Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cúrsa san iriseoireacht do scoláirí idirbhliana á reachtáil Iriseoirí an Lae Amárach i Mí Márta

Iriseoirí an Lae Amárach
Cúrsa san iriseoireacht do scoláirí Idirbhliana a reachtáil ar líne ón 1-3 Márta 2022

24.01.22


 
Deis eisceachtúil foghlaim ó iriseoirí aitheanta na tíre
 
Don dara bliain as a chéile, reachtálfaidh TG4, OÉ Gaillimh agus Nuacht RTÉ an cúrsa, Iriseoirí an Lae Amárach le comhairle ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus ón Roinn Oideachais. D’fhreastal os cionn 400 dalta ar an gcúrsa seo anuraidh. Beidh deis ag scoláirí idirbhliana tabhairt faoi chúrsa nua iriseoireachta ar líne i mbliana á mhúineadh ag plúr na n-iriseoirí teilifíse, raidió agus digití.
 
Tá an cúrsa dírithe ar scoláirí in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ar fud na tíre agus beidh sé ar siúl ar an ardán Zoom idir 1-3 Márta 2022.
 
Glacfaidh an léitheoir nuachta le Nuacht TG4/RTÉ Eibhlín Ní Choistealbha páirt sa cheardlann ag tabhairt léargas ar an saol laethúil sna meáin. Tabharfaidh Comhfhreagraí Dlí RTÉ agus láithreoir na sraithe faisnéise Finné, ar TG4 Orla O’Donnell cuntas ar obair an iriseora sna cúirteanna coiriúla. Roinnfidh an t-iriseoir Shane Ó Curraighin ó 7Lá, TG4 a chuid scileanna agus a chuid taithí de bheith ag soláthar scéalta nuachta do chlár cúrsaí reatha. Beidh láithreoir Drivetime RTÉ Raidió a hAon, Cormac Ó hEadhra ag cur síos ar na ceisteanna crua a bhíonn aige gach tráthnóna. Tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, láithreoir an chláir Bladhaire ar RnaG agus An Cósta Thiar ar TG4 spléachadh ar obair an iriseora raidió, beidh an t-iriseoir agus léiritheoir Póilín Nic Géidigh ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ag caint faoi scéalta áitiúla a chlúdach. Clúdóidh an t-iriseoir Méabh Ní Thuathalláin TG4 agus iar-iriseoir clóite le tuairisc.ie na dúshláin a bhaineann le scéalta a sholáthar d’ardáin ar líne. Tabharfaidh eagarthóir nuachta le Nuacht TG4 Beirní Ní Chuinn léargas de obair an eagarthóra nuachta agus an fhreagracht a bhaineann leis.
 
Beidh léachtóirí sna meáin ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag roinnt a saineolas leis na scoláirí agus tabharfar léargas ar ghairmeacha leis na meáin ar an gcúrsa chomh maith.
 
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont: “Tá áthas orainn an cúrsa seo a bheith á rith don dara bliain as a chéile i gcomhpháirt le OÉ Gaillimh. Tá an iriseoireacht Ghaeilge mar bhunchloch lárnach do sheirbhís TG4 agus is réimse í ar mhaith linn a fhorbairt agus a spreagadh.”
 
Dúirt an tOllamh Brenadán Mac Suibhne, Stiúrthóir Léinn, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh: “Tá gnóthaí nuachta – gnóthaí bréag-nuachta, san áireamh – ina n-ábhar conspóide le cúpla bliain anuas, agus aird níos mó anois ag daoine ar fud an domhain ar thábhacht na hiriseoireachta i sochaí dhaonlathach ar bith. Cosán atá sa chúrsa, Iriseoirí an lae amárach ón scoil go dtí an ollscoil. Deis atá ann léargas ar leith a fháil ar shaol na hiriseoireachta go bhfeice scoláirí Idirbhliana an bhfuil siad ag iarraidh oibriú sa réimse sin nó nach bhfuil. Agus is deis fosta atá ann eolas níos mó a fháil fá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus saol na mac léinn cois Coiribe.”
 
Agus í ag fáiltiú roimh an dara bliain den chúrsa, Iriseoirí an lae Amárach, dúirt príomhfheidhmheannach COGG, Muireann Ní Mhóráin, “Cuirfidh an cúrsa seo gairm na hiriseoireachta faoi bhráid scoláirí na n-iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus cuirfidh sé ar an eolas iad faoi thábhacht iriseoireacht ar ardchaighdeán agus na deiseanna atá sna meáin d’iriseoirí le Gaeilge.”
 
Dúirt Stiúrthóir Cláir an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin), OÉ Gaillimh, Aodh Ó Coileáin: “Is minic a thug an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ‘gadhar faire an phobail’ ar ról tábhachtach na hiriseoireachta. Go deimhin, bronnann an Chúirt cosaint ar leith don phreas mar go bfhuil feidhmiú an daonlathais ag brath ar shaoirse an phreasa. Anois, níos mó ná riamh tá iriseoireacht chruinn, chothrom, neamhchlaonta de dhíth ar phobal na hÉireann.”

“Tá súil ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Nuacht RTÉ agus TG4 agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta go dtabharfaidh an cúrsa nua léargas do scoláirí Idirbhliana ar ról agus ar obair na meán agus go mb’fhéidir go spreagfaidh sé cuid acu tabhairt faoi ghairmeacha sna meáin amach anseo. Tá an fhírinne tábhachtach in aon phobal”
 
Tuilleadh Eolais agus Clárú don chúrsa: Déan teagmháil le peadar@cogg.ie le léirithe spéise agus nasc clárúcháin a fháil.
 
Is é Dé Luain 21 Feabhra an spriocdháta le clárú.

 
 

Teagmháil do na Meáin:

TG4: Deirdre Ní Choistin | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh: ed.carty@nuigalway.ie


Cuir aithne orainn: