Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Scannán Croíúil Teilifíse do Pháistí Faoin Dobrón le Feiceáil den Chéad Uair agus 2020 ag Teacht chun Críche

Sol ag soilsiú ar TG4 ar an oíche is dorcha i mbliain a bhí dorcha

09.12.20

 

 

Beidh Sol, scannán spreagúil faoi bhuachaill beag atá dul i ngleic leis an dobrón, le feiceáil den chéad uair in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe ar an oíche is dorcha sa bhliain, Grianstad an Gheimhridh, an Luan 21 Nollag ag 6.30 i.n. Tá sé mar aidhm ag an scannán beochana seo, a mhaireann 28 nóiméad, só agus suaimhneas a thabhairt do theaghlaigh le páistí óga agus an bhliain is gruama i gcuimhne na ndaoine ag druidim chun críche.
 

Scannán é seo faoin suaitheadh a bhaintear as Sol nuair a fhaigheann a sheanmháthair, a raibh an-chion aige uirthi bás. Trí shúile an pháiste pléann an scannán le gnéithe éagsúla den dobrón (an geit, an tnúthán, an mearbhall agus an réiteach). Mar sin is ardú meanman a thugann Sol dúinn. Cuirtear an buachaill amach ar bhonn práinne ag tóraíocht an tsolais atá tar éis imeacht as an saol. De bharr aistear Sol agus gach a tharlaíonn dó lena linn, faigheann sé amach gur cumhachtaí an grá atá aige dá sheanmháthair ná an dobrón a chruthaigh a bás. Áis ábhartha, thábhachtach atá sa scannán a chuireann roimhe cúnamh a thabhairt do pháistí agus do theaghlaigh le déileáil leis an dobrón. Tá sé thar a bheith tráthúil san am i láthair agus bliain chorrach curtha dínn againn ar fad. Táthar ag súil go spreagfaidh an scéal agus na carachtair cumarsáid i measc múinteoirí, tuismitheoirí agus páistí óga i dtaobh an bealach le déileáil lenár mothúcháin nuair a fhaigheann daoine a bhfuil cion againn orthu bás.
 


 

Is í Fionnula Flanagan, aisteoir Éireannach a bhfuil duais Emmy bainte amach aici, a dhéanann guth na seanmháthar agus is í Myra Zepf (údar agus buaiteoir dhuais Leabhar na Bliana do Pháistí) guth na máthar. Déanann Zana Akkoç atá dhá bhliain déag, guth Sol. Thaifead Moya Brennan, ball den bhanna ceoil tíre Clannad, amhrán an scannáin.
Rinne The British Film Institute’s Young Audiences Content Fund maoiniú ar Sol in éineacht le Ciste Craoltóireachta Gaeilge agus Ciste Scáileáin Northern Ireland Screen. Rinne na craoltóirí Ceilteacha TG4, S4C agus BBC ALBA comhchoimisiniú ar Sol agus Aardman a rinne é a dháileadh.
 

Ar an 21 Nollag craolfar Sol ag an am céanna, 6:30in, i nGaeilge ar TG4, i mBreatnais ar S4C agus i nGaeilge na hAlban ar BBC ALBA. Beidh sé le feiceáil freisin ag 19.30 ar CiTV sa Ríocht Aontaithe agus fotheidil air. Is é an comhlacht léiriúcháin teilifíse Paper Owl Films atá lonnaithe i mBéal Feirste agus a chuireann ábhar do pháistí ar fáil a chruthaigh agus a léirigh Sol. Dúirt Gráinne McGuinness, An Stiúrthóir Cruthaitheach, ‘Anois, thar am ar bith eile, tá gá ag páistí le scéalta físiúla láidre chun cabhrú leo déileáil le mothúcháin atá nua dóibh agus iad a spreagadh chun a n-aghaidh a thabhairt ar an saol, lán dóchais.’
 

Seo an rud a bhí le rá ag Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe do Dhaoine Óga do TG4: ‘Is scannán beochana úrnua é Sol atá ag déileáil ar bhealach croíúil, meanmnach leis an mbuairt agus leis an mbás, ábhar atá ríthábhachtach. Ba mhór an pléisiúr é an tionscadal seo a fheiceáil ag teacht ar an bhfód in éineacht le Paper Owl Films, S4C agus BBC Alba. Clár atá ann, ceart go leor a bhaineann le dul i ngleic leis an mbuairt agus leis an mbás ach ag an am céanna d’oibrigh lucht maoinithe, craoltóirí agus léiritheoirí as lámh a chéile chun rud iontach a chruthú a raibh rud an-tábhachtach ar fad leis. Tá muid an-bhuíoch de Northern Ireland Screen, ILBF & YACF a chinntigh go bhféadfaí an tionscadal seo a chur i gcrích.’
 

Dúirt Jackie Edwards Ceannasaí an BFI’s ar The Young Audiences Fund: ‘Baineann Sol le bheith ag cuimhneamh, le gean, ar an dream atá imithe uainn agus fios againn nach bhfuil muid linn féin, agus leis an teaghlaigh a spreagadh le labhairt faoina mbás. Tá i bhfad an iomarca páistí agus daoine óga faoi scamall bhróin i mbliana agus bhí muid ag iarraidh deis sosa agus machnaimh a chur ar fáil. Theastaigh uainn go n-oibreodh craoltóirí seirbhíse poiblí as lámh a chéile leis an scannán speisialta seo a chomhsheachadadh chuig an oiread agus is féidir de dhaoine óga na tíre seo chun cabhrú leo solas a aimsiú sa dorchadas.’
 

Dúirt Richard Williams, Príomhfheidhmeannach Northern Ireland Screen; ‘Tá an-bhród orainn tacú leis an tionscadal álainn seo de chuid Paper Owl Films trínar Irish Language Broadcast Fund and Screen Fund. Is é seo an chéad uair againn ag oibriú i bpáirt leis na craoltóirí dúchasacha d’fhonn scannán beochan úrnua a léiriú. Bhí éiginnteacht agus caillteanas ag baint leis an mbliain 2020 do chuid mhaith daoine agus is ábhar díreach ar nós ‘Sol’ a theastaíonn uainn faoi láthair, go háirithe ón dream óg atá ag iarraidh ciall a bhaint as an rud ar fad. Tá muid dearfa go mbeidh an-ráchairt ar ‘Sol’ i measc lucht féachana nuair a chraolfar é ar fud na Ríocht Aontaithe agus ar fud na hÉireann ag Grianstad an Gheimhridh.’

 
 

Teagmhálaí na Meán do TG4:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: