Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Na rátaí is airde d’Fhleadh Cheoil na hÉireann ar TG4 ó bhí 2017 ann

10.08.22


 

Tar éis briseadh dhá bhliain, bhí Fleadh Cheoil na hÉireann ar ais sa Mhuileann gCearr, áit ar tosaíodh í i 1951. Chraol TG4 beo ón bhFleadh gach oíche ó Dé hAoine an 5 Lúnasa go dtí Dé Dómhnaigh an 7 Lúnasa ar feadh nócha nóiméad gach oíche. Bhí na láithreoirí Daithí Ó Sé agus Doireann Ní Ghlacáin i dteannta Peadar Ó Goill agus Maggie Carthy agus scoth ceoltóirí cumasacha na hÉireann, Martin Hayes, John Francis Flynn, Inni-K, Anúna, Liz Carroll, At The Racket, Kila, 3 On The Bund, agus neart eile ina measc.
 
Ba í Fleadh 2022 an Fhleadh Cheoil is mó lucht féachana ar TG4 ó bhí 2017 ann, agus tá sí ar cheann de na sraitheanna is mó ar éirigh léi ó thosaigh TG4 ag craoladh ó Fhleadh Cheoil na hÉireann in 2013. Chraol TG4 breis agus aon uair déag san iomlán ó Fhleadh Cheoil na hÉireann i mbliana, ceithre chlár ó na babhtaí ceannais cúige i mí Iúil ina measc sin.
 
D’fhéach 413,000 duine ar an tsraith ar an deireadh seachtaine ar TG4. Ba é clár oíche Dé Domhnaigh an 9 Lúnasa an clár ba mhó féachana, le sciar 9% den lucht féachana, agus d’fhéach 76,200 duine ar an meán air. Ba é 111,000 duine an líon ba mhó daoine a d’fhéach ar an gclár ag aon am amháin, agus é sin ag tarlú leathbhealach trí chlár oíche Dé Domhnaigh. Ghlac an pobal ar líne, ar áiríodh daoine ó gach cearn den domhan ann, páirt sa spraoi uile ar na meáin shóisialta, ag cruthú a gcuid ábhair TikTok féin agus ag úsáid na haischlibe #Fleadh2022. Tá an haischlib luaite breis agus 33 milliún uair, agus tugadh breis agus 2 milliún cuairt uirthi go dtí seo ar na hardáin meán sóisialta. Bhí comórtais na Fleidhe Ceoil á sruthú beo ar Sheinnteoir TG4 agus ar leathanaigh Facebook na Fleidhe Ceoil, agus d’fhéach breis agus 100,000 duine ar na sruthanna. D’fhéach breis agus 12,000 duine ar Fhleadh 2022 ar Sheinnteoir TG4 ar fud na cruinne. Is féidir breathnú ar an tsraith ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4: https://nasc.tg4.tv/fleadh2022
 
Thosaigh Fleadh 2022 le píosa nua ceoil, The Homecoming Suite, a chum an fidléir Gael-Mheiriceánach Liz Carroll, agus a thaibhigh Liz Carroll agus an ‘Fleadh Fiddle Orchestra’. Is í Liz an chéad duine de cheoltóirí traidisiúnta na hÉireann ar rugadh i Meiriceá iad a ainmníodh do ghradam Grammy, agus bronnadh gradam Chumadóir na Bliana uirthi ag Gradam Ceoil TG4 in 2011. Bhuaigh sí craobh Shinsear na hÉireann ar an bhfidil in 1975! Craoladh ómós tochtmhar don cheoltóir agus múinteoir Ashling Murphy ar chlár Dé Sathairn d’Fhleadh 2022.
 
Rinne Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 comhghairdeas le gach duine a raibh baint acu le rath Fhleadh 2022 agus dúirt “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a raibh baint acu le léiriú ilardáin Fhleadh 2022 in éineacht le TG4 i mbliana. Comhghairdeas le Comhaltas Ceoltóirí Éireann as an rath a bhí ar Fhleadh Cheoil na hÉireann arís i mbliana sa Mhuileann gCearr. Léiríonn Fleadh 2022 an chomhpháirtíocht leanúnach idir TG4 agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann trína bheith ag cur le ceol, le cultúr agus le pobal ar fud na cruinne. Mo cheol sibh.”

 

Teagmháil do na Meáin TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: