Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Scannáin TG4 le taispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2022

23.06.22

Tá an-áthas ar TG4 go dtaispeánfar 5 cinn dá chuid tionscadal ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2022. Beidh TG4 agus Fís Éireann ag óstáil imeacht líonraithe ag an bhFleadh chomh maith Dé Sathairn, an 9 Iúil, do Léiritheoirí a bhfuil spéis acu in ábhar Gaeilge a chruthú. Tá an chéad scannán eile de chuid CINE4, Tarrac, le taispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana. Cuirfear Tarrac ar scáileán ag Amharclann Halla an Bhaile Dé hAoine an 8 Iúil ag 9pm.
 

 

Is dráma pearsanta carachtar-bhunaithe é Tarrac, atá suite i nGaeltacht Chiarraí. Filleann Aoife Ní Bhraoin abhaile chun cuidiú lena hathair, Brendán ‘An Béar’ Ó Briain, agus é ag téarnamh ó thaom croí. Réitíonn siad maith go leor lena chéile ó lá go lá. De réir mar a thosaímid ag tochailt níos doimhne, éiríonn sé soiléir gur fágadh go leor gan rá eatarthu faoi bhás mháthair Aoife. Ba iad Declan Recks a stiúir, Eugene O’Brien a scríobh agus Clíona Ní Bhuachalla a léirigh an scannán seo. Áirítear ar an gcliar Kelly Gough, Lorcan Cranitch, Kate Nic Chonaonaigh, Kate Finegan, Rachel Feeney & Cillian Ó Gairbhí. Tarrac – Galway Film Fleadh
 
Scannán eile ó stór Cine4Róise & Frank a thaispeánfar ag Amharclann Halla an Bhaile ag 6pm Dé Céadaoin an 6 Iúil. Is scannán teaghlaigh é Róise & Frank a bhfuil an-tóir air ag na féilte ó eisíodh é níos luaithe i mbliana. Ar na gradaim atá bainte amach ag an scannán go dtí seo, tá Gradam Chiorcal Léirmheastóirí Scannán Bhaile Átha Cliath, an gradam don Ensemble is Fearr ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath agus gradaim an Lucht Féachana ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Santa Barbara agus ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Sanoma araon. Is iad Rachael Moriarty agus Peter Murphy a scríobh agus a stiúir Róise & Frank, agus Macalla a léirigh. Tá dhá bhliain caite ó bhásaigh Frank, fear céile Róise. Agus í cráite ag an mbriseadh croí, tá Róise tar éis í féin a scoitheadh amach óna muintir agus ón bpobal. Le teacht madra mistéireach, a bhfuil rún aige caidreamh a dhéanamh léi, is cosúil, tá an chuma air go bhfuil athrú mór ar na bacáin. Ach an athrú chun feabhais a bheidh ann? Tá an madra an-tógtha leis an iomáint agus le stéig, tá a rogha cathaoireach uillinne aige i dteach Róise, agus tá gráin aige ar chomharsa Róise, Donncha. Scríbhneoirí: Peter Murphy & Rachael Moriarty. Léiritheoir: Cúán Mac Conghail. An Chliar: Bríd Ní Neachtain, Cillian Ó Gairbhí, Lorcan Cranitch, Ruadhán de Faoite, Michelle Beamish, Claire O’Connor, Peadar Cox & Deaglán de Paor. Róise & Frank – Galway Film Fleadh
 
Is scéim scannán Gaeilge é Cine4 a thugann Fís Éireann, Údarás Craolacháin na hÉireann agus TG4 tacaíocht dó.
 
Is iad Aisling Trí Néallaibh agus Cathair na Mílte Grian scannáin eile TG4 a thaispeánfar den chéad uair in Éirinn agus ar domhan ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana:
 
Aisling Trí Néallaibh – Amharclann Halla an Bhaile, an 7 Iúil ag 2pm – An Chéad Taispeáint. Is ionann Aisling Trí Néallaibh agus iniúchadh an-phearsanta ar dhomhan agus ar phróiseas cruthaitheachta Dhoireann Ní Ghríofa. Cuimhní, máithreachas agus an mhistéir a bhaineann leis an gcruthaitheacht is ábhar don scannán. Tugtar spreagadh cruthaitheachta Ní Ghríofa chun solais leis an scannán seo, a léirítear trí thaibhithe pearsanta dá cuid oibre féin mar aon le hagallaimh dhoimhne, agus téitear ar aistear léi go croí a cuid inspioráide: a baile féin i gCo. an Chláir. Arna mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon & TG4 trí scéim ilDÁNA. Stiúrthóir: Ciara Nic Chormaic. Léiritheoir: Sharon Whooley. Clouded Reveries – Galway Film Fleadh
 
Cathair na Mílte Grian – Amharclann Halla an Bhaile, Dé hAoine an 8 Iúil ag 2pm – An Chéad Taispeáint. Is ionann Cathair na Mílte Grian agus oilithreacht chineamatach lena ndéantar tionchair chultúir agus shíceolaíochta cogaidh a iniúchadh. Is dán é seo i bpáirt, agus marbhna i bpáirt chomh maith, lena ndéantar naisc idir dhá chathair atá i bhfad óna chéile, is iad sin Baile Átha Cliath agus Hiroshima. Baintear leas as oidhreacht shaibhir na scannánaíochta domhanda chun tumadh isteach inár gcomhchuimhne agus solas a chaitheamh ar an tráma a fágadh orainn uile mar shliochtaigh na ré adamhaí. Stiúrthóirí: Paula Kehoe & Feargal Ward. Scríbhneoirí: Paula Kehoe & Feargal Ward. Léiritheoir: Paula Kehoe. An Chliar: Marcus Mac Conghail, Kazuyoshi Meiki, Tristan Warner, Ailbhe Ní Ghearbhuigh (reacaire) & Rióna Ní Fhrighil. City of a Thousand Suns – Galway Film Fleadh
 
An Buachaill Gealgháireach – An Pálás, Dé hAoine an 8 Iúil ag 1pm. Is ionann An Buachaill Gealgháireach agus scéal suntasach amhráin nár insíodh roimhe seo. Baineann sé le hamhrán Éireannach dar teideal “The Laughing Boy” a scríobh Brendan Behan agus é ina reibiliúnach de dhéagóir, i gcuimhne reibiliúnach sáraitheanta eile, Mícheál Ó Coileáin – a bhfuil cothrom céad bliain ó bhásaigh sé á chomóradh i mbliana. Bhí saol suntasach drámatúil eile ag an amhrán seo mar “To Gelasto Paidi”, móramhrán cumhachtach frithbheartaíocht na heite clé i gcoinne na deachtóireachta a bhí i gceannas ar an nGréig ag deireadh na 1960idí agus ag tús na 1970idí. D’aistrigh an file Vassilis Rotas focail Behan go Gréigis agus chuir an cumadóir is cáiliúla riamh sa Ghréig, an laoch ceoil Mikis Theodorakis, ceol leo. Tá an-chumhacht chultúir ag an amhrán i gcónaí agus téann sé go mór i gcion ar mhuintir na Gréige fiú sa lá atá inniu ann. Stiúrthóir: Alan Gilsenan. Scríbhneoir: Theo Dorgan. Léiritheoirí: Kathryn Baird & Sheila Friel. An Buachaill Gealgháireach – Galway Film Fleadh
 
Óstálfaidh TG4 agus Fís Éireann imeacht líonraithe do léiritheoirí ag an gClub Rámhaíochta ag 2pm Dé Sathairn an 9 Iúil. Cuirimid fáilte roimh léiritheoirí, stiúrthóirí agus an lucht cruthaitheachta chuig an ócáid seo ina bhfógrófar ciste forbartha Gaeilge nua, ar comhpháirtíocht é idir Fís Éireann agus TG4. Is ciste é seo do léiritheoirí agus do chruthaitheoirí a bhfuil spéis acu i dtionscadal drámaíochta agus faisnéise.  Is deis a bheidh sa teacht le chéile neamhfhoirmiúil seo chomh maith do lucht an tionscail chun bualadh le foireann coimisiúnaithe TG4, chun smaointe a phlé agus síol caidreamh cruthaitheachta a chur, le cúnamh Dé, ar mhaithe le comhoibriú a dhéanamh amach anseo.  Fáilte roimh dhaoine a bhfuil smaointe acu!
Fáiltiú TG4 & Fís Éireann ag an Fleadh – Galway Film Fleadh
 
 

Teagmháil do na Meáin:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: