Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Ocht n-ainmniúchán do TG4 i nGradaim Torc Fhéile na Meán Ceilteach

31.03.22


 

Ainmníodh TG4 do ocht ngradam i nGradaim bhliantúla Barr Feabhais Torc Fhéile na Meán Ceilteach a fógraíodh inné. Tá an clár ealaíne Samhlú 2020 ainmnithe do ghradam ‘Spiorad na Féile’ chomh maith. Beidh Féile na Meán Ceilteach ar siúl go fisiciúil don chéad uair ó 2019 ar an láthair a bhí i ndán d’fhéile 2020 i gcathair álainn Quimper, sa Bhriotáin ón 7 – 9 Meitheamh.
 
Is iad seo a leanas na hainmniúcháin atá ag TG4:
 

Ealaín – agus ainmniúchán do ghradam Spiorad na Féile – Samhlú 2020

Déantar ceiliúradh i Samhlú 2020 ar an obair mhór a rinne ealaíontóirí le linn bhliain mhór na géarchéime leighis in 2020. Seo linn ag fámaireacht le Tommy Tiernan agus bain lán na súl agus na gcluas as saothar ealaíontóirí de gach cineál ar stáitsí éagsúla. Ceol nuachumtha le Bill Whelan.
 

Clár do Pháistí – SOL

Scannán é seo faoin suaitheadh a bhaintear as Sol nuair a fhaigheann a sheanmháthair, a raibh an-chion aige uirthi bás. Trí shúile an pháiste pléann an scannán le gnéithe éagsúla den dobrón (an geit, an tnúthán, an mearbhall agus an réiteach). Mar sin is ardú meanman a thugann Sol dúinn. De bharr aistear Sol agus gach a tharlaíonn dó lena linn, faigheann sé amach gur cumhachtaí an grá atá aige dá sheanmháthair ná an dobrón a chruthaigh a bás.
 

Cúrsaí Reatha – Misneach Tom Clonan

20 bliain ó shin, chríochnaigh Tom Clonan tráchtas dochtúireachta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus é ina Chaptaen sna Fórsaí Cosanta. Mar chuid den taighde, chuir sé agallamh ar trí scór saighdiúir mná. D’athraigh torthaí an taighde an shaol trí chéile agus 59 de na mná ag déanamh cur síos ar bhulaíocht, ar chiapadh agus ar ionsaithe gnéis.
 

Siamsaíocht Fhíorasach – Hector Éire Nua

Thug Hector camchuairt ar fud na hÉireann chun bualadh le daoine iontacha ó thar lear atá anois ag cur fúthu in Éirinn. Ón mBrasaíl go dtí an Congó, Ceanada go Ghana, ón Rúis go dtí an tSiria. Cé hiad fhéin? Cén fáth ar tháinig siad go hÉirinn? Conas mar atá ag éirí leo? An bhfuiltear ag caitheamh go maith leo in Éirinn? Tá siad seo ag cur athrú ar Éirinn mar is eol dúinn í.
 

Ceol Beo – Ómós Michael D @ 80

Clár speisialta in ómós don Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn a bhí anseo agus na ceithre scór bainte amach aige. Bhí filí, amhránaithe, ceoltóirí, scríbhneoirí, smaointeoirí agus damhsóirí ó ar fud an hÉireann i measc na n-aíonna. Rinneadh an tUachtarán, a fhealsúnacht agus a smaointeoireacht pholaitiúil a chomóradh trí ardán a thabhairt do roinnt d’aos dána na hÉireann, daoine atá ríthábhachtach dár leis féin. I measc na n-aíonna bhíVan Morrisson, Iarla Ó Lionáird, Tolü Makay, Rita Ann Higgins, Steve Cooney, Mary Robinson, Máirtín O’Connor, Gearóid Ó Tuathaigh, agus neart eile.
 

Drámaíocht Aonair – Doineann

Scannán mistéire. Peter Coonan, Bríd Brennan, Seán T. O Meallaigh agus Clare Monnelly príomhaisteoirí an scannáin. Faoi stiúir Damian McCann. Filleann léiritheoir teilifíse abhaile agus ní bhíonn dé ar a bhean ná ar a pháiste. Faigheann an t-aon Gharda ar an oileán amach go bhfuil rud éigin ar cois.
 

Gearr-Fhoirm – Na Debs

Scéal grá na Debs idir Gillian agus Séamus a léiríodh sa dráma seo a chraoladh ar ardán TikTok BLOC. Is faoin haishchlib #Fairytale a bhfuil tóir air ar Tik Tok a bhí an dráma. Craoladh an dráma ina míreanna ar Tik Tok thar roinnt laethanta. Is é an scríbhneoir agus stiúrthóir Philip Doherty, stiúrthóir cruthaitheach Samhlú 2020 a chruthaigh an dráma seo i bpáirt le daoine óga. Iarradh ar an lucht féachana a bheith páirteach agus a ndrámaí féin a chruthú agus clibeáil a dhéanamh ar @bloc_tg4 agus #Fairytale.
 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, “Tá ríméad ar TG4 ocht n-ainmniúchán a fháil ó Fhéile na Meán Ceilteach. Taispeánann na hainmniúcháin seo an raon clár atá ag TG4 atá léirithe ar ardchaighdeáin don lucht féachana. Táimid ag tnúth go mór le féile na bliana seo sa Fhrainc lenár gcomhghleacaithe ar fud na hEorpa chun an chuid is fearr de na Meáin Cheilteacha a cheiliúradh. ”
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: