Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Beirt nua ceaptha ag TG4 do chaineál nua Cúla4

28.11.22


 
Tá áthas ar TG4 a fhógairt go bhfuil Muireann Ní Chíobháin ceaptha ina hEagarthóir Coimisiúnaithe ar chainéal nua Cúla4 agus go bhfuil Étaín Ní Thuairisg ceaptha ina hEagarthóir / Léiritheoir ar an gcainéal nua.

Is craoltóir, scríbhneoir agus léiritheoir teilifíse í Muireann Ní Chíobháin. Tá Muireann paiseanta faoi scéalta siamsúla suntasacha a chumadh don aos óg. Tá cúig bliana déag caite aici ag obair ar chláracha do dhaoine óga agus ag obair go hinmheánach le RTÉ agus TG4. Is í Muireann a chruthaigh agus a scríobh sraitheanna teilifíse don óige ar nós: Dig In Diner agus Mr Mender and The Chummyjiggers agus scríobh sí scripteanna do shraitheanna cáiliúla idirnáisiúnta ar nós Jessy and Nessy (Amazon Prime agus Jam Media Studios), Mya Go (RTÉjr agus Piranha Bar) agus Berry Bees (Atlantyca Entertainment, SLR Productions agus Telegael).

Ainmníodh Muireann don duais ‘Best Animation Script’ don tsraith Mya Go in Zebbies na bliana seo agus ainmníodh an tsraith dhrámaíochta Cereal a chum sí do Raidió RTÉjr do ghradaim IMRO na bliana seo freisin.

Is údar Gaeilge í Muireann chomh maith agus leabhair do dhaoine óga scríofa aici ina measc Scúnc agus Smúirín (Futa Fata), GIY’s Know-it ALLmanac (GIY Ireland), Murphy’s Law (O’Brien Press) agus sraith blocleabhar do naíonáin dar teideal Eoinín (Futa Fata) faoi uainín beag gleoite agus na heachtraí a bhíonn aige. Beidh beirt Eagarthóirí Coimisiúnaithe anois ag plé le hábhar do Cúla4. Beidh Muireann ag obair i dteannta Siobhán Ní Bhrádaigh atá ina hEagarthóir Coimisiúnaithe do dhaoine óga chomh maith. Fógraíodh babhtaí nua coimisiúnaithe do chainéal Cúla4 níos luaithe an mhí seo agus caithfear os cionn €2m ar chláracha nua-léirithe don chainéal nua atá le seoladh i Meán Fómhair 2023.

Tá Étaín Ní Thuairisg ag obair le TG4 ó bunaíodh é i 1996. Is ag plé le margaíocht clár a bhíodh Étaín ag cruthú blaisíní agus ábhar margaíochta ilardán. Tá lear mór duaiseanna bainte amach aici do TG4 de bharr a cuid cruthaitheachta ina measc gradaim ag na Golden Sharks, ICAD’s, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus Gradaim Torc Fhéile na Meán Ceilteach. Tá taithí aici ar léiriú teilifíse do TG4 agus í ag feidhmiú i rólanna éagsúla ina Stiúrthóir, Eagarthóir agus Léiritheoir ar chláracha do dhaoine óga, cláracha faisnéise agus gearrscannáin. Chaith sí tréimhse ag obair san earnáil neamhspleách in Oxford i Sasana idir 2018 agus 2020.

Chuir Bainisteoir Cúla4 Karina Feirtéar fáilte roimh na ceapacháin ag rá, “Tá áthas an domhain orm faoi na ceapacháin seo. Is rólanna an-tábhachtacha iad ó thaobh an méid atá TG4 ag iarraidh a bhaint amach le cainéal nua Cúla4. Tá sé mar fhís againn spás gníomhach, beomhar a chruthú d’aoisghrúpa óg Cúla4, spás atá sábháilte, ach cruthaitheach, spraoiúil agus thar rud ar bith eile ábhartha do pháistí a léiriú agus a thaispeáint ar an scáileán. Cuirfidh na ceapacháin seo go mór le cur i bhfeidhm na físe agus le forbairtí suntasacha san earnáil neamhspleách freisin.”

D’fhógair TG4 in 2021 go raibh sé i gceist cainéal ar leith do pháistí a bhunú agus cheadaigh an tAire Catherine Martin an cainéal i mí Mheán Fómhair na bliana seo. Ceapadh Karina Feirtéar ina Bainisteoir ar Cúla4. Ceapadh Niamh Ní Chróinín ina láithreoir ar Cúla4 i mbliana agus beidh sí ina hambasadóir don óige ar TG4.

 

Teagmháil do na Meáin:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: