Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

6 Ainmniúchán do TG4 i nGradaim Theilifíse RTS 2022

Sé ainmniúchán faighte ag cláir de chuid TG4 sna Gradaim Theilifíse RTS

22.03.22


 
Sé ainmniúchán ar fad a fuair cláir de chuid TG4 sna Gradaim Theilifíse RTS a fógraíodh inniu. Tugann na gradaim aitheantas do barr feabhais agus gaisce in earnáil teilifíse na hÉireann.
 
Ainmníodh Síle Seoige: Deireadh Tochta don CLÁR FÍORASACH AONAIR is fearr. Sa chlár faisnéise a léirigh Tyrone Productions, chíoraigh Síle Seoige, an cumha, an t-ábhar dóchais agus éadóchais, a airíonn daoine dá dtarlaíonn breith anabaí dóibh. Tá Seán Ó Riada Mo Sheanathair agus An Cuan ainmnithe sa chatagóir SAINCHLÁR FÍORASACH. Téann Doireann Ní Ghlacáin, garíníon le Seán Ó Riada ar a triail tuilleadh a fháil amach faoin bpearsa aitheanta a dheighleann daoine leathchéad bliain i ndiaidh a bháis. De réir mar a fhiosraíonn sí a cuid oidhreachta, trí shaol agus ré a seanathar a leagan amach, tugtar saol Uí Riada chun fíre trí aitheantas tochtmhar d’fhathach seo shaol cultúir na hÉireann. Léirithe ag Táin Media.
 
Tugtar léargas ar bhliain a caitheadh i gceann de na héiceachórais is aitheanta agus is uathúla in Éirinn – Cuan Bhaile Átha Cliath sa tsraith An Cuan atá léirithe ag Oddboy Media. Tá beagnach 1.5 milliún duine ina gcónaí i mBaile Átha Cliath, agus cé go bhfuil ceann de na calafoirt is gnóthaí san Eoraip le cósta Chuan Bhaile Átha Cliath, is Bithsféar ainmnithe ag UNESCO é chomh maith. Lán le beatha, idir fhiadhúlra agus dhaoine, is iomaí dúshlán atá os comhair an chuain, dúshláin nádúrtha agus dúshláin atá cruthaithe ag an duine féin – an éireoidh leis an dá shaol maireachtáil taobh le chéile.
 
Scéalta a bhaineann leo siúd a chuir iad féin sa bhearna bhaoil chun labhairt amach i gcoinne éagóir ina n-ionad oibre agus a shroich pointe gur chreid siad go mbeadh a saol iomlán scriosta de bharr nach raibh siad sásta fanacht ina dtost a insítear sa tsraith Misneach léirithe ag Midas Productions atá ainmnithe sa chatagóir SRAITH FÍORASACH.
 
Tá dhá ainmniúchán ag TG4 sa chatagóir do LEANAÍ; Mo Shaol, Do Shaol agus Na Debs. Sraith ina bhfuil beirt atá go huile agus go hiomlán éagsúil óna chéile ag babhtáil caitheamh aimsire agus saol ar feadh lá amháin AGUS tá dúshlán mór le baint amach acu roimh dheireadh an lae atá i Mo Shaol, Do Shaol, atá léirithe ag Macalla. Tá beirt iomaitheoir nua i ngach aon eagrán agus táimid ag díriú ar an réimse leathan do caitheamh aimsire atá ag daoine óga in Éirinn sa lá atá inniu ann.
 
Den chéad uair riamh, léiríodh dráma i nGaeilge don ardán Tik Tok mar chuid de Cruinniú na nÓg anuraidh. Tá Na Debs bunaithe ar scéal grá na Debs idir Gillian agus Séamus ag baint úsáid as an haishchlib #Fairytale a bhfuil tóir air ar Tik Tok. Craoladh an dráma ina míreanna ar Tik Tok bloc_tg4. Is iad Fíbín Media a léirigh, agus Philip Doherty a scríobh agus a stiúraigh i bpáirt le daoine óga.
 
Fógrófar na buaiteoirí tráthnóna Dé Máirt an 12 Aibreán ag ócáid speisialta i gCeoláras RDS i mBaile Átha Cliath, is í Bláthnaid Treacy i dteannta Nuala Carey a chuirfidh an ócáid i láthair.
 
Na hainmniúcháin:
 
1 – NA hAINMNITHE | Drámaíocht

Dalgliesh – New Pictures Ltd

Hidden Assets – Saffron Moon

Smother – Treasure Entertainment Ltd / BBC Studios
 

2 – NA hAINMNITHE | Siamsaíocht

BOWIE: Starman le Ceolfhoireann Coirme RTÉ – Ealaíona & Cultúr RTÉ

Ireland’s Fittest Family – Animo TV, Kite Entertainment Ltd

Last Singer Standing – ShinAwiL

Special Forces – Ultimate Hell Week – Motive Television

The Deirdre O’Kane Show – Kite Entertainment Ltd
 

3 – NA hAINMNITHE | Sraith Fhíorasach

MISNEACH – Midas Productions

Murder at the Cottage: The Search for Justice for Sophie – Hell’s Kitchen, Dare Films i gcomhar le Sky Studios

RTÉ Investigates – Who Am I? The story of Ireland’s Illegal Adoptions – RTÉ

The Case I Can’t Forget – Rare Television Ireland Ltd agus Green Inc Film agus TV Ltd

The Killing of Fr. Niall Molloy – Flawless Films
 

4 – NA hAINMNITHE | Clár Fíorasach Aonair

Keelin Shanley: Faraway, Still Close – Scratch Films Ltd.

Let the Rest of the World Go By – Angelo Films / Ponder

Síle Seoige: Deireadh Tochta – TYRONE PRODUCTIONS

The Irish Wedding – Atom Films

Tomorrow Is Saturday – GMarsh TV Productions
 

5 – NA hAINMNITHE | Spórt

17 Days in The Crucible – Proposition Films

Barney Curley: The Man Who Beat The Bookies – True Films

Finding Jack Charlton – Noah Media Group, Virgin Media, BBC

Horizon Tokyo – Brick Films

Rachael Blackmore: A Grand Year – Fifty-Three Six
 

6 – NA hAINMNITHE | Nuacht & Cúrsaí Reatha

Brexit, the protocol and the fallout 2021 – Sky News

Opening Another Year With COVID – Virgin Media News

RTÉ Investigates – Covid 19 The Third Wave – RTÉ
 

7 – NA hAINMNITHE | Beochan

Adam Saves Christmas – Kavaleer Productions

Bóin agus Beach – Paper Owl Films

Dagda’s Harp – Cardel Entertainment
 

8 – NA hAINMNITHE | Sainchlár Fíorasach

An Cuan – Oddboy Media

Jack B. Yeats: The Man Who Painted Ireland – Averner Films

My Tribe – Mo Threibh – Mind the Gap Films

Seán Ó Riada – Mo Sheanathair – Táin Media

Voices of Ireland – Red Shoe
 

9 – NA hAINMNITHE | Leanaí (Cláracha)

Critters TV – Turnip + Duck

Mo Shaol, Do Shaol – Macalla Teo

Na Debs – TicToc Drama – Fíbín Media

Nova Jones – Friends of Nova – JAM Meda

Royals Next Door – Ink and Light, Pikkukala Oy, Pikkukala ES & Walking the Dog
 

10 – NA hAINMNITHE | Siamsaíocht Fhíorasach

Eating With The Enemy – Animo TV Productions LTD

Gogglebox Ireland – Kite Entertainment Ltd

Home of The Year – ShinAwiL

REELING IN THE YEARS 2010-2019 – RTÉ

The 2 Johnnies Take on – Straywave Media Ltd
 
 

Tuilleadh eolais ar fáil ag: rts.org.uk/award/rts-ireland-television-awards-2022
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: