Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 ag ceiliúradh Comórtas Peile na Gaeltachta

Comórtas Peile na Gaeltachta ar TG4

31.05.22


 

#CPnaG
 
Blaisín:

 
Beidh TG4 i lár an aonaigh ag Comórtas Peile na Gaeltachta i Leitir Móir deireadh seachtaine na Cincíse. Den chéad uair riamh, mar príomhurraitheoir an chomórtais, craolfar gach cluiche a bheidh le himirt ar Pháirc an Mháimín ar ardáin TG4, idir TG4 agus cainéal Youtube Spórt TG4 agus beidh na cluichí ar fáil do lucht féachana ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4. Cuirfidh Micheál Ó Domhnaill na cluichí i láthair le tráchtaireacht ó Brian Tyers, Mac Dara Mac Donncha agus Cuán Ó Flatharta. Is iad Aodhán Mac Gearailt, Seán Óg de Paor, Rhona Ní Bhuachalla, Emer Gallagher a bhfuil sé chraobhchomórtas peile buaite aici, agus Caomhín Ó Casaide a dhéanfaidh anailís ar na cluichí.
 
Seolfar an fhéile go hoifigiúil sa Spórtlann oíche Dé hAoine an 3 Meitheamh ag 9pm agus craolfar an chéad chlár den tsraith nua Spórt Iris ón Spórtlann ag 9.55pm, á chur i láthair ag Dara Ó Cinnéide agus Gemma Ní Chionnaith.
 
Craolfar den chéad uair freisin Cluiche Ceannais Sinsir na mBan ar TG4 Dé Luain agus beidh Cluiche Ceannais Sóisir na mBan beo ar YouTube ar an Domhnach.
 
Beidh Nuacht TG4 ag tuairisciú ón gcomórtas agus beidh MOLSCÉAL ar an láthair i gcaitheamh an deiridh seachtaine agus beidh neart duaiseanna le tabhairt amach acu. Craolfar comórtas An Cailín Gaelach beo ar leathanach Facebook Molscéal https://www.facebook.com/MOLSCEALTG4/ oíche Dé Domhnaigh ón 9pm le fear an tí PJ Sonny Choilm Learaí.

Lean an comhrá ar ardáin meán sóisialta MOLSCÉAL agus Spórt TG4 trí úsáid a bhaint as an haischlib #CPnaG.
 

Na Cluichí:
 
Dé Sathairn 4ú Meitheamh

11:00 Cluichí Ceathrú Ceannais na bhFear – Sóisir Gaeil Bhostúin v Clann na nGael Beo ar YouTube Spórt TG4
13:15 Réamh Bhabhtaí na mBan – Sóisir Cumann Peile Naomh Anna v Na Gaeil Óga Beo ar YouTube Spórt TG4
15:00 Cluichí Ceathrú Ceannais na bhFear – Sinsir Baile Átha an Ghaothraidh v Bearna Beo ar YouTube Spórt TG4
17:00 Cluichí Ceathrú Ceannais na bhFear – Sóisir Buaiteoirí Réamhbhabhtaí A v B Beo ar YouTube Spórt TG4
19:00

Cluichí Ceathrú Ceannais na bhFear – Sinsir 1 v 2 (Réamh bhabhtaí thuas) Beo ar YouTube Spórt TG4

 

Dé Domhnaigh 5ú Meitheamh

11:00 Cluiche Leathcheannais na bhFear – Sóisir Páirc an Mhaimín Beo ar YouTube Spórt TG4
13:15 Cluiche Leathcheannais na mBan – Sinsir Cumann Peile Naomh Anna v Cill Chomáin Beo ar YouTube Spórt TG4
15:00 Cluiche Ceannais na mBan – Sóisir Páirc an Mhaimín Beo ar YouTube Spórt TG4
17:00 Cluiche Leathcheannais na bhFear – Sinsir Páirc an Mhaimín Beo ar TG4
19:00 Cluiche Leathcheannais na bhFear – Sinsir Cumann Peile Naomh Anna v Buaiteoirí C Beo ar TG4

 

Dé Luain 6ú Meitheamh

12:00 Cluiche Ceannais na bhFear – Sóisir Páirc an Mhaimín Beo ar TG4
14:00 Cluiche Ceannais na mBan – Sinsir Páirc an Mhaimín Beo ar TG4
16:00 Cluiche Ceannais na bhFear – Sinsir Páirc an Mhaimín Beo ar TG4

 
 

Teagmháil do na Meáin:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: