Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Éacht Stairiúil Den Chéad Uair: Baineann Scannán Lánfhada As Gaeilge ‘An Cailín Ciúin’ Duais an Grand Prix ag an Berlinale

16.02.22


 
Tar éis an Chéad Taibhiú ‘An Cailín Ciúin’ ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bheirlín, baineann scannán ‘An Cailín Ciúin’ Duais an Grand Prix of the Generation 14plus International Jury don Scannán Is Fearr.
 

Seo éacht stairiúil den chéad uair do scannán as Gaeilge agus é ag caint faoin duais dúirt Colm Bairéad, an Stiúrthóir:

“Ba fhíor-onóir é ár gCéad Taibhiú bheith againn ag an Berlinale i mbliana in aice leis an oiread sin scannán iontach mar chuid den chlár Generation Kplus. Is léiriú ollmhór gur bhain ‘An Cailín Ciúin’ an Grand Prix go ndearna TG4, Screen Ireland agus an BAI an cinneadh ceart ina bhfís maidir le scannánaíocht dhúchasach as Gaeilge agus a hacmhainn le síniú amach thar lear. Is mór an dea-theist álainn ar obair éachtach ár gcriú agus ár bhfoirne aisteoirí í, ar Chaitríona Clinse aoibhinn ach go háirithe, arbh í an solas í a threoraigh sinn trí dhéanamh an scannáin seo.”
 

Agus í ag caint faoi ghnóthú na duaise dúirt Désirée Ní Fhionnagáin, Príomhfheidhmeannach Fís Éireann/Screen Ireland:

“Comhghairdeas ó chroí le Colm Bairéad agus le foireann chruthaitheach an scannáin ‘An Cáilín Ciúin’. Táimid an-mhórálach gur thacaimid leis an scannán speisialta seo i bpáirtíocht le TG4 agus le BAI agus go bhfacthas stair á cruthú ag an Berlinale nuair ab é an chéad scannán lánfhada Gaeilge a taispeánadh ag an fhéile. Athbheodh léiriú scannán as Gaeilge le blianta beaga anuas, ag cothú guthanna nua agus éiritheacha a bhfuil scéalta uilíocha le hinsint acu.”
 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont:

“Comhghairdeas ó chroí le Cleona Ní Chrualaoi, Colm Bairéad agus leis an bhfoireann ar fad in Inscéal a d’oibrigh ar ‘An Cailín Ciúin’ as a sár-obair agus as an bhfáiltiú iontach a fuair an scannán ón lucht féachana agus léirmheastóirí araon. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe féin i TG4 agus lenár gcomhpháirtithe i bhFís Éireann agus an BAI as a dtiomantas leanúnach agus ceannródaíoch don scannánaíocht Ghaeilge. Arís eile tá an moladh idirnáisiúnta is airde faighte ag scéim Cine4 agus is teist shoiléir é seo ar chaighdeán na tallainne cruthaitheach agus ealaíonta atá ag obair trí Ghaeilge in Éirinn faoi láthair.”
 

Dúirt Neill Ní Rodaigh, Comhbhunaitheoir Break Out Pictures freisin:

“Is scannán thar a bheith tochtmhar, álainn agus cumasach é ‘An Cailín Ciúin’ agus tá ríméad orainn go bhfuil an fhoireann iomlán ag fáil an aitheantas atá tuillte go mór acu. Táimid ag dúil lena chur i láthair lucht féachana na bpictiúrlanna níos moille i mbliana.”
 

Insíonn ‘An Cailín Ciúin’ (The Quiet Girl) scéal Cháit (Caitríona Clinse) – girseach naoi mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe, mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh. D’ainneoin fáilte chroíúil ón bhean, Eibhlín (Carrie Uí Chrualaoich), d’fhan fear an tí, Seán (Aindriú Mac Beinéid) amach ó Cháit, agus íse uaidhsean, ach le himeacht ama thosaigh cairdeas ag neartú eatarthu. Go mall, faoi chúram na gCinsealach, bláthaíonn Cáit agus aimsíonn sí slí úr beatha. Ach sa teach seo nár chóir aon rúin a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin.
 

‘An Cailín Ciúin’ bunaithe ar an ghearrscéal ardmholta Foster le Clár Nic Aogáin, agus dráma casta, cigilteach is ea é faoi theacht in aois a dhéanann iniúchadh ar cheisteanna teaghlaigh, neamairt agus cumha trí shúile a phríomhcharachtair óig.
 

Is é ‘An Cailín Ciúin’ a osclóidh Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath ar 23 Feabhra.

 
 

Tuilleadh Eolais:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: