Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tús áite tugtha d’fhoireann tráchtairí agus anailísí mná ag Rugbaí Beo, an deireadh seachtaine seo, den chéad uair sa chraoltóireacht in Éirinn

19.11.20


 

Tá áthas ar lucht bainistíochta TG4 a fhógairt go mbeidh foireann tráchtaireachta agus anailíse mná ar Rugbaí Beo do bhabhta 7 den chluiche mór Guinness PRO14 atá ag teacht aníos idir Seaimpíní Laighean agus Cardiff, mar chuid dár dtiomantas leanúnach don fheachtas 20×20 agus rannpháirtíocht na mban sa sport a mhéadú.
 

Le dhá bhliain anuas, is gné an-tábhachtach den tuairisciú athchóirithe ar Rugbaí Beo iad na hanailísithe mná ach is é seo an chéad uair i stair na craoltóireachta in Éirinn a mbeidh tráchtaireacht agus anailís iomlán déanta ar chluiche rugbaí ag mná cumasacha. I dteannta láithreoir Rugbaí Beo, Máire Treasa Ní Dhubghaill, beidh iar-imreoirí agus imreoirí reatha idirnáisiúnta na hÉireann Deirbhile Nic a Bhaird, Eimear Considine agus Jenny Murphy ann chun anailís a dhéanamh agus beidh Máire Ní Bhraonáin i mbun tráchtaireachta.
 

Ag labhairt faoin bhforbairt, dúirt Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha, “Tá an-áthas orainn go mbeidh tallann den scoth againn i leithéidí Deirbhile, Eimear agus Jenny in éineacht le Máire Treasa agus Máire Ní Bhraonáin chun a gcuid sainscileanna anailíse a chur ar fáil agus forbairt bhreise a dhéanamh ar bhranda Rugbaí Beo. Tá TG4 go hiomlán tiomanta do rannpháirtíocht na mban sa spórt agus creideann muid go láidir i mbunphrionsabal an fheachtais 20×20, sé sin ‘if she can’t see it, she can’t be it’. Tabharfaidh tuairisciú an Domhnaigh an gealltanas a rinneamar i mí Márta 2019 chun fíre, gealltanas le tallann na dtráchtairí ban a fhorbairt agus cois meig eile a thógáil i dtreo réiteach a fháil ar an easpa infheictheachta agus dearcthaí cultúir atá ann maidir le mná sa spórt”.
 

Cuireann Rugbaí Beo, príomhbhranda rugbaí TG4 le beagnach scór bliain anois agus a théann siar chomh fada le bunú an Chonartha Cheiltigh in 2001, tuairisciú saorchraolta ar chraobhchomórtas tras-leathchruinne an Guinness PRO14 ar fáil do lucht féachana in Éirinn. Ó rinneadh athchóiriú ar an mbranda in 2018, le Iris Productions atá lonnaithe ar an Spidéal, tá moladh faighte aige ó lucht féachana de bharr nuálaíochta ó thaobh léiriúcháin cosúil le hagallaimh ar an bpáirc le cóitseálaithe agus spléachaidh fuaime sa chúlra maidir le treorú ón réiteoir do na himreoirí.
 

Is iad seaimpíní reatha Laighean atá ag barr Ghrúpa A agus beidh siad in ardmhuinín nuair a chuirfidh siad fáilte roimh fhoireann Cardiff go Baile Átha Cliath tar éis dóibh an bua a fháil ar Dhún Éideann, a bhí sa chluiche leathcheannais an séasúr seo caite, oíche Dé Luain seo caite san RDS 50-10. Cuirfear tús leis an gcluiche ag 17:15 Dé Domhnaigh agus tosóidh an tuairisciú ar TG4 ag 16.55.
 

Is as Co. Chláir do Eimear Considine ach tá sí ag múineadh agus ina cónaí i mBaile Átha Cliath faoi láthair agus is comh-chaptaen í ar fhoireann na Mumhan. Chomh maith leis sin d’imir sí mar lánchúlaí d’fhoireann na hÉireann sa bhfeachtas Sé Náisiún is deireanaí. Is é seo an tríú séasúr ag Eimear ina hanailísí ar Rugbaí Beo agus tá sí ina láithreoir ar phodchraoladh seachtainiúil ‘House of Rugby’ leis an imreoir de chuid fhoireann Uladh, Ian Madigan.
 

Is as Corcaigh do Deirbhile Nic a Bháird agus d’imir sí ar an gcliathán d’fhoireann 15 na Mumhan sular ghlac sí páirt i gComórtas Rugbaí Seachtar-an-taobh do mhná na hÉireann. D’imir sí a céad cluiche seachtar-an-taobh in Dubai in 2017 agus d’fhoireann 15 i gComórtas na Sé Náisiún in 2019 in aghaidh na hAlban mar húcálaí. Taobh amuigh den rugbaí, thosaigh sí amach ina slí bheatha spóirt ag imirt sacar agus peil Ghaelach agus bhí sí san iomaíocht i gcomórtais Jiu-Jitsu agus dornálaíochta.
 

Is imreoir rugbaí de chuid Old Belvedere, Laighean agus na hÉireann í Jenny Murphy agus tá 31 cluiche imeartha aici le hÉirinn lena n-áirítear ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag dhá Chorn an Domhain sa Rugbaí do mhná. Tá an Chaithréim Mhór buaite aici agus Craobh na Sé Náisiún buaite faoi dhó aici.
 

Is iar-imreoir agus laoch peile de chuid Bhaile an Mhuilinn agus na Gaillimhe í Máire Ní Bhraonáin a bhfuil Craobh Sinsear Chonnacht, Craobh Mionúr na hÉireann, Craobh na hÉireann faoi-16 buaite aici chomh maith le craobh chlubanna na hÉireann seachtar-an-taobh a bheith buaite faoi dhó aici. Bean an-chumasach í Máire – is láithreoir, tráchtaire, anailísí agus múinteoir meánscoile í agus is ceoltóir den scoth í freisin a chasann an pianó, an fhidil agus an fheadóg stáin.
 
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: