Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Láithreoirí Aimsire Nua ar TG4

01.12.20

Tá beirt láithreoirí nua ar fhoireann aimsire agus leanúnachais TG4.

Is iad sin Darren Ó Dubhgáin as Dún na nGall agus Donncha Ó Murchú as Baile Átha Cliath.
 

Pic: Donncha & Darren
 

Is as Gort an Choirce, i bparóiste Chloich Cheann Fhaola, i nGaeltacht Dhún na nGall do Darren Ó Dubhgáin agus bhí sé ag obair ina Chomhordaitheoir Meán Sóisialta le clár leanaí an stáisiúin, Cúla4, agus tá sé ag bogadh anois ó bheith ag obair sa chúlra go dtí os comhair an cheamara.
 
D’fhreastail Darren ar Scoil Náisiúnta Chnoc na Naomh agus ina dhiaidh sin Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola. Rinne sé staidéar in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh áit ar bhain sé Céim BA amach (Gaeilge agus Gearmáinis) agus MA (Cleachtas Meán Gairmiúil).
 
Ag labhairt faoina chuid oibre le TG4 deir Darren, “Tá sé dochreidte agus bainim an-taitneamh as! Níor cheap mé riamh go mbeadh an deis agam obair a fháil i mo theanga dhúchais i mo láithreoir aimsire ar TG4.” Níos mó ná aon rud eile, is breá le Darren am a chaitheamh lena theaghlach ar Thoraí. Is aoibhinn leis dul go Toraí nuair a bhíonn an deis aige agus sult a bhaint as an cheol, an chraic, an chuideachta agus áilleacht an oileáin.
 
Donncha Ó Murchú, arb as Cill Mochuda, i mBaile Átha Cliath dó, ina bhall d’fhoireann aimsire TG4. D’fhreastail sé ar Choláiste Eoin sula ndeachaigh sé go UCD chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge agus an stair. Tá an Ghaeilge go mór i gcroílár gach a bhfuil déanta aige ó d’fhág sé an scoil.
 
Chaith sé cúpla bliain ag múineadh na teanga, sula ndeachaigh sé go Montana, sna Stáit Aontaithe, chun teanga agus cultúr na Gaeilge a chur chun cinn in Ollscoil Montana, i gcathair Missoula. Nuair a tháinig sé abhaile, ghlac sé ról ina Chomhordaitheoir Meán Sóisialta le Molscéal, ar TG4. Agus é ag tosú ina ról nua ar TG4 deir Donncha, “Bliain ó shin, ní fhéadfainn a shamhlú go mbeinn á dhéanamh seo. Is jab iontach é agus táim fíor-bhuíoch gur tugadh an deis dom.”
 
Fear mór spóirt é Donncha freisin agus tá suim faoi leith aige san iománaíocht agus sa rothaíocht. Is breá leis a bheith ag scannánaíocht agus eagarthóireacht a dhéanamh ar fhíseáin chomh minic agus is féidir leis, agus tá áit speisialta ina chroí do Ghaelainn Chorca Dhuibhne!
 
Cuireann Aimsir TG4 seirbhís náisiúnta aimsire na hÉireann ar fáil trí mheán na Gaeilge. Bíonn 3 mhír aimsire á chraoladh go líneach gach lá agus tuilleadh ar ár suíomh idirlín TG4.ie/Aimsir chomh maith le cuntas Twitter na haimsire @AimsirTG4 a mbíonn na láithreoirí féin ina bhun.
 
Cuireann Metraweather an tseirbhís aimsire ar fáil agus tagann na grafaicí ó Weatherscape XT sa Nua-Shéalainn. Tá canúintí uile na Gaeilge le cloisteáil ar an aimsir. Is iad na láithreoirí seo atá i mbun chúrsaí leanúnachais an stáisiúin chomh maith leis na meáin shóisialta. Is iad na láithreoirí aghaidh agus glór an stáisiúin i TG4.

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Linda Ní Ghríofa, Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: