Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 le fáilte a chur roimh 200 toscaire ó ar fud na hEorpa ag Comhdháil Réigiúnach CIRCOM i gCathair na Gaillimhe

Comhdháil Réigiúnach CIRCOM le reáchtáil ag TG4 i gCathair na Gaillimhe ag deireadh mhí Bealtaine

18.05.22


 

Cuirfidh TG4 fáilte roimh bhreis is dhá chéad toscaire, a thiocfaidh go Gaillimh ó ar fud na hEorpa, le bheith páirteach i 38ú Comhdháil Réigiúnach CIRCOM idir an 25-27 Bealtaine. Is Cumann Gairmiúil de Theilifís Seirbhíse Poiblí Réigiúnach san Eoraip é CIRCOM. Is é ‘Réigiúin Chruthaitheacha, Geilleagar Cruthaitheach’ téama chomhdháil na bliana seo. Ar na hábhair a phléifear ag an gcomhdháil trí lá beidh Inbhuanaitheacht na hIriseoireachta, Réigiúin Chruthaitheacha: Geilleagair Chruthaitheacha, Aistriú Digiteach, Lucht Féachana Óg a Bhaint Amach, Clúdach sa Nuacht ar Chúrsaí Aeráide, Feiceálacht CSP agus an ról a fhéadfaidh craoltóirí seirbhíse poiblí réigiúnacha a bheith acu i dtaobh tionchar a imirt ar an mbeocht chultúir agus eacnamaíoch.
 
Is é TG4 an craoltóir is faide siar na hEorpa agus tacaíonn sé le fostú, forbairt agus inbhunaitheacht daoine cumasacha i réigiúin na hÉireann. De réir mar atá domhandú á dhéanamh ag domhan na meán cumarsáide de chraoltóirí réigiúnacha, tá áit ar leith ag scéalaithe réigiúnacha ina gcaomhnóirí agus ina gcrann taca i ndáil le luachanna cearta na craoltóireachta seirbhíse poiblí. Ní raibh oiread éilimh riamh ar ábhar clos-amhairc agus tá an luach atá ar na meáin seirbhíse poiblí níos airde ná riamh ainneoin athrú a bheith ag teacht ar nósanna féachana an lucht féachana.
 
Is éard a dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 “Déanaim comhghairdeas le gach duine i CIRCOM a raibh baint acu le príomhábhair chomhdháil na bliana seo a mhúnlú – Inbhuanaitheacht na hIriseoireachta, Réigiúin Chruthaitheacha: Geilleagair Chruthaitheacha, Aistriú Digiteach, Lucht Féachana Óg a Bhaint Amach agus Feiceálacht CSP. Is clár thar a bheith spéisiúil agus réamhbhreathnaitheach é seo agus táim ag súil go mór leis an bplé den scoth a dhéanfar. De réir mar atá saol meán cumarsáide s’againne ag domhandú agus ag éirí níos aonchineálaí, creidim go n-aistreoidh craoltóirí réigiúnacha agus scéalaithe réigiúnacha amach chun tosaigh ina gcaomhnóirí agus ina gcrann taca i ndáil le luachanna cearta na craoltóireachta seirbhíse poiblí.”
 
I measc na gcainteoirí ag an gcomhdháil beidh: Cormac Ó hEadhra ó RTÉ, an tAorthóir agus Podchraoltóir as Éirinn Blindboyboatclub, Tuairisceoir Sinsearach Nuachta i Vice World News Sophia Smith Galer, Nergiz Nora Westerbergh; Ceann Digiteach SVT News na Sualainne, Máirín Ní Ghadhra; RTÉ Raidió na Gaeltachta, Páidí Ó Lionáird; Nuacht TG4, Eibhlín Ní Chonghaile a bhíodh ag obair le Sky News agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Tomás Ó Síocháin Príomhfheidhmeannach Choimisiún Forbartha an Iarthair.
 
Tá go leor scríofa ag Victor Pickard, Ollamh le Beartas Meán Cumarsáide agus an Geilleagar Polaitíochta i Scoil Chumarsáide Ollscoil Pennsylvania ar an ról atá ag na meáin chumarsáide i sochaí dhaonlathach. Beidh seisean i dteannta Olaf Steenfadt atá i gceannas ar an Tionscnamh Iontaobhaithe Iriseoireachta in eagraíocht mhaoirseachta shaoirse an phreasa Reporters Without Borders agus Razan Ibraheem, iriseoir Éireannach-Siriach agus anailísí le Kinzen. Beidh an Dr Richard Burnley ón EBU agus Kate Biggs, Stiúrthóir ó Ofcom i dteannta Liam Boyle ón BAI chun beart a chinnteoidh feiceálacht na meán cumarsáide seirbhíse poiblí a phlé.
 
Is é John Newbigin OBE a thabharfaidh an t-eochairaitheasc ar an nGeilleagar Cruthaitheach. Tá John ina chomhairleoir speisialta ag Aire na Ríochta Aontaithe don Chultúr, an Ró-Onórach Chris Smith MP. Bhí baint mhór aige céad bheartais rialtas na Ríochta Aontaithe do thionscail na cruthaitheachta a fhorbairt sna 1990idí. Déanfar an t-ábhar mar is féidir le Craoltóirí Meán Seirbhíse Poiblí a chinntiú go gcoinnítear cúrsaí Aeráide ag barr an chláir a phlé le Erika Bjerström arb í an chéad duine í atá ceaptha ina Comhfhreagraí ar Chúrsaí Aeráide Domhanda in Swedish National Television (2020) agus Tara Peterman, iriseoir a bhfuil gradaim buaite aici agus Léiritheoir Feidhmeach chlúdach Athraithe Aeráide RTÉ.
 
Mar chuid d’imeachtaí na comhdhála, beidh iriseoirí páirteach i gcúrsa iriseoireachta 3 lá in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
 
Tá tacaíocht faighte ag 38ú Comhdháil Réigiúnach CIRCOM ó Údarás Craolacháin na hÉireann, Fáilte Ireland, Gréasán na Meán, Nuacht RTÉ agus Creative Media Europe.
 
Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo: https://www.circom-regional.eu/ac2022-programme
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: