Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Dianchúrsa Teilifíse agus Scannánaíochta seolta ag TG4 agus Acadamh Atlantach

01.02.22


 
Sheol TG4 agus Acadamh Atlantach dianchúrsa oiliúna léiriúchán teilifíse agus scannánaíochta 14 seachtainí ina mbeidh socrúchán oibre 4 seachtainí mar chuid de. Beidh an clár eisiach seo, a bheidh á sheachadadh ag Acadamh Atlantach, ag léiriú scileanna praiticiúla agus cruthaitheacha agus tabharfaidh sé an cumas agus an dúil do na rannpháirtithe tabhairt faoi ghairm in earnáil Theilifíse agus Scannánaíochta na hÉireann.
 
Agus é mar sprioc go meallfaí daoine a bhfuil meon cruthaitheach acu agus dúil acu gairm a fháil san earnáil Theilifíse agus Scannánaíochta, nó daoine a bhfuil fonn orthu a ngairm a athrú, cuirfidh an clár oiliúna úrnua seo eolas luachmhar agus sainoiliúint scileanna ar fáil chun tallanna agus ábaltachtaí a neartú i réimse na cruthaitheachta sa léiriúchán agus stiúradh Teilifíse agus Scannánaíochta mar aon leis na scileanna criticiúla a bhaineann le hoibriú ceamara, teicnící fuaime agus an innealtóireachta ghaolmhar. Lena chois sin, beidh deis ag na rannpháirtithe ionchasacha a bheith ag obair le stiúrthóirí agus léiritheoirí i dtimpeallachtaí léiriúcháin bheo mar aon le meantóireacht iontach luachmhar a fháil ó cheannasaithe i dtionscal na Léiriúchán Teilifíse agus Scannánaíochta neamhspleách. Lena chois sin, cuirfear an cúrsa Pas Léiriúcháin atá ag Fís Éireann, agus a bhfuil an-mheas air, ar fáil mar chuid den chlár oiliúna. Daingneoidh an socrúchán oibre 4 seachtainí na 10 seachtainí oiliúna i dtimpeallacht cuideachta léiriúcháin forásach neamhspleách teilifíse. Caithfidh na hiarrthóirí léiriú a thabhairt ar a nádúr cruthaitheach agus ar an uaillmhian atá acu gairm a bhaint amach i Léiriúchán Scannánaíochta agus Teilifíse chun áit a bhaint amach ar an gclár fóirdheonaithe seo.
 
Tá an clár dírithe ar dhaoine a bhfuil líofacht Ghaeilge acu agus cuirfear an clár i láthair go dátheangach, mar sin ní mór d’iarrthóirí a bheith líofa sa Ghaeilge más mian leo go gcuirfí san áireamh iad le bheith rannpháirteach. Mar aon leis na 10 seachtainí d’oiliúint dhian agus 4 seachtainí eile ar shocrúchán oibre le cuideachta neamhspleách Léiriúcháin Theilifíse agus Scannánaíochta, gheobhaidh na rannpháirtithe rathúla na scileanna riachtanacha sna teicnící is deireanaí agus is nuálaí d’earnáil na léiriúchán Teilifíse agus Scannánaíochta. Tabharfaidh sé sin deiseanna iontacha do na rannpháirtithe chun taisteal ar fud an domhain agus oibriú san earnáil scannánaíochta agus theilifíse idirnáisiúnta. Beidh an clár ar fáil in aisce do na rannpháirtithe. Beidh an clár seo á chur ar fáil ag Acadamh Atlantach óna bhunáit ag An Chuasnóg sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara, an bhunáit chéanna atá ag sraithdhráma rathúil TG4, Ros na Rún, agus beidh stiúrthóirí an chúrsa ag tairiscint 12 áit luachmhara ar an gclár a bheidh ag tosú ar an 21ú Márta, 2022.
 
Tá méadú leanúnach ag teacht ar an tóir atá ar TG4 agus, dá réir, tá éileamh acusan ar léiriúcháin neamhspleácha ardchaighdeáin agus siamsúla. Mar thoradh ar cheapachán an Acadaimh Atlantaigh nua chun an dianchlár oiliúna seo a sheachadadh, cuirfear rogha spreagúil gairmí ar fáil do chuid mhaith daoine mar aon le cur le scileanna ag an leibhéal is airde agus maolófar an ganntanas scileanna reatha atá in Earnáil Theilifíse agus Scannánaíochta na Gaeilge. Beidh an clár seo a chur ar fáil i gcomhar le Mol Criúnna Scannán agus Teilifíse na nAcadamh Náisiúnta Tallainne atá á bhainistiú ag Acadamh Atlantach agus Gréasán na Meán Skillnet.
 
Ag tagairt don togra nua, deir Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta, Forbartha agus Comhpháirtíochta TG4: “Tá TG4 an-sásta a bheith ag obair ar an togra seo i gcomhar le hAcadamh Atlantach. Is deis iontach é seo do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus suim acu a bheith ag obair san earnáil, is cuma cén cúlra agus taithí atá acu. Tabharfaidh sé bunchloch iontach dóibh sna scileanna teilifíse mar aon leis na deiseanna chun bogadh ar aghaidh agus fostaíochta a aimsiú i gcomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha atá ag cruthú cláracha do TG4. Tá réimse oibre agus deiseanna ar fáil sa tionscail seo agus is deis í seo leis an gcéad chéim a thógáil.”
 
Cuideachta oiliúna Léiriúcháin Theilifíse agus Scannánaíochta is ea Acadamh Atlantach atá lonnaithe sa Chuasnóg, an Spidéal, Co na Gaillimhe i nGaeltacht Chonamara; stiúrthóirí Danú Media, Siobhán Ní Ghadhra agus John Brady, a bhunaigh an chuideachta, agus tá an bheirt acu ina gcomhléiritheoirí ar Ros na Rún do TG4 i gcomhar le Tyrone Productions. Le gairid, bhronn Fís Éireann an conradh ar Acadamh Atlantach do Mhoil Criúnna Scannán agus Teilifíse na nAcadamh Náisiúnta Tallainne in Iarthar na hÉireann, agus beidh siad ag cur fáil ar thacar iomlán oiliúna do na scileanna go léir is gá do thionscal léiriúcháin Theilifíse agus Scannánaíochta a bheidh nuálach, cruthaitheach agus rathúil in 2022 agus níos faide anonn.
 
Ní mór do na hiarrthóirí a bheidh ag cur isteach ar an gclár oiliúna seo CV agus Litir Mhínithe ag léiriú cén fáth go bhfuil siad oiriúnach a sheoladh chuig dianchursa@atlanticacademy.ie faoi 5pm ar an Aoine 25ú Feabhra 2022

 
 

Do cheisteanna meán agus chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:

TG4: Deirdre Ní Choistin | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Atlantic Academy: Noreen D’Arcy | D’Arcy Marketing and PR |noreen@darcymarketingandpr.ie


Cuir aithne orainn: