Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

D’fhéach 491,000 ar Chluichí Ceannais TG4 i bPeil na mBan ar TG4 Dé Domhnaigh

02.08.22


 
De réir figiúirí féachana ó TAM Ireland, d’fhéach 491,000 duine ar chluichí ceannais TG4 i bPeil na mBan Dé Domhnaigh. Bhí meán lucht féachana de 204,900 ag féachaint ar chraoladh beo chluiche na sinsear idir An Mhí agus Ciarraí. Bhí 30.6% den lucht féachana ag an am ag féachaint ar an gcluiche ceannais. Ag 5:10pm a bhí an lucht féachana ba mhó ag an mbeochraoladh agus 279,800 duine ag féachaint ar An Mhí ag tabhairt Corn Bhreandáin Uí Mháirtín leo don dara bliain as a chéile.
 
Bhí lucht féachana ó níos mó ná 50 tír ag breathnú ar na cluichí ceannais ar sheinnteoir TG4 le 14,000 sruth den chluiche ó lucht féachana idirnáisiúnta. Cláraíodh breis agus 20,000 sruth eile ó lucht féachana in Éirinn ar an seinnteoir chomh maith.
 
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, “Mo bhuíochas ó chroí leis na contaetha ar fad, Loch Garman agus Ciarraí go háirithe, a throid go dtí an deireadh i gcaitheamh na Craoibhe an séasúr seo, comhghairdeas le Laois agus leis an Mí agus táim ag súil go mór le ath-imirt Aontroma agus Fhear Manach a bheidh á chraoladh beo ar TG4. Gabhaimid buíochas ar leith leis an slua ollmhór a thaistil chuig na Cluichí Ceannais as gach cearn d’Éirinn. Tá Contae na Mí ach go háirithe mar eiseamláir do chontaetha eile maidir le cén chaoi slua tacaíochta ollmhór a chothú don LGFA sa dá inscne agus ag gach aois. Is moladh an-mhór don chontae ar fad é, an léiriú de ‘fandom’ na Mí a chonaic muid i bPáirc an Chrócaigh.
Dé Domhnaigh craoladh an 22ú heagrán de Chraobhchomórtas TG4 i bPeil na mBan, stair uathúil de spórt a mhionlaigh an sochaí á chur chun cinn ag meán teanga a mhionlaigh an stát. Ag seasamh go comhfhiosach le chéile táimid ag fás le chéile. Faoin am a bhainimid 50 bliain den LGFA amach in 2024, tá súil againn go mbeimid go léir níos faide ar an mbóthar i dtreo fíor chomhionannais deiseanna do Pheil Ghaelach na mBan agus do na meáin Ghaeilge.”

 
Dúirt Uachtarán Peil na mBan Mícheál Naughton, “Bhí an-áthas orainn síneadh cúig bliana ar ár gcomhpháirtíocht a fhógairt le TG4 chun Craobh Uile-Éireann TG4 2022 a sheoladh. Glacaim buíochas le hArd-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, le Ceannasaí Spórt TG4, Rónán Ó Coisdealbha, agus le foireann TG4 ar fad as a dtiomantas do pheil na mban.
“Leanann an feachtas #ProperFan ag tarraingt na samhlaíochta do lucht leanúna Pheil na mBan agus tá séasúr eile den scoth críochnaithe againn le Cluichí Ceannais iontacha eile Dé Domhnaigh i bPáirc an Chrócaigh. Bhí 46,440 lucht féachana i láthair ar an lá, agus d’fhéach líon mór daoine as gach cearn den domhan chun féachaint ar thrí chluiche den scoth.
“Cuireann TG4 an t-ardán ar fáil do dhaoine féachaint ar ár gcluichí ní hamháin in Éirinn, ach ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4 agus ar Aip Teilifíse agus Cliste TG4.
“Táimid ag súil anois lenár athimirt ar Chluiche Ceannais Sóisir na hÉireann TG4 ar an Satharn, 13 Lúnasa, nuair a bheidh Aontroim agus Fear Manach in iomaíocht arís sa chluiche sóisear.”

 

Teagmháil do na Meáin:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: