Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 ag fáil faoi réir do 10 cluiche i Sraith Náisiúnta na mBan a chraoladh beo

20.07.22


 
Beidh réaltaí Shraith Náisiúnta Ban SSE Airtricity ag dul i bhfeidhm ar an lucht féachana arís ar theilifís saorchraolta tráth a mbeidh ceamaraí TG4 orthu arís agus 10 cluiche beo á n-imirt acu.
 
Tar éis nasc a dhéanamh le Cumann Peile na hÉireann in 2021 chun 4 cluiche de Shraith Náisiúnta na mBan (SNB) a chraoladh, tá a thiomantas don Sraithchomórtas athdhearbhaithe ag TG4 trí líon iomlán na gcluichí a mhéadú faoi 150% suas chuig 10 cluiche.
 
Is í an craoltóir spóirt as Gaillimh, Máire Treasa Ní Cheallaigh, a chuirfidh Sacar Beo i láthair, agus beidh foireann de shainanailísithe sacair ina teannta. Fogarty Fenwick Services a léireoidh an tsraith.
 
Beidh aicsean eisiach ag Spórt TG4 ar a dtarlaíonn sa chúlra ag na cluichí ar fud a chainéal meán sóisialta agus cuirfear na cluichí ar fáil ar fud an domhain ar Aip Sheinnteoir TG4.
 
Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coistealbha: “Bhí an-áthas ar TG4 Sraithchomórtas Náisiúnta Ban SSE Airtricity a chur ar fáil do lucht féachana teilifíse na hÉireann den chéad uair in 2021. Ón gcéad chúl, ar chúl den scoth é, a scóráil Alex Kavanagh ar son Shelbourne in aghaidh DLR Waves go dtí an dráma lán teannais a bhain leis an oíche dheireanach i mí na Samhna ar a ndearnadh Seaimpíní na Bliana 2021 de Shelbourne; tá gach a mbeadh uait i gceist le SNB.”

“Ní fhéadfadh a thuilleadh bróid a bheith ar TG4 agus iad ag cur scleondar shacar na mban ar fáil don lucht féachana atá ag éirí níos díograisí agus níos díograisí faoi, agus táimid ag súil leis an gcéad chéim eile san aistear le Cumann Peile na hÉireann agus Sraith na hÉireann.”
 
Dúirt Mark Scanlon, Stiúrthóir Shraith na hÉireann: “Táimid ag súil le bheith ag obair le TG4 arís tar éis chomh maith agus a d’éirigh leis an obair i gcomhar anuraidh. De réir mar atá an cluiche ag dul ó neart go neart sa tír seo, táimid ag iarraidh an oiread airde agus is féidir a chinntiú do na himreoirí agus do na clubanna, agus is cuid thábhachtach de sin na cluichí a chraoladh ar theilifís náisiúnta.”

“Tá sé thar cionn ar fad go mbeidh cluichí ar siúl ar fud na tíre, agus tá socruithe déanta cheana féin chun cluichí a imirt i Sligeach, i nGaillimh agus i mBaile Átha Luain agus tá tuilleadh cluichí le socrú fós. Táimid ag tnúth go mór leis na cluichí agus le teacht ar lucht féachana níos leithne a bhuí le clúdach TG4.”
 
Tá trí cinn de na 10 cluiche deimhnithe cheana féin, agus is ag deireadh mhí Iúil a bheidh an chéad cheann ar siúl, nuair a bheidh na seaimpíní Shelbourne ag tabhairt cuairt ar The Showgrounds chun aghaidh a thabhairt ar Sligo Rovers.
 
CLUICHÍ DEIMHNITHE
30 Iúil – Sligo Rovers v Shelbourne, The Showgrounds, KO 18:35
13 Lúnasa – Galway WFC v Wexford Youths, Páirc Eamonn Deacy, KO 19:35
20 Lúnasa – Athlone Town v Peamount United, Staid Bhaile Átha Luain, KO 19:35
 

Teagmháil do na Meáin:

Brighid Breathnach | Spórt TG4 | brighid.breathnach@tg4.ie


Cuir aithne orainn: