Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

'Arracht' roghnaithe mar iontráil na hÉireann do na Oscars sa chatagóir don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr

24.11.20


 

Tá TG4 thar a bheith ríméadach faoin bhfógra atá déanta ag IFTA inniu go bhfuil Arracht, an príomhscannán Gaeilge a d’eascair as tionscnamh Cine4 roghnaithe mar iontráil na hÉireann do na Oscars sa chatagóir don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr ag an 93ú Gradaim bliantúla an Acadaimh a bheidh ar siúl go luath.
 
Comhpháirtíocht idir TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) é ‘Cine4’ chun fadscannáin Ghaeilge bhunaidh a fhorbairt.
 
Tom Sullivan a scríobh agus a stiúir Arracht agus is iad Dónall Ó Héalaí, Star of Tomorrow 2020 Screen International, chomh maith le Dara Devaney, Michael McElhatton, agus aisteoir eile nach bhfuil an t-achar sin ar bóthar, Saise Ní Chuinn, na príomhaisteoirí. Cúán Mac Conghail a rinne Arracht a léiriú do Macalla Teoranta agus ba iad Brendan McCarthy agus John McDonnell ó Fantastic Films na léiritheoirí feidhmiúcháin. Taispeánadh Arracht, a raibh moladh mór faighte aige, den chéad uair ag Féile mór le rá Scannán Tallin Black Nights in 2019.
 
In Éirinn sa bhliain 1845 atá an Arracht suite agus insítear scéal Cholmán Sharkey, iascaire, fear atá pósta agus a bhfuil clann aige, a thugann dídean d’fhear strainséara ar ordú ón sagart. Ní bhíonn Patsy, iarshaighdiúir, i bhfad sa tír nuair a bhuaileann ‘an dúchan’, a raibh an Phlá Mhór mar thoradh uirthi agus a chuireann leis na milliúin daoine a chur as a n-áit féin agus lena mbás. Fad agus atá na prátaí ag lobhadh, téann Colmán, a dheartháir agus Patsy go dtí teach an Tiarna Talún Shasanaigh agus iarraidh air gan an cíos a ardú mar go gceapann Colmán go gcuirfidh sé deireadh ar fad leis an bpobal. Ní fhaigheann sé aon aird áfach agus cuirfidh an méid a dhéanann Patsy ina dhiaidh sin ar bhóthar Colmán a mbeidh air troid dá bheatha agus dá chéille. Ní go dtí go gcastar cailín óg atá fágtha aisti féin a bhfaigheann Colmán suaimhneas. Díreach in am don dorchadas a bhain leis an am atá caite teacht ar ais chuige arís.
 

Féach ar an mblaisín anseo:

 

 
 
Chuir Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 fáilte roimh fhógra an lae inniu agus dúirt “Go ró-mhinic, bíonn tallann chruthaitheach na Gaeilge dofheicthe in Éirinn, toisc go gcruthaíonn siad, go ndéanann siad aisteoireacht nó go gcraolann siad i mionteanga na tíre. Mar sin nuair a sheol TG4, Fís Éireann agus an BAI scéim Cine4, dúirt muid gur roghnaigh muid dul, ní chun na gealaí, ach chuig na Oscars. An fhís a bhí leis, aitheantas idirnáisiúnta a lorg d’oibreacha cultúrtha agus cruthaitheacha i nGaeilge. Ba mhaith linn cineama na Gaeilge a fheiceáil ag forbairt, a bheith aitheanta go náisiúnta agus meas domhanda a bhaint amach. Molaim Macalla agus gach duine a bhfuil baint acu le ‘Arracht’ as a gcuid tallainne, díograis agus creidimh sa scannán láidir seo a bhfuil gradaim mhóra náisiúnta agus idirnáisiúnta buaite aige cheana agus atá aitheanta anois ag Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann.”
 

Is éard a dúirt Tom Sullivan, scríbhneoir/stiúrthóir Arracht: “Tá ríméad an domhain orm faoin nuacht go bhfuil Arracht roghnaithe ag coiste roghnúcháin IFTA chun an fód a sheasamh d’Éirinn ag na Oscars sa chatagóir don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is fearr. Is aitheantas é seo ar obair agus ar dhíograis na foirne agus is mór an onóir é a bheith breithnithe ar an leibhéal seo agus is iontach an scéala é. Cé gur bhliain aisteach a bhí inti d’earnáil na scannán choinnigh an méid tacaíochta atá faighte ag Arracht ó gach duine ag imeacht muid. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl dár gcisteoirí Fís Éireann, an BAI, agus TG4 agus do IFTA chomh maith as bhur dtacaíocht go léir”
 

Coiste Roghnúcháin speisialta IFTA a roghnaigh Arracht agus bhí an Stiúrthóir Lenny Abrahamson (Normal People, Room, Frank), an tAisteoir Ciarán Hinds, (Munich, The Woman in Black, Tinker Tailor Soldier Spy), an Cumadóir, agus an chéad stiúrthóir mná ag na Oscars, Eímear Noone, an Léiritheoir Macdara Kelleher (Foundation, The Green Knight, Black ’47), an t-aisteoir Fionnula Flanagan (The Guard, The Others) agus David Flynn (Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin don Straitéis Idirnáisiúnta i Paramount TV) i measc bhaill an choiste. Áine Moriarty, Príomhfheidhmeannach an Acadaimh a bhí ina cathaoirleach ar an gCoiste.
 
Bhuaigh Arracht dhá Ghradam IFTA ag Searmanas Gradam na bliana seo chomh maith le 9 nAinmniúchán eile IFTA. Ó taispeánadh den chéad uair i dTaillinn é, tá gradaim buaite ag Arracht ag féilte eile lena n-áirítear Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath, Fleadh Scannán na Gaillimhe, agus Féile Scannán Ghlaschú.
 
Déanfar gearrliosta de na Scannán Idirnáisiúnta is Fearr atá san iomaíocht go dtí 10 iomaitheoir idirnáisiúnta agus déanfar gearrliosta go dtí an 5 Ainmniúchán Oscar sa chatagóir sin dóibh sa deireadh roimh shearmanas na Oscars, a bhí le bheith ar siúl ar dtús ar an 28 Feabhra, ach a bheidh ar siúl anois in Aibreán 2021, mar gheall ar phaindéim an Choróinvíris.
 
Beidh an searmanas don 93ú Gradam Acadaimh (na Oscars) ar siúl i dTéatar Dolby in Hollywood, Los Angeles, California Dé Domhnaigh an 25 Aibreán 2021 agus tabharfaidh onóir do scannáin is fearr na bliana 2021.
 
Eiseoidh Break Out Pictures ARRACHT chuig pictiúrlanna na tíre in Earrach 2021.

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: