Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Duais buaite ag Samhlú 2020 TG4 ag Féile na Meán Cheilteach 2022

09.06.22


 

Thug clár a choimisiúnaigh TG4 mórdhuais leis inniu ag Fhéile na Meán Ceilteach i Quimper sa Fhrainc. Bronnadh Torc don clár ealaín Samhlú 2020.
 
Déantar ceiliúradh i Samhlú 2020 ar an obair mhór a rinne ealaíontóirí le linn bhliain mhór na géarchéime leighis in 2020. I Samhlú 2020 bíonn muid ag fámaireacht le Tommy Tiernan agus ag baint lán na súl agus na gcluas as saothar ealaíontóirí de gach cineál ar stáitsí éagsúla. Léiriú le Fibín agus ceol nuachumtha le Bill Whelan. Más mian leat breathnú ar an clár in iomláin tig leat sin a dhéanamh ag an nasc seo; https://nasc.tg4.tv/Samhlú2020
 
Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-rannóga éagsúla faoi bhráid giúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús. Roghnaítear an scoth astu sin le dul san iomaíocht sa gcomórtas idirnáisiúnta. I Quimper sa Fhrainc atá Féile na bliana seo. (www.celticmediafestival.co.uk).
 
Deir Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont, “Is mór an t-ardú croí dúinn go bhfuil gradam chomh haitheanta le Torc ón Fhéile Cheilteach buaite ag Samhlú 2020 ag an bhféile seo, buaic na bliana do thionscal na teilifíse in Éirinn, Albain, An Bhriotáin, Corn na Breataine agus an Bhreatain Bheag.”
 
 

Teagmháil do na Meáin:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: