Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Comrádaíocht, Cruthaitheacht, agus Comhar na gComharsan i Sceideal Fómhair TG4

22.08.22


 
#Fómhar22
 
Grianghraif & Eolas Eile: tg4.ie/fomhar22
 
Den chéad uair le trí bliana, bhí deis teacht le chéile chun sceideal fómhair TG4 a sheoladh ag ócáid do na meáin sa Guinness Storehouse i mBaile Átha Cliath inniu. Ceiliúradh ar na téamaí ‘Comrádaíocht, Cruthaitheacht, agus Comhar na gComharsan’ atá sa sceideal nua agus iad le brath sna cláracha cumhachtacha fíorasacha, ealaíon agus cultúir, an ‘súil eile’ ar spórt na hÉireann, dráma nua do dhaoine óga agus scannáin Ghaeilge den chéad scoth i bpictiúrlanna ar fud na cruinne.
 
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont,“Is ionann ábhar sheoladh an fhómhair i mbliana agus léiriú ar an muinín agus ar an uaillmhian a bhaineann le Fís TG4 Tar Éis Covid.

Fáiltíonn TG4 roimh fhoilsiú Thuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán ina moltar go mbunófaí coimisiún ar na meáin Ghaeilge. Fáiltíonn TG4 roimh an moladh seo ach níor cheart é a úsáid mar leithscéal chun moill a chur ar infheistíocht sna meáin Ghaeilge atá againn cheana féin.

Agus an Ghaeilge ina céad teanga Stáit agus anois ar cheann de theangacha oifigiúla na hEorpa, ba chóir go mbeadh Stát na hÉireann ina eiseamláir do mhionteangacha eile na hEorpa. Seachas sin, tá baol ann go ndéanfaidh an Stát damáiste dá cháil sa réimse sin, á léiriú féin mar sprionlóir ar nós cuma liom atá ag iarraidh an dallamullóg a chur ar chách. Maidir leis na meáin chumarsáide, faigheann na craoltóirí Breatnaise agus Bascaise a dhá oiread maoiniú poiblí le TG4.

Tá sé oiriúnach ar an lá seo aitheantas a thabhairt do chumas ceannaireachta Mhichíl Uí Choileáin, céad bliain i ndiaidh a bháis. Mac cainteoirí Gaeilge ab ea é, d’aithin Ó Coileáin an dochar atá déanta don teanga de bharr mionlú sóisialta agus díth stádais. Scríobh Ó Coileáin gurb é normalú na Gaeilge in Éirinn “an tasc is mó” a bhí ar an Stát nua. Iarraim ar an Rialtas seo ar Lá an Bhuiséid i Meán Fómhair ómós a thabhairt d’fhís Mhichíl Uí Choileáin agus fuinneamh ó chroí agus infheistíocht a thabhairt dá gcuid straitéisí don Ghaeilge. Cuireann TG4 a muinín agus a uaillmhian ar fáil don Stát.  Anois an t-am tabhairt faoi.”
 
Sa chlár An Buachaill Gealgháireach, inseoidh Theo Dorgan an scéal a bhaineann leis an amhrán ‘The Laughing Boy’ a scríobh Brendan Behan i gcuimhne ar Mhícheál Ó Coileáin. Craolfar an clár Dé Céadaoin mar chomóradh céad bliain a bháis.  Sa chlár Ar Lorg na Fírinne, leanfar teaghlaigh íospartaigh na coimhlinte sna sé contae agus iad ag iarraidh teacht ar an bhfírinne faoi bhás a ndaoine muinteartha.  Déanfar iniúchadh ar na Lochlannaigh trí shúile bheirt sclábhaí as Éirinn, Findan agus Melkorka i gclár nua dráma faisnéise Íospartaigh na Lochlannach.  Seolfar sraith nua cúrsaí reatha Iniúchadh TG4 ina ndéanfaidh an t-iriseoir Kevin Magee iniúchadh níos doimhne ar bhun agus barr na gceannlínte.
 
Tabharfaidh triúr ban misniúil faoi ghnéithe éagsúla de shaol na mban in Éirinn a scagadh.  Déanfaidh Gráinne Seoige iniúchadh ar an athrú saoil agus ar an gcaoi a gcaitear leis sa tír seo i Meanapás: Meon Nua agus súil aici feachtas a thosú chun polasaí náisiúnta meanapáis a chur i bhfeidhm. Labhróidh Mary Kennedy faoi gach ghné de bheith ag dul in aois agus faoin tionchar atá aige sin ar mhná sa chlár Mary Kennedy: Fad Saoil agus beidh Síomha Ní Ruairc ag plé leis an gcaidreamh atá ag mná óga le híomhá colainne sa chlár Síomha: Idir Anam ‘Is Chorp.
 
Beidh Hector thar sáile arís tar éis 18 mí a chaitheamh ag baile agus aghaidh á thabhairt aige ar thuras ó na Balcáin in Oirthear na hEorpa go dtí an réigiún Baltach sa tsraith Hector Balkans go Baltics. Beidh Breanndán Ó Beaglaoich agus a mhac Cormac ar an mbóthar ag lorg an cheoil ó Chorcaigh go Cill Mhantáin ina veain campála, Beauty, i sraith nua de Slí na mBeaglaoich. Rachaidh Doireann Ní Ghlacáin ag cuardach chroí an cheoil i gceantair nach bhfuil chomh haitheanta sin i dtaobh an cheoil thraidisiúnta i sraith nua Ceolaireacht. 
 
Rachaidh Máirtín Tom Sheáinín ar thuras timpeall na tíre sa chlár Cneasaithe chun a fháil amach an gcreidtear i gcónaí sna leigheasanna. Tabharfar léargas ar mhuintir Ghaeltacht na nDéise i gcaitheamh bliana sa tsraith Ceithre Ráithe sna Déise.  Beidh Síle Nic Chonaonaigh ar cuairt ar Bailte nua; Tír an Fhia i gConamara, Rann na Feirste i gCo. Dhún na nGall, Béal Átha an Ghaorthaidh i gCo. Chorcaí, agus an Baile Riabhach ar leithinis Dhaingean Uí Chúis.
 
Nochtfar Éire ón spéir agus na rúin a bhaineann léi sa tsraith Rúin ón Spéir, agus beidh Diarmuid Ó Drisceoil ag nochtadh rúin na Dubhabhann sa tsraith nua Cois Móire. Tá an tsraith ealaíon IMEALL ar ais chun léargas a thabhairt ar na healaíona ón imeall isteach.
 
Beidh Rugbaí Beo ar ais ar an 17 Meán Fómhair le Craobhchomórtas Rugbaí Aontaithe agus beidh craoladh eisiach den Chluiche Ceannais ar TG4 an séasúr seo. Gheobhaidh Gráinne McElwain amach faoi choirn éagsúla CLG a bhronntar ar fud na tíre i sraith nua Scéalta na gCorn.  Tá Underdogs ag lascadh na gcamán i mbliana agus beidh súil ag na roghnóirí Jamie Wall, John Allen agus Claire O’Connor teacht ar scuad fear atá cumasach agus díocasach le haghaidh a thabhairt ar cheann de na foirne iomána is fearr sa tír. Leanfar leis an aicsean is fearr ó CLG ar GAA Beo ar TG4.
 
Den chéad uair riamh, beidh deis ag an bpobal iomaitheoir óg as Éirinn a roghnú don Junior Eurovision a bheidh ar siúl i mbliana san Airméin.
 
Is fada go bhfaighfear amach céard a tharlóidh do Bhriain nuair a fhilleann Ros na Rún go luath.  Beidh sraith nua drámaíochta do pháistí, Saol Ella, ar siúl an séasúr seo ina dtabharfar cuntas ar chailín trí bliana déag darb ainm Ella arb í mian a croí stócach a aimsiú agus a céad phóg a fháil uaidh.
 
Tá TG4 ag cur lena straitéis TG4 Gach Áit arís i mbliana.  Beidh an chéad scannán eile ó scéim Cine4, Róise & Frank, le Bríd Ní Neachtain agus Cillian Ó Gairbhí, arna léiriú ag Macalla, sna pictiúrlanna ón 16 Meán Fómhair. Insítear scéal Róise, a bhfuair a fear chéile Frank bás dhá bhliain ó shin agus í fós cráite ag an mbriseadh croí. Le teacht madra mistéireach, atá an-mhór le Róise, is cosúil, tá an chuma air go bhfuil athrú mór ar na bacáin.
 
Tá An Cailín Ciúin roghnaithe ag IFTA mar iontráil na hÉireann do na Oscars sa chatagóir ‘An Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr’. Tá Inscéal, an comhlacht léiriúcháin a léirigh An Cailín Ciúin, ag díriú anois ar fheachtas ar leith do na Oscars. Fógrófar gearrliosta de 15 scannán don chatagóir ar an 21 Nollaig.  Tá Inscéal ar tí margadh dáileacháin a dhéanamh sna Stáit Aontaithe, le go n-eiseofar An Cailín Ciúin i bpictiúrlanna ar fud Mheiriceá.

Taispeánfar  dhá scannán eile ó scéim Cine4, den chéad uair ar TG4 san fhómhar, is iad sin Arracht agus Foscadh.
 
Beidh TG4 ar fáil ar Sky Glass a sheolfar an tseachtain seo in Éirinn.  Ar Seinnteoir TG4, atá ar fáil ar fud an domhain mar Aip ar IOS, Android nó ar Theilifís Cliste, beidh sraitheanna eisiacha drámaíochta Fenris ón Iorua, Harmonica ón tSualainn agus Blackport ón Íoslainn agus sraith nua cheoil Snugcheol ina mbeidh ceoltóirí traidisiúnta den scoth ag ceol i roinnt de na clúideacha is fearr aithne agus is aistí sa tír.  Leanfaidh MOLSCÉAL le scéalta phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge a insint ar na meáin shóisialta agus tabharfaidh BLOC léargas nua ar shaol dhaoine óga sa Ghaeltacht le sraith nua Óg sa nGaeltacht atá ag tosú go luath.
 
 
Tá gach eolas faoi sceideal an fhómhair ar fáil anseo: tg4.ie/fomhar22

 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: