ú Nollaig 4:40pm
(2006, beochan) Will Ferrell an príomhaisteoir sa scannán seo faoi stiúir Matthew O’Callaghan. Is fear uasal é Fear an Hata Bhuí a thugann aire dá pheata beag – moncaí – peata fiosrach agus aoibhinn a ligeann dá dhíograis an ceann is fearr a fháil air!
 
Happy Feet Two – Oíche Nollag 4:45pm
Leagan Gaeilge den scannán Happy Feet Two: Tá mac ag Mumble agus ag Gloria anois darb ainm Erik. Tá Erik in amhras faoi na buanna atá aige féin. Ach tá nithe eile go leor ag bagairt ar na piongain anois agus caithfidh gach uile dhuine oibriú (agus damhsa) le chéile chun an choilíneacht a thabhairt slán. Leagan Gaeilge arna léiriú ag Abú Media.
 
Shrek – Oíche Nollag 5:25pm
(2001, Beochan) Leagan Gaeilge den scannán Shrek: Is gruagach é Shrek a chónaíonn leis féin sa choill agus a bhfuil faitíos ag muintir Duloc ar fad roimhe. Bíonn suaimhneas breá aige go dtí go ndíbríonn an Tiarna Farquaad gach a bhfuil sna scéalta sí isteach sa choill. Ní bhíonn aon rogha aige ach rud éigin a dhéanamh faoi!
 
Lego Ninjago – Lá Nollag 11:30am (An Chéad Chraoladh ar TG4) 
(2017, Beochan) Leagan Gaeilge den scannán Lego Ninjago. Caithfidh seisear ninja óga: Lloyd, Jay, Kai, Cole, Zane agus Nya, an cathair Ninjago a chosaint ón Tiarna Garmadon.
 
SpongeBob – Spúinse as Uisce – Lá Caille 3:15pm
(2015, Beochan) Tá saol maith ag SpongeBob SquarePants i Bikini Bottom in éineacht lena chairde Patrick, Squidward, an tUasal Krabs agus Sandy. Ach nuair a ghoidtear oideas rúnda an Krabby Burgar, caithfidh SpongeBob dul i bpáirt lena namhaid mór Planctón agus teacht i dtír chun aghaidh a thabhairt ar an bhfoghlaí mara gránna agus cruálach, Feoil-Feasóg, a bhfuil a phlean féin aige do na burgair speisialta seo.
 
 
Scannáin Éireannacha:

Ryan’s Daughter – 20ú Nollaig 10:35pm
(1970, Dráma) Is iad Robert Mitchum, Trevor Howard agus John Mills na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir David Lean. I ndiaidh Éirí Amach 1916, téann bean phósta as baile beag in Éirinn, i mbradaíl le hoifigeach as an mBreatain.
 
Dancing at Lughnasa – Lá Nollag 6pm 
(1998, Scannán Grá) Is iad Meryl Streep, Michael Gambon agus Gerard McSorley na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Pat O’Connor. Scéal faoi chúigear deirfiúracha a bhí gan pósadh agus a raibh cónaí orthu faoin tír in Éirinn sna 1930idí.
 
Into the West –  Lá le Stiofáin 5pm
(1992, Scannán Eachtraíochta, Fantaisíocht) Gabriel Byrne, Ellen Barkin agus Ciarán Fitzgearld na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Mike Newell. Tugann seanathair capall dá gharpháistí a choinníonn siad sa mbloc árasán ina bhfuil siad ina gcónaí i mBaile Átha Cliath. Nuair a goidtear an capall, téann na buachaillí óga ar thuras chun é a aimsiú.
 
 

Scannáin na hOíche:

Lorenzo’s Oil – 19ú Nollaig 10:25pm
(1992, Drámaíocht) Is iad Nick Nolte, Susan Sarandon agus Peter Ustinov na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir George Miller. Tá galar thar a bheith neamhchoitianta ar bhuachaill óg agus níl aon leigheas le fáil. Socraíonn athair an bhuachalla le leigheas a aimsiú é féin.
 

Chaplin – 21ú Nollaig 9:30pm
(1992, Scannán Beathaisnéise) Is iad Robert Downey Jr., Geraldine Chaplin agus Paul Rhys na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Richard Attenborough. Scéal beatha an scannánóra iomráitigh Charlie Chaplin. Óna óige i Sasana go dtí na héachtaí a bhain sé amach i Meiriceá, leanfar saol, saothar agus grá Charlie sa scannán seo. Cé gur mhór i gceist féith an ghrinn ina charachtair ar an scáileáin, bhí rud éigin i gcónaí in easnamh ina shaol.
 
Burn after Reading – 23ú Nollaig 10:30pm 
(2008, Scannán Grinn) Is iad Brad Pitt, Frances McDormand agus George Clooney na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Joel Coen. Tagann beirt a bhíonn ag obair i spórtlann ar dhiosca a bhfuil cuimhní cinn ghníomhaire de chuid an CIA air agus féachann lena dhíol.
 

Dirty Dancing – Oíche Nollag 10:15pm 
(1987, Scannán Grá, Ceol) Patrick Swayze, Jennifer Grey agus Jerry Orbach na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Emile Ardolino. Samhradh na bliana 1963, tá Baby, cailín óg seacht mbliana déag, ar saoire lena teaghlach. Faigheann a cuid fiosrachta an ceann is fearr uirthi nuair a chloiseann sí ceol ag teacht ó lóistín lucht oibre an ionad saoire. Is ansin a chastar Johnny uirthi, agus titeann siad go mór i ngrá lena chéile.
 

When Harry met Sally – Lá Nollag 11:30pm
(1989, Scannán Grinn) Is iad Billy Crystal, Meg Ryan agus Carrie Fisher na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Rob Reiner. An scriosfaidh caidreamh collaí an cairdeas atá idir fear agus bean? Sin an díospóireacht a bhíonn ag Harry Burns agus Sally Albright agus iad ar an mbealach ó Chicago go Nua-Eabhrac. Aon bhliain déag ina dhiaidh sin, níl freagra na ceiste acu fós. An dtuigfidh siad go brách go bhfuil siad i ndán dá chéile… nó an leanfaidh siad orthu ag déanamh neamhaird den chairdeas speisialta atá eatarthu?
 

Whitnail & I – Lá ‘le Stiofáin 11:30pm 
(1987, Scannán Grinn) Is iad Richard E. Grant, Paul McGann agus Richard Griffiths na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Bruce Robinson. Téann beirt aisteoirí dífhostaithe, a bhfuil an-tóir ar dhrugaí acu, ar saoire chun na tuaithe, saoire thubaisteach is cosúil.
 

Mystic River – 28ú Nollaig 9:15pm 
(2003, Drámaíocht) Is iad Sean Penn, Tim Robbins agus Kevin Bacon na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Clint Eastwood. Cuirtear an saol trína chéile ar thriúr fear, a bhí mór lena chéile nuair a bhí siad óg, nuair a mharaítear iníon duine acu.
 

Little Voice – 29ú Nollaig 10:20pm
(1998, Scannán Grinn) Is iad Brenda Blethyn, Jane Horrocks agus Michael Caine na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Mark Herman. Cuireann ní dofheicthe ina luí ar bhean, a bhíonn aisti féin go minic, tosú ag canadh. Tugann gníomhaire tallainne a cuid tallainne faoi deara ansin. Castar fear cineálta ach neirbhíseach uirthi freisin agus ní bhíonn sé i bhfad go mbíonn siad an-mhór lena chéile.
 

Inside Llewyn Davis – 30ú Nollaig 10:30pm
(2013, Scannán Grinn, Dráma) Is iad Oscar Isacc, Carey Mulligan agus John Goodman na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Ethan agus Joel Coen. Caitear seachtain i dteannta fonnadóir óg – fad a bhíonn sé ag déanamh a bhealaigh trí Shráidbhaile Greenwich, lárionad an cheoil tíre sna seascaidí.

 
 

Scannáin don Teaghlach:

Marmaduke – 22ú Nollaig 5:20pm
(2010, Scannán Grinn) Is iad Owen Wilson, Judy Greer agus Lee Pace na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Tom Dey. Bogann teaghlach agus an madra mór atá acu go baile nua. Tá faisean ag an madra céanna díobháil mhór a dhéanamh cibé áit a mbíonn sé.
 

A Dennis the Menace Christmas – 23ú Nollaig 5:20pm
(2007, Scannán Grinn) Is iad Maxwell Perry Cotto, Robert Wagner agus Louise Fletcher na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Ron Oliver. Tá Dennis ag iarraidh go mbeidh Nollaig álainn shuaimhneach ag an Uasal Wilson, a chomharsa béal dorais, scríobhann sé liosta de na nithe a theastaíonn chun Nollaig álainn shuaimhneach a chinntiú. 
 

Harriet the Spy – 27ú Nollaig 5pm
(1996, Scannán Grinn) Is iad Michelle Trachtenberg, Rosie O’Donnell agus Gregory Smith na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Bronwen Hughes. Is spiaire í Harriet M. Welsch. Nuair a fhaigheann a cuid cairde greim ar a dialann rúnda bíonn sí i bponc. An mbeidh sí in ann déanamh mór lena cairde arís agus leanúint uirthi leis an spiaireacht?

 

The Adventures of Tintin – 28ú Nollaig 5pm
(2011, Beochan) Is iad Jamie Bell, Andy Serkis agus Daniel Craig na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Steven Spielberg. Téann an t-iriseoir cróga Tintin agus an Captaen Haddock ag tóraíocht taisce ar long bháite a raibh sinsear de chuid Haddock i gceannas uirthi.
 

Marley & Me – 29ú Nollaig 4:50pm 
(2008, Scannán Grinn) Is iad Owen Wilson, Jennifer Aniston agus Eric Dane na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir David Frankel. Múineann madra álainn, ach dána, ceachtanna saoil do chlann.
 

Finding Neverland – Oíche Chinn Bliana 5pm
(2004, Scannán Beathaisnéise) Is iad Johnny Depp, Kate Winslet agus Julie Christie na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Marc Forster. Scéal faoin gcairdeas a bhí ag J.M. Barrie leis an teaghlach a spreag é chun Peter Pan a chruthú.
 

Charlie and the Chocolate Factory – Lá Caille 4:50pm
(2005, Scannán Eachtraíochta) Is iad Johnny Depp, Freddie Highmore agus David Kelly na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Tim Burton. Bíonn sé d’ádh ag buachaill óg turas a bhuachan chuig an mhonarcha seacláide atá ag fear thar a bheith áirid.
 
 

Na Sean Scannáin:

Meet me in St Louis – 23ú Nollaig 1pm
(1945, Comedy, Drama) Starring Judy Garland, Margaret O’Brien and Mary Astor. Directed by Vincente Minnelli. The tale of the emotional trauma a St. Louis family experiences in the early 20th century when they learn their father has been transferred and the family will be moving to New York.
 

The Nutcracker – Oíche Nollag 1pm
(1993, Scannán Fantaisíochta) Is iad Macaulay Culkin agus Jessica Lynn Cohen na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Emile Ardolino. Bíonn Marie ag brionglóidí oíche Nollag agus í i ndomhan eile ar fad – áit a bhfuil na bréagáin uile mór millteach. Tagann beocht ina bréagán beag a bhfuil corrán d’aghaidh aige agus sábhálann sé í ón Rí Loch. Déantar Prionsa de i ndiaidh do Marie é a shábháil.
 

High Society – Lá Nollag 1:10pm 
(1956, Scannán grinn) Is iad Bing Crosby, Grace Kelly agus Frank Sinatra na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Charles Walters. Tá C.K. Dexter-Haven ina chónaí i dteach mór in aice lena iarbhean chéile Tracy Lord ach tá Tracy ar tí fear eile, Dex, a phósadh. Titeann Mike Connor, tuairisceoir faoi rún atá in ainm a bheith ag scríobh faoi phósadh Tracy agus Dex i ngrá le Tracy freisin. Ach cé acu den triúr fear ar roghnóidh sí?
 

A Streetcar named Desire – 29ú Nollaig 10am
(1951, Drámaíocht) Is iad Vivien Leigh, Marlon Brando agus Kim Hunter na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Elia Kazan. Bogann Blanche DuBois, atá trína chéile, isteach lena deirfiúr in New Orleans áit a mbíonn a deartháir céile á crá.
 

Guys and Dolls – Oíche Chinn Bliana 1pm 
(1955, Scannán Grinn) Is iad Marlon Brando, Jean Simmons agus Frank Sinatra na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Joseph L. Mankiewicz. Titeann fear, atá gafa leis an gcearrbhachas, i ngrá le misinéir mná nuair a thugtar dúshlán dó í a thabhairt ó Nua-Eabhrac go Havana.

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: