Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Fáiltíonn TG4 roimh fhoilsiú thuarascáil An Coimisiún um Thodhchaí na Meán.

12.07.22

Cuireann TG4 fáilte roimh na moltaí i dtuarascáil An Coimisiún um Thodhchaí na Meán do TG4 agus do na meáin Ghaeilge. De réir an tuarascála, ba cheart athbhreithniú cuimisitheach ar sheirbhísí na meán Gaeilge, ar rólanna TG4 agus RTÉ, agus ar Raidió na Gaeltachta. Moltar freisin go mbeadh smacht eagarthóireachta neamhspleách ag TG4 ar a sheirbhís nuachta.

Moltar gur chóir maoiniú poiblí de €44.7 milliún in 2022 agus €48.7 milliún in 2023 a thabhairt do TG4. Moltar freisin go mbeadh ar a laghad 25% de mhaoiniú na scéime ‘Fís agus Fuaim’ Údarás Craolacháin na hÉireann nó Coimisiún na Meán caite ar chláir Ghaeilge. Tá moltaí ann go mbeadh straitéisí forbartha don óige agus don oideachas Gaeilge agus go mbreathnófaí ar dheiseanna comhoibrithe agus comhpháirtíochta idir na meáin sheirbhíse poiblí.

 
Alan Esslemont
 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont agus é ag cur fáilte roimh fhoilsiú an tuarascála inniu, “Fáiltíonn TG4 roimh fhoilsiú thuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán agus an comhrá faoi na meáin seirbhíse poiblí in Éirinn. Fáiltímid go sonrach roimh an moladh go nglacfadh TG4 smacht eagarthóireachta neamhspleách ar Nuacht TG4. Seo aidhm sheanbhunaithe TG4 a neartóidh iolrachas na bhfoinsí nuachta in Éirinn. Fáiltímid freisin roimh an moladh go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar sheirbhísí meán Gaeilge. Mar sin féin, i bhfianaise an ualaigh oibre ollmhór atá ar an BAI agus iad ag aistriú go Coimisiún na Meán, níl sé soiléir cén uair a dhéanfar an t-athbhreithniú ar sheirbhísí meán Gaeilge agus céard iad na paraiméadair mhaoinithe a bheidh san athbhreithniú.

Léiríonn moltaí maoinithe na tuarascála féin arís easpa uaillmhéine an stáit i leith na Gaeilge, maoiniú poiblí TG4 socraithe ag níos lú ná an ceathrú cuid de mhaoiniú poiblí RTÉ agus ár maoiniú iomlán ag thart ar an deichiú cuid de láimhdeachas RTÉ. I bhfianaise stádas bunreachtúil na Gaeilge, ba cheart go mbeadh Éirinn ina ceannaire ‘is fearr sa rang’ i réimse na meán mionteanga ach tá sí i bhfad taobh thiar de go leor tíortha eile, An Bhreatain Bheag agus Tír na mBascach ina measc.

Is é an t-éacht aonair domhanda is mó a rinne Éirinn maidir le éagsúlacht teanga ná a cumas a teanga féin a sheachadadh ó ghlúin go glúin mar theanga bheo na dteaghlach agus na bpobal. Cé go bhfuil seasamh bunreachtúil ag an nGaeilge, feidhmíonn sí mar mhionteanga in Éirinn agus tá sí faoi bhrú mór ag leibhéal tarchuir idir-ghlúine na máthairtheanga sa Ghaeltacht agus ar fud na hÉireann. Más léir do phobal na Gaeilge nach bhfuil na meáin agus na healaíona Gaeilge le bheith maoinithe ach ag leibhéal den “dara nó tríú rang” i gcomparáid lena gcomhghleacaithe náisiúnta sa mhórtheanga, leanfaidh tarchur idirghlúine na Gaeilge ag lagú.”

Teagmháil do na Meáin:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | +861453527


Cuir aithne orainn: