Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tús le cur leis an tSraith Nua Rugbaí sa Chomórtas PRO14 Guinness ar TG4

28.09.20


 
Cé go bhfuil athrú ollmhór tagtha ar chúrsaí spóirt, tabharfaidh sé misneach dúinn go mbeidh Rugbaí Beo TG4 ag filleadh ar ár scáileáin. Tá Rugbaí Beo ar cheann de phríomhchláir spóirt an stáisiúin ó cuireadh tús ar dtús leis an tSraith Cheilteach sa bhliain 2001 agus fillfidh sé ar na scáileáin Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair le 3 chluiche beo ina mbeidh Laighin, Mumha agus Connachta ag imirt chomh maith le buaicphointí as Ulaidh.

Cuirfear tús le craoladh beo an chraoltóra Gaeilge Dé hAoine an 2 Deireadh nuair a thabharfaidh Laighin, a bhuaigh an tsraith le gairid agus a bhfuil an tsraith buaite 4 huaire acu, aghaidh ar na Dragons san RDS agus taispeánfar buaicphointí ina dhiaidh de chomórtas Ulaidh, an fhoireann a cloíodh sa chluiche ceannais, ó Stáid Kingspan. Beidh neart rugbaí beo againn daoibh ar TG4 Dé Sathairn an 3 Deireadh Fómhair nuair a chuirfidh Scarlets fáilte roimh Mhumha in Parc y Scarlets agus taispeánfar craoladh beo as an Sportsground ina dhiaidh sin nuair a bheidh Connachta le Glaschú sa chéad bhabhta de Chraobhchomórtas an Guinness PRO14.

Tá ríméad ar TG4 a fhógairt chomh maith go mbeidh clúdach buaicama acu chomh maith nuair a chraolfar cluiche dheireadh seachtaine bainc mhí Dheireadh Fómhair na Mumha le Cardiff ar Monday Night Rugby a bheidh ar fáil saor go haer, ag tosú ag 20:15.

Craolfaidh TG4 28 cluiche beo saor go haer an séasúr seo chomh maith le han-chuid buaicphointí ó gach babhta agus craoladh iarchurtha a dhéanamh ar 6 cinn de na cluichí a bheidh idir na cúigí. Is féidir leis an lucht féachana a bheith ag súil le tuilleadh de nuálacha TG4, a bhfuil moladh mór faighte acu, a fheiceáil – treorú na réiteoirí sa chúlra, agallaimh roimh na cluichí leis na príomhchóitseálaithe agus cúlmhonatóireacht fuaime a dhéanamh ar na cóitseálaithe agus ar na himreoirí. Beidh leithéidí Eimear Considine, Deirbhile Nic a Bháird, Marcus Horan, Stephen Ferris, Mike Sherry, Ronan Loughney, Eoghan Ó Neachtain, Eamonn Molloy agus neart eile a i mbun na hanailíse agus is í an bhean ghealgháireach, Máire Treasa Ní Dhubhghaill, a chuirfidh an tsraith i láthair.

Is ar Chúigí na hÉireann a bheifear ag díriú i gCraobhchomórtas PRO14 Guinness, ó tharla go bhfuil Laighin, a thug leo séasúr 2018/19 go héasca, ag iarraidh an ceathrú craobh stairiúil a thabhairt leo agus beidh súil ag Connachta an dul chun cinn atá déanta acu go dtí seo a fhorbairt tuilleadh faoin bpríomhchóitseálaí Andy Friend. Bhí fir Uladh iontach ar fad sa séasúr deiridh, cé gur buaileadh go dona iad ina gcluiche crua deiridh, beidh siad ag súil go n-éireoidh níos fearr leo an tráth seo. Beidh súil ag Mumha dul níos faide ná na cluichí leathcheannais i mbliana agus an Cluiche Ceannais a bhaint amach den chéad uair ó 2017.

Is éard a dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha inniu sular cuireadh tús leis an tséasúir nua de Rugbaí Beo: “Tá an taithí chomhchoiteann a bhaineann le spórt saor go haer níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh. Tá ríméad orainn go bhfuilimid ábalta an craoladh rugbaí is cuimsithí atá ar fáil ar bhonn trastíre a chur ar fáil do lucht féachana na hÉireann, ina gcuimsítear 28 cluiche agus buaicphointí cuimsitheacha chomh maith le cluichí iarbheo. I bhfianaise na srianta atá ann ar dhaoine freastal ar ionaid imeartha, leanfaidh TG4 de bheith ag tabhairt lucht féachana níos cóngaraí den aicsean trínár n-iarracht síoraí a bheith nuálach maidir lenár gcraoladh spóirt.”

Iris Productions, atá lonnaithe ar an Spidéal, a léiríonn craoladh rugbaí TG4.
 
Áirítear ar chlúdach Rugbaí Beo ar TG4:

  • Craoladh beo ar Chluichí Rugbaí na Mumhan ar fad in aghaidh fhoirne na Breataine Bige.
  • Craoladh beo ar chluichí baile Rugbaí Chonnacht.
  • Craoladh beo & eisiach ar chluichí Chonnacht ar fad in aghaidh fhoirne na Breataine Bige.

 
Babhta 1:

  • Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair Ulaidh v Benetton KO: 20:15 Buaicphointí
  • Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair Laighin v Dragons KO: 20:15 Beo
  • Dé Sathairn an 3 Deireadh Fómhair Scarlets v Mumha KO: 15:00 Beo
  • Dé Sathairn an 3 Deireadh Fómhair Connachta v Glaschú KO: 17:15 Beo

 
Babhta 2:

  • Dé Sathairn an 10 Deireadh Fómhair Benetton v Laighin KO: 17:15 Buaicphointí
  • Dé Sathairn an 10 Deireadh Fómhair Ospreys v Ulaidh KO: 17:15 Buaicphointí
  • Dé Sathairn an 10 Deireadh Fómhair Mumha v Dún Éideann KO: 19:35 Buaicphointí
  • Dé Sathairn an 10 Deireadh Fómhair Cardiff v Connachta KO: 19:30 Beo

 
Babhta 3:

  • Dé hAoine an 23 Deireadh Fómhair Laighin v Zebre KO: 19:35 Beo
  • Dé Domhnaigh an 25 Deireadh Fómhair Ulaidh v Dragons KO: 15:00 Buaicphointí
  • Dé Domhnaigh an 25 Deireadh Fómhair Dún Éideann v Connachta KO: 19:35 Buaicphointí
  • Dé Luain an 26 Deireadh Fómhair Mumha v Cardiff KO: 20:15 Beo

 
Babhta 4:

  • Dé Domhnaigh an 1 Samhain Dragons v Mumha KO: 14:00 Beo
  • Dé Domhnaigh an 1 Samhain Connachta v Benetton KO: 16:30 Beo
  • Dé Luain an 2 Samhain Cardiff v Ulaidh KO: 18:00 Buaicphointí
  • Dé Luain an 2 Samhain Glaschú v Laighin KO: 20:15 Buaicphointí

 
Babhta 5:

  • Dé Sathairn an 7 Samhain Benetton v Mumha KO: 14:00 Buaicphointí
  • Dé Sathairn an 7 Samhain Dragons v Connachta KO: 17:15 Beo
  • Dé Domhnaigh an 8 Samhain Ospreys v Laighin KO: 15:00 Beo
  • Dé Luain an 9 Samhain Ulaidh v Glaschú KO: 20:15 Buaicphointí

 
Babhta 6:

  • Dé Sathairn an 14 Samhain Connachta v Scarlets KO: 19:35 Beo
  • Dé Domhnaigh an 15 Samhain Mumha v Ospreys KO: 14:45 Beo
  • De Luain an 16 Samhain Zebre v Ulaidh KO: 18:00 Buaicphointí
  • Dé Luain an 16 Samhain Laighin v Dún Éideann KO: 20:15 Buaicphointí

 
Babhta 7:

  • Dé Domhnaigh an 22 Samhain Zebre v Connachta KO: 12:30 Buaicphointí
  • Dé Domhnaigh an 22 Samhain Laighin v Cardiff KO: 17:15 Beo
  • Dé Domhnaigh an 22 Samhain Ulaidh v Scarlets KO: 19:35 Buaicphointí
  • Dé Luain an 23 Samhain Glaschú v Mumha KO: 20:15 Buaicphointí

 
Babhta 8:

  • Dé Sathairn an 28 Samhain Connachta v Ospreys KO: 19:35 Beo
  • Dé Domhnaigh an 29 Samhain Scarlets v Laighin KO: 17:15 Beo
  • Dé Luain an 30 Samhain Mumha v Zebre KO: 20:15 Buaicphointí
  • Dé Luain an 30 Samhain Dún Éideann v Ulaidh KO: 20:15 Buaicphointí

 

Teagmháil do na Meáin:
Rónán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Spóirt TG4 | ronan.o.coisdealbha@tg4.ie

Cuir aithne orainn: