Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Scannán Gaeilge ar an ngearrliosta den chéad uair riamh don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr ag na Oscars

21.12.22

Tá An Cailín Ciúin i measc cúig scannán déag a fógraíodh inniu ar an ngearrliosta don chatagóir ‘Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr’ ag na Gradaim Oscars a bheidh ar siúl i Márta 2023. Roghnaigh IFTA an scannán i mí Lúnasa d’iontráil na hÉireann don chatagóir. Ó shin i leith tugadh cuireadh do bhaill an Acadaimh páirt a ghlacadh sa réamhbhabhta vótála agus bhí orthu féachaint ar na 15 scannán atá ar an ngearrliosta.
 
Scéal Cháit (Catherine Clinch) – cailín óg naoi mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe, mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh atá faoi chaibidil sa scannán An Cailín Ciúin. Cé go gcuireann bean an tí Eibhlín (Carrie Crowley) fáilte chroíúil roimpi, fanann fear an tí, Seán (Andrew Bennett) amach uaithi, agus íse uaidhsean, ach le himeacht ama tosaíonn a gcairdeas ag neartú. Go mall, faoi chúram na gCinsealach, bláthaíonn Cáit agus aimsíonn sí slí úr bheatha. Ach sa teach seo nár chóir aon rúin a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin.
 
Is é An Cailín Ciúin an chéad fadscannán ón scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad agus is í Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal a léirigh an scannán. Coimisiúnaíodh an scannán trí scéim Cine4 ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.
 
Tá breis is €1 milliún saothraithe ag an scannán An Cailín Ciúin ag oifig na dticéad, éacht den scoth i gcás scannán Gaeilge neamhspleách. D’éirigh go hiontach leis ag féilte idirnáisiúnta scannán, agus tá slám gradam buaite aige ón gcéad taispeántas ag Berlinale i mí Feabhra lena n-áirítear an chéad scannán Éireannach a bhfuil ainmniúchán faighte aige do scannán is fearr na bliana ag Ciorcal Léirmheastóirí Scannán Bhaile Átha Cliath, gradam don Chineamatagrafaíocht is Fearr ag Gradaim Scannán na hEorpa 2022 do Kate McCullough, agus seacht ngradam IFTA agus go leor eile ó Sydney go Colorado. Tá an-chion ag na léirmheastóirí ar an scánnán agus iad ar fad ag tabhairt 5 réalta dó.
 
Rachaidh an scannán ar aghaidh anois go dtí an chéad chéim eile sa phróiseas ainmniúcháin áit a roghnóidh baill an Acadaimh cúig scannán ó liosta laghdaithe iomaitheoirí na catagóire le cur ar aghaidh le bheith san iomaíocht ag Oscars 2023 a bheidh ar siúl ar an 12 Márta.
 
Ag labhairt faoi roghnú an scannáin don ghearrliosta, dúirt an Scríbhneoir/Stiúrthóir, Colm Bairéad agus an Léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal, an comhlacht léiriúcháin atá taobh thiar den scannán, “Tá ríméad orainn go bhfuil An Cailín Ciúin ar ghearrliosta an Acadaimh don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr agus táimid thar a bheith bródúil as bheith ar an gcéad scannán Gaeilge a bhfuil sé seo bainte amach aige. Lá stairiúil do scannáin Ghaeilge! Ní fhéadfaimis teacht chomh fada seo gan tacaíocht dhochreidte Fís Éireann/Screen Ireland, TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann agus ár ndáileoirí. Ba mhaith linn buíochas freisin a ghabháil le hAcadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann as a dtacaíocht agus a dtiomantas agus don lucht féachana a tháinig ina sluaite chun ár scannán a fheiceáil go dtí seo.”
 
Chuir Máire Ní Chonláin, Léiritheoir Feidhmiúcháin TG4 an scannáin fáilte roimh an dea-scéal ag rá: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Colm, Cleona, Catherine agus an chliar agus foireann ar fad ar an nuacht iontach seo. Tá TG4 chomh bródúil as an scannán gleoite seo. Is é an chéad scannán Gaeilge riamh a cuireadh ar ghearrliosta Oscar. Ba mhaith linn buíochas a ghlacadh le gach duine a thug tacaíocht dó ó taispeánadh ar dtús é mí Feabhra seo caite. Tá cáil ar leith tarraingthe ag An Cailín Ciúin ar scannánaíocht Ghaeilge, ar chruthaitheacht na hearnála agus ar scéim Cine4. Mo cheol sibh.”
 
Is éard a dúirt Alan Esslemont Ard-Stiúrthóir TG4, “Tá lúcháir orainn an dea-scéal seo a chloisteáil inniu agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Cleona agus Colm agus le gach duine a bhí páirteach sa scannán An Cailín Ciúin. Nuair a bhunaigh TG4 Cine4 le Fís Éireann agus an BAI, ba é an sprioc agus an fhís a bhí againn ná Oscar a bhuachan do scannán Gaeilge. Tugann nuacht an lae inniu dóchas dúinn go mbainfear amach é sin agus is mór an spreagadh é do gach duine atá ag plé leis an earnáil chruthaitheach teangabhunaithe go bhfuil muid ar comhchéim leis an earnáil chruthaitheach idirnáisiúnta.”

 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: