Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 ar an 2ú cainéal is mó féachana sa tír le linn 'Cúla4 ar Scoil'

28.05.20


 


 
De réir fhigiúirí TAM Ireland/Nielsen, bhí TG4 ar an 2ú cainéal is mó féachana sa tír agus Cúla4 ar Scoil ar aer, thar an chéad cheithre seachtaine den tsraith. Tá méadú faoi deich tagtha ar ghnáth scair lucht féachana do dhaoine óga ar TG4 mar gheall ar Cúla4 ar Scoil.  Bíonn 8% sciar den lucht féachana ar an meán ag Cúla4 ar Scoil gach lá, agus ba sciar de 16%, an sciar is airde a fuair an clár ó cuireadh tús leis tar éis saoire na Cásca ar an 20 Aibreán.  Tá aimsiú iomlán de 85,000 duine tar éis féachaint ar Cúla4 ar Scoil ó thús na sraithe, agus tá aimsiú seachtainiúil de 30,000 aige.

 

Tá Cúla4 ar Scoil ag tarraingt lucht féachana chuig seinnteoir TG4 freisin. Tá os cionn 36,500 amharc físe ar Cúla4 ar Scoil go dtí seo ar tg4.ie. Tá 49% den lucht féachana a fhéachann ar an seinnteoir anois, ag féachaint ar ábhair do pháistí. Tá 144,000 amharc físe ar chláir do dhaoine óga ar an seinnteoir ó cuireadh tús le Cúla4 ar Scoil.
 
Tá ceachtanna ó Cúla4 ar Scoil ar fáil ar YouTube Cúla4, áit a bhfuil méadú 114% ar amharcanna físe ó thús na sraithe.  Go dtí seo tá 11,176 amharc físe a ar fhíseáin a bhaineann le Cúla4 ar Scoil ar YouTube Cúla4 agus tá méadú ar ábhair eile atá ar fáil ar an gcainéal YouTube, cosúil le Scéal an Lae. Ina iomlán ó cuireadh tús le Cúla4 ar Scoil, tá 85,400 amharc físe ar YouTube Cúla4.  Tá an-tóir freisin ar ábhair a bhaineann leis an tsraith ar na hardáin shóisialta eile, ar Twitter agus Facebook ach go háirithe.
 
Cuireadh tús le Cúla4 ar Scoil ar an 20 Aibreán chun tacú le daltaí bunscoile Gaeltachta agus gaelscoile agus a dtuismitheoirí atá sa bhaile faoi láthair de bharr srianta a bhaineann le Covid-19. Leanfar ar aghaidh leis go dtí an 26ú Meitheamh. Craoltar an clár ó Luan go hAoine idir a 10:00a.m go 10:30a.m. Is iad Caitríona Ní Chualáin agus Fiachra Ó Dubhghaill na múinteoirí atá i i mbun na ranganna. Clúdaítear croí-ábhair an churaclaim ar nós: Gaeilge, Matamatic, Stair agus Tíreolaíocht, ach tá béim freisin ar an gcruthaitheacht, na healaíona béil agus ar chúrsaí sláinte agus folláine.
 
Is é an comhlacht léírithe ‘Fíbín’ atá in a mbun; comhlacht a bhfuil aitheantas agus gradaim bainte amach aige do shraitheanna cosúil le ‘Is Eolaí Mé’, ‘Is Mise’, agus ‘Saol faoi Shráid’ do dhaoine óga.  Is é Darach Ó Tuairisg léiritheoir na sraithe agus Ethel Burke, múinteoir bunscoile a bhfuil taithí stáitse, teilifíse agus aisteoireachta aici atá i mbun an léirithe agus criú Telegael i mbun an taifeadta.  Tá an clár á léiriú le maoiniú ó TG4, agus le comhairle faoin ábhar oideachtais agus curaclaim ón Roinn Oideachais agus Scileanna, Coláiste Mhuire gan Smál, An Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST), agus Gaeloideachas.  Tá sainthaithí agus comhairle Thuismitheoirí na Gaeltachta curtha san áireamh sa chur chuige atá sa chlár freisin.
 

Deir Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Daoine Óga TG4: “Is breá linn go bhfuil ceangal laethúil leis an lucht féachana agus go bhfuilimid ag tacú le tuismitheoirí agus le múinteoirí sa tréimhse seo, agus is léir ó na figiúirí seo go bhfuil an lucht féachana ag baint taitneamh as freisin.” 

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: