Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 Ardghléine nó HD ar fáil do chustaiméirí Saorview in Éirinn

02.12.22


 
Tá áthas ar TG4 agus Saorview a fhógairt go mbeidh lucht féachana teilifíse Saorview in ann féachaint ar TG4 ardghléine ó inniu ar aghaidh mar go bhfuil an cainéal ar fáil i HD anois ar Saorview.

Cuirfidh TG4 HD eispéireas níos fearr ar fáil don lucht féachana agus bainfear sásamh as go háirithe agus iad ag féachaint ar chláracha spórt, imeachtaí beo, scannáin, cláracha siamsaíochta agus faisnéise ar ardchaighdeán. Is seirbhís náisiúnta teilifíse saor in aisce é Saorview. Bhí TG4 ar fáil ar Saorview ar chaighdeán an ghnáth-phictiúir (SD) ó bunaíodh Saorview in 2011.

Tá rogha mór ardán agus gaireas ann anois don lucht féachana ar féidir leo féachaint ar an teilifís. Le fógra an lae inniu, tabharfar tuilleadh rogha do lucht féachana TG4 mar is mian leo féachaint ar TG4. Tá TG4 ardghléine ar fáil anois ar gach ardán féachana, lena n-áirítear Saorview, Sky, Virgin Media, Vodafone agus Eir.

Is é Saorview ardán DTT saor go haer na hÉireann agus tá suas le 626,000 teaghlach ag baint úsáid as an tseirbhís, ar tithe 198,000 díobh sin le Saorview amháin. Is le RTÉ Saorview agus is iadsan a bhíonn á bhainistiú. Is é Saorview an branda don dá ilphléacs náisiúnta teilifíse atá ar RTÉ a sholáthar faoin Acht Craolacháin, 2009. Tógadh agus oibríonn 2rn (fochuideachta faoi lánúinéireacht RTÉ) an t-infrastruchtúr atá ann chun seirbhís Saorview a tharchur.

D’fháiltigh Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont roimh an bhfógra agus dúirt sé, “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Martin agus lena hoifigigh sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as an leithdháileadh breise a thug siad do TG4 chun TG4 HD a chur ar fáil ar Saorview. Tá soláthar seirbhísí HD riachtanach do mheáin seirbhíse poiblí ar ardán saor go haer ar nós Saorview mar go bhfuil HD anois mar ghnáthchleachtas craolacháin. Tá lucht féachana ag súil anois le hardchaighdeán ar gach ardán agus bainfidh lucht féachana TG4 sult as pictiúir den scoth agus cláracha ardchaighdeáin a chuireann TG4 ar fáil go leanúnach dá lucht féachana.”

Dúirt Bainisteoir Forbartha Gnó Saorview, Jim Higgins “Tá áthas orainn go bhfuil TG4 ar fáil in ardghléine ar ardán teilifíse digití saor go haer na hÉireann, Saorview, agus táimid ag súil le suim an lucht féachana i leith na forbartha seo.”

 

Teagmháil do na Meáin:

TG4: Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie
Saorview: Jim Higgins | Bainisteoir Forbartha Gnó | jim@saorview.ie


Cuir aithne orainn: