Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá Raon Scéimeanna nua Maoinithe fógartha ag TG4 i gcomhar le Fís Éireann agus Scáileán Thuaisceart Éireann chun infheistiú i nDaoine Cumasacha ar an Scáileáin

09.07.22

Tá áthas ar TG4, Fís Éireann agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann a fhógairt inniu ag Fleadh Scannán na Gaillimhe go bhfuil siad tagtha le chéile chun tacú le raon cistí nua forbartha Gaeilge, atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do dhaoine nua cumasacha atá ag teacht chun cinn.

Céim Eile dírithe ar dhrámaíocht teilifíse réamhscriptithe a fhorbairt, tacóidh Tús le gearrscannánóirí agus tá scéim nua fhíorasach gearrscannáin ar na bacáin chomh maith.

I scéim phíolótach ar leith, Céim Eile, cuirfear fáilte roimh iarratais lena bhforbairt do dhrámaí réamhscriptithe i gcomhair eipeasóid aonair 30 nóiméad le hinfheistíocht €420,000 i gceist. Cuirfear ocht dtionscadal ar ghearrliosta le ciste forbartha de €15,000 an ceann. Roghnófar trí thionscadal ansin le dul i mbun léiriúcháin a mbeidh buiséad €100,000 an ceann i gceist. Ní mór cainteoirí líofa Gaeilge a bheith páirteach in aighneachtaí don scéim Céim Eile fad a thacaítear le héagsúlacht daoine cumasacha ó chúlraí agus pobail éagsúla. Ní mór d’iarratasóirí dul i mbun comhpháirtíochta le comhlacht léiriúcháin a bhfuil taithí aige mar chuid den aighneacht chun bheith ábalta an scannán a thabhairt chun críche i gcéim forbartha agus i gcéim léiriúcháin araon.

Tá tionscnamh réamhscriptithe gearrscannáin, Tús 2022, fógartha freisin inniu. Is é aidhm an chomhthionscnaimh ‘Tús’ ná drámaíocht nua Ghaeilge a spreagadh, a chothú agus a chur chun cinn agus chun tacú le guthanna éagsúla cruthaitheacha a bhfuil Gaeilge acu ag tús a ngairmeacha. Tá an scéim dírithe ar ghearrdhrámaí idir 10 agus 12 nóiméad ar fad a fhorbairt.

Cuirfear deich smaoineamh ar ghearrliosta i dTús 2022 agus gheobhaidh gach ceann díobh táille forbartha €3,000. Déanfar trí cinn díobh sin ón ngearrliosta a léiriú agus buiséad €30,000 an ceann i gceist.

D’fhógair TG4, Fís Éireann agus Scáileán Thuaisceart Éireann tionscnamh fíorasach gearrscannáin inniu freisin chun cláracha faisnéise Gaeilge atá cruthaitheach agus uaillmhianach a fhorbairt le haghaidh eisiúint ag féilte, craolacháin agus ardáin dhigiteacha. Tacóidh an ciste le 8 dtionscadal faisnéise (tuairim is 10’ an ceann) agus tuairim is 6 x clár faisnéise atá 25 nóiméad ar fad a fhorbairt le maoiniú a chur ar fáil chun 3 x 10’ gearrscannán agus 3 x 25’ clár faisnéise teilifíse a léiriú. Tá infheistíocht iomlán €187,000 ar fáil don scéim.

Dúirt Mary Ellen Ní Chualáin, Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4: “Tá TG4 tiomanta do thacú le daoine cumasacha cruthaitheacha as Éirinn chun scéalta spéisiúla agus comhaimseartha Gaeilge a léiriú. Tá muid ag iarraidh níos mó ábhair Ghaeilge a fheiceáil ar an scáileán ag féilte agus ag eisiúintí amharclainne, chomh maith leis an ábhar sin a bheith ar fáil ar TG4 agus ar Sheinnteoir TG4 ar fud an domhain. Is deis é seo chun tacú le tionscadail nua chruthaitheacha agus iad a fhorbairt.

Dúirt Andrew Byrne, Teilifís, Fís ÉireannI ndiaidh dúinn infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt sraitheanna teilifíse Gaeilge anuraidh, tá ríméad orainn tacú tuilleadh le guthanna Gaeilge nua atá ag teacht chun cinn agus le héagsúlacht daoine cumasacha. Leis na tionscnaimh nua sin, beifear ábalta raon deiseanna a bhaint amach agus beifear ábalta dul i gcion ar an lucht féachana ar fad le scéalta barántúla, uaillmhianacha agus comhaimseartha. Is léiriú freisin é an infheistíocht i ngearrscannáin faisnéise Ghaeilge ar uaillmhian Fís Éireann sa seánra seo, a thugann ár mbeartas níos leithne le fios arís, is é sin infheistíocht a dhéanamh i ndeiseanna éagsúla seanchais a théann i gcion ar lucht spéise áitiúil agus idirnáisiúnta thar gach ardán”.

Dúirt Áine Walsh, Ceann ILBF, Scáileán Thuaisceart Éireann, “Ba chuid lárnach riamh de Chiste Craoltóireachta na Gaeilge é scileanna a fhorbairt san earnáil léiriúcháin Ghaeilge agus tá an-áthas orainn i gcomhpháirt le TG4 agus le Fis Éireann an tionscnamh seo a thabharfaidh deis do thalann nua forbairt agus léiriú a dhéanamh ar dhrámaí agus cláir faisnéise. Tá sceitimíní orainn a fheiceáil cad iad na scéalta agus tallann nua iontach a éireoidh as an gcomhpháirtíocht seo.

Tagann na scéimeanna nua seo sna sála ar an rath ollmhór a bhí ag Cine4, scéim fadscannáin TG4, Fís Éireann agus an BAI, agus an scéim Forbartha Drámaíochta Teilifíse ina bhfuil cúig thionscadal drámaíochta teilifíse comhaimseartha roghnaithe le go ndéanfar forbairt orthu.

Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag: tg4.ie/ga/coimisiuin/

D’fhógair TG4, Ardán agus Cathair Scannánaíochta na Gaillimhe freisin inniu an chéad ghearrscannán faisnéise TG4 / Ardán / Gradaim Mhaoinithe Gearrscannán.
Bronnfar maoiniú ar dhá fhoireann chun Gearrscannán Faisnéise Gaeilge a léiriú agus a chur ar fáil. Is féidir le foirne scannánaíochta ó Chathair agus Contae na Gaillimhe agus/nó scannáin atá léirithe i gCathair agus Contae na Gaillimhe iarratas a dhéanamh ar an ngradam.

Tá an sparánacht Ghaeilge dírithe ar scannánóirí atá ag teacht chun cinn / scannánóirí idirmheánacha, a bhfuil níos mó ná dhá chlár faisnéise curtha ar fáil acu go dtí seo. Tabharfar sparánacht €15,000 d’iarratasóirí ar éirigh leo chun cuidiú leo gearrchlár faisnéise idir 10 agus 19 nóiméad ar fad a dhéanamh.
Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo: tg4.ie/ga/coimisiuin/

Is éard a dúirt Alan Duggan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Ardán, “Tá muid fíorbhuíoch an scéim, Ceantar Scannán, seo a bhunú le TG4 i mbliana. Tugann ceapadh Cheantar Scannán UNESCO do Chathair agus Contae na Gaillimhe aitheantas d’oidhreacht fhada an cheantair i dtaobh cúrsaí scannánaíochta agus léiriúcháin teilifíse agus tá ríméad orainn leanúint leis an traidisiún iontach seo i nGaeilge le sparánacht gearrscannáin faisnéise Ardán / TG4 na bliana seo.

Teagmháil do na Meáin:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | +86145327
Louise Ryan | Marketing and Communications Manager | louise.ryan@screenireland.ie | +353 1 6451536


Cuir aithne orainn: