Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Áine Lally Ceaptha in a Bainisteoir Cumarsáide ag TG4

15.12.22

Tá sé fógartha inniu go bhfuil Áine Lally ceaptha mar Bhainisteoir Cumarsáide ag TG4. Tá taithí na mblianta ag Áine mar iriseoir físe agus léitheoir nuachta le Nuacht TG4 / Nuacht RTÉ ó thosaigh sí leis an t-seirbhís in 1998. Chuir sí tús lena gairm i saol na craoltóireachta roimhe sin sa Rannóg Cumarsáide i TG4 faoi stiúir Phádhraic Uí Chiardha.

Tá aithne ar Áine fud fad Conamara agus thar toinn as a scéalta croiúla a thugann léargas ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Bhí sí ag obair ar chláracha faisnéise do Nuacht TG4 faoi na Gaeil agus lucht na gcurrach i mBostún, i bPittsburgh agus i Louisiana, Mheiriceá. Bhí sí in a láithreoir agus taighdeoir ar an tsraith siamsaíochta Féilte le hAoife Ní Thuairisg agus ina dhiaidh sin le Síle Ní Bhraonáin. Léirigh sí tuairiscí do Seachtain agus Nationwide ar RTÉ agus chuir sí Gradam Ceoil TG4 i láthair le Páidí Ó Lionáird in 2004.

Is as An Spidéal i gConamara d’Áine. Is iníon í leis an bhfear gnó as Cathair na Gaillimhe Máirtín Lally agus a bhean Bríd. Tá seisear deartháir aici; Caoimhín, Pádraig, Marcus, Diarmaid, Máirtín agus Dónal. Tá sí pósta ar Joe Quinn as Cathair na Gaillimhe agus tá beirt ghasúir acu, Robert agus Liadh agus tá siad ag cur fúthu i gCois Fharraige.

Chuir Stiúrthóir Margaíochta, Forbartha agus Comhpháirtíochta TG4 Lís Ní Dhálaigh fáilte roimh a ceapachán ag rá, “Cuirfim fáilte mhór roimh Áine Lally sa phost tábhachtach seo i TG4. Tá taithí ar leith ag Áine ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta agus ar iriseoireacht na Gaeilge a bheidh ina chabhair mhór di agus í ag tabhairt faoi phost an Bhainisteora Cumarsáide le TG4. Guím gach rath uirthi”

Tiocfaidh Áine i gcomharba ar Dheirdre Ní Choistín atá ceaptha in Ceannaire Nuachta & Cúrsaí Reatha ag TG4. Beidh Áine ag tosú ina post nua i Mí Eanáir.

 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: