Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Dúiseacht

TG4 ón 19 Samhain 8pm

11.11.20

 

Dúiseacht – Sraith nua faisnéise 5 chlár a leanann saol mhuintir Chorca Dhuibhne thar tréimhse 6 mhí, ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair na bliana 2020, agus an pobal ag dul i ngleic leis an saol in aimsir Covid 19 agus an dúthaigh ag iarraidh teacht chuige féin i ndiaidh an chéad tréimhse dianghlasála.

Is é an craoltóir aitheanta Mícheál Ó Muircheartaigh a dhéanann tráchtaireacht ar an tsraith. Le linn na paindéime chaith Mícheál go leor ama ar a fhód dúchais i nDún Síon ar an taobh thoir don Daingean. Is é Mícheál a spreag teideal na sraithe nuair a thagair sé do nath cainte a bhí óna shean-Mháthair, atá luaite i mBailiuchán na Scol, “Dúiseacht le dúthracht le breacadh an lae”. Thug go leor daoine suntas don nath cainte seo nuair a luaigh Mícheál é ar an Late Late Show go luath le linn na pandéime.

Tugann ‘Dúiseacht’ léargas dúinn ar na dúshláin a bhí ag tabairneoirí, úineírí agus bainsteoirí caiféanna, scoileanna agus gruagairí i gCorca Dhuibhne agus iad ag dul I ngleic leis an gcarónvíreas. Agus cifimíd conas mar a théann an tréimhse seo i bhfeidhm ar cheoltóirí agus amhránaithe, atá chomh lárnach i saol na Gaeltachta seo. Tá siad go léir ag maireachtáil leis an neamhchinteacht, an strus agus an bhrú, agus aghaidh á thabhairt acu ar an tráth is dúshlánaí lenár linn.
 
Déanadh an tsraith seo a thaifeadadh ón uair go raibh srianta 20km i bhfeidhm i lár mí na Bealtaine, nuair a bhí an ceantar ní ba chiúine ná mar a bhí le fada is gan duine ná deoraí timpeall, tríd athoscailt na tithe tábhairne agus na bialanna i mí an Mheithimh, go dtí buaic seachtainí an tsamhraidh nuair a bhí an Daingean, in ainneoin Covid19, beo beathach le cuairteóirí. Leanann an tsraith chomh fada leis na hathraithe is déanaí i Mí Deireadh Fómhair.

Sa chéad chlár, buailimid le Muiris Firtéar, tógálaí, ar an gcéad lá aige ar ais ag obair, ag déanamh obair athchóirithe ar an tábhairne cáiliúil, Foxy John’s ar Shráid Mhór an Daingin. Is i mBaile an Fheirtéaraigh, tamall siar ón Daingean, a bhuailimid le Dónal Ó Catháin, úinéir tábhairne ar an mbaile ‘Tigh Uí Chatháin’. Taispeánann Dónal an baile dúinn agus ciúnas diamhair ann. Baile Tuaithe Gaeltachta ar chóir go mbeidís ag prapáil do bhiaiste ghnóthach an tsamhraidh, ach is é a mhalairt atá i gceist. Feicimid ceoltóir aitheanta, Muireann Nic Amhlaoibh agus a fear céile, ceiliúraí daonnachaí Billy Mag Fhloinn, ag dul i dtaithí ar an teicneolaíocht a úsáid chun ceol a chur le chéile agus a roinnt ón baile agus iad ag dul i ngleic leis an saol gan aon teacht isteach acu agus gan fhios cathain a bheidh. Sa Daingean, níl aon dul as ag Muintir Uí Fhlannúra, ag a bhfuil bialann aitheanta an ‘FishBox’, ach leagan amach a ngnó a athrú. Mar thoradh ar seo, níl siad in ann an oiread daoine a fhostú. Tá Pól Ó Cuínn, ó Thigh Uí Chuínn i gCeann Trá sa chás céanna, ach tá sé buíoch go bhfuil cead acu go leor a dhéanamh chun, tá súil aige, an gnó a choimeád ag imeacht.
 

Beidh ‘Dúiseacht’ a thugann léargas ar shaol Chorca Dhuibhne le linn Covid, á chraoladh ar TG4 sna chúig seachtaine amach romhainn gach Déardaon ar a hocht a chlog, ag tosnú ar an 19ú Samhain. Leanann an tsraith an pobal cruthaitheach, láidir Chorca Dhuibhne agus aghaidh á thabhairt acu ar 2020 le eagla, crógacht agus dóchas.

Is é Feilimí O’Connor stiúrthóir na sraithe agus is í Niamh Ní Bhaoill a léirigh.

Is léiriú do chuid Aniar TV, comhlacht lonnaithe sa Daingean, é ‘Dúiseacht’.
 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: